Ó DHÚCHAS: Ceacht faoin óige, an saol agus an bás

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais as bailiúchán Dúchas.ie. An tseachtain seo ceacht atá againn as Rann na Feirste do na Fianna agus dúinne...

Ó DHÚCHAS: Ceacht faoin óige, an saol agus an bás

Bhí Fionn Mac Cumhaill agus a chuid fear lá amháin amuigh ag seilg – lá gairid geimhridh. Bhí spéarthaí dúnta, dorcha ina luí anuas ar bharr na gcnoc. Teacht an tráthnóna dhruid ceo dlúth isteach ins na gleanntáin. Scaip na fir soir agus siar go dtí nár fágadh aon fhear ag Fionn ach Goll agus cúpla fear eile. Choinnigh siadsan greim ar a chéile i rith an ama. Shiúil siad leo fríd an sliabh, ag titim agus ag éirí, go dtí go raibh siad marbh sáraithe.

Fá dheireadh chonaic siad marbhsholas i ndoimhneacht an tsléibhe agus tharraing siad air fá deifre agus nuair a tháinig siad fhad leis caidé a bhí ann ach bothóg fód – bothóg bheag, bhídeach nach raibh áit suí ná seasamh inti.

Bhí doras cúng, íseal uirthi agus ba dheacair d’fhear chomh mór le Goll fáil isteach ar an doras chúng sin. B’éigean dó a ghabháil ar a cheithre boinn le fáil isteach. Ní raibh istigh sa bhothóg ach seanduine críon caite, uan caorach agus cailín óg. D’iarr siad foscadh an tí go maidin. Dúirt an seanduine nach raibh áit ag duine ar bith anseo ach iad fhéin. Dúirt siadsan nach rachadh siad amach go maidin, bíodh sé sásta nó míshásta.

Shuigh siad thart cois na tine agus thosaigh an comhrá. Bhí an t-uan scaoilte ar fud an tí agus ní raibh suaimhneas le fáil acu uaidh. Chuir Fionn ceist ar an tseanduine caidé ba chiall den uan a bheith scaoilte fríd a’ teach.
“Ceangail thusa é,” ars’ an seanduine, “más olc leat é bheith scaoilte.”
“Éirigh, a Ghoill,” arsa Fionn, “agus cuir an t-uan sa nasc.”

D’éirigh Goll de léim ina sheasamh agus bheir sé greim droma ar an uan.

Scoith an t-uan a ghreim agus bhog leis fríd a’ teach. Bheir sé athuair air agus rinne an t-uan an cleas céanna. Dhruid Goll leis an tríú huair go feargach, agus bheir lena dhá láimh air, ach ba mhaith an mhaise don uan é, dhruid sé leis an fhear mhór go colgach agus shín sé ar shlat chúl a chinn sa tine é. D’amharc na fir ar a chéile agus níor labhair ceachtar acu.

D’éirigh Goll go míshásta as cladach na tine agus shuigh sé ar a’ stól ar ais.

Bhí an cailín ina suí thiar i gclúdaigh [clúid] na móna agus bhí Fionn ag tabhairt a shúil uirthi anois agus arís. Fionn bocht. Bhí an chuid ab fhearr dá chuid laetha caite. Mar sin fhéin bhí dúil aige ins na mná. Dhruid sé in aice léi agus thug cogar di. Tharraing sise a lámh agus bhuail sí ar fhad a leicinn le bois é.
“Bí ar shiúl,” ar sise, “nuair a bhí mise agat níor shíl tú mórán díom.”

“Ní cuimhneach liom go bhfaca mé ariamh thú,” arsa Fionn, agus é chomh dearg le meadar fola.

“Chonaic tú mé,” ar sise, “agus leoga, ní raibh mórán measa agat orm.”

Thiontaigh Fionn ar shiúl uaithi go míshásta agus iontas air fán rud a dúirt sí leis.

Ag imeacht daofa ar maidin d’inis an seanduine míniú an scéil daofa. Dúirt sé gurb é an t-uan an saol agus urranta agus eile mar a bhí siad go bhfaigheadh an saol a gcloí agus a dtreascairt go fóill. Gurbh í an cailín óg an óige, agus nuair a bhí an óige acu gur beag a shíl siad di, agus ar sé, ‘is deacair ceann críonna a chur ar cholainn óig’. Dúirt gurbh é an seanduine, é fhéin, an bás agus gur ghairid uathu an t-am go mbeadh siad ina chlupaidí-sean.

Róise Ní Ghallchobhair, Rann na Feirste, a thóg an scéal seo ó Fheidhlimidh Mac Grianna

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ceacht faoin óige, an saol agus an bás'