Ó Dhúchas: Nuair a bheifeá i ndoras an Bhattery i Ros an Mhíl d’fheicfeá an t-iontas isteach uait…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An Battery, túr Martello i Ros an Mhíl, atá faoi chaibidil againn an geábh seo…

Ó Dhúchas: Nuair a bheifeá i ndoras an Bhattery i Ros an Mhíl d’fheicfeá an t-iontas isteach uait…

Deirtear gur in aimsir Napóleoin a rinneadh an Battery atá i Ros an Mhíl le cuan na Gaillimhe a chosaint.

Túr mór cruinn is ea é agus as clocha glasa (cloch aoil) atá sé déanta. Tá an balla ó dheas suas le hocht dtroithe ar leithead. Rinneadh an taobh ó dheas níos láidre ná an taobh ó thuaidh mar tá an fharraige ó dheas agus aneas ón bhfarraige a chaithfí na hurchair leis agus mar sin, níor mhór an taobh ó dheas a bheith an-láidir in aghaidh urchair dá dtagadh aon long chogaidh ar an gCuan.

Tá doras ard ó thuaidh suas le hocht dtroithe ón talamh. Tá dhá fhuinneog air agus ráillí iarrainn trasna iontu mar nach bhféadfadh aon duine a dhul isteach iontu. Tá leachta cloch suas go dtí an doras mar bíonn daoine ag dul isteach ag breathnú air. Tá bolta iarainn trasna in íochtar an dorais agus d’fhéadfá breith air agus tú féin a tharraingt suas agus a dhul isteach ann.

Nuair a bheifeá sa doras d’fheicfeá an t-iontas isteach uait. É an-chruinn os do chionn agus é an-domhain síos fút agus moirtéal caite ar an urlár. D’fheicfeá seomra roinnt bheag isteach uait ar a dtugtaí an ‘Black Hole’ agus thall ar d’aghaidh fuinneog isteach sa mballa agus nuair a thiocfá isteach san bhfuinneog sin, bheadh staighre casta romhat le ghabháil suas go barr. Ach nuair a bheifeá sa doras, ag dul isteach duit chaithfeá a ghabháil síos sé troithe nó mar sin, síos ar thaobh an bhalla agus gan agat le breith air ach cloch as an mballa agus bheadh sé deacair dhuit tú féin a ligean síos ar an urlár ach tá leachta beag cloch ar an urlár faoi do chosa.

Tá tobar istigh ann ach go bhfuil leac os a chionn. Thiocfá suas i mullach an tí bhig agus isteach sa bhfuinneog agus suas an staighre go dtí an barr. Tá gunna mór thuas ann agus tá na cosa iarrainn a bhíodh faoi caite ar an urlár. Bheadh cineál díog clocha timpeall ort agus é láidir ó dheas mar a dúras cheana.

Tá bior mór iarainn aníos fríd an urlár ar a mbíodh an gunna mór crochta agus d’fhéadfaí a aghaidh a chasadh ins gach ceard. Bheadh faitíos ort ar a bharr mar bheifeá chomh hard sin ón talamh. Tá luaidhe leáite idir na clocha atá sa mballa agus bioranna fríd na clocha á gceangal dá chéile agus mar sin tá sé an-láidir déanta.

Is as Árainn a tharraing na báid mhóra na clocha glasa agus bhíodh ‘windless’ á dtarraingt amach de bhord na mbád agus á dtabhairt suas fríd an gcladach agus suas go dtí an Battery.

Rug crúca den ‘windless’ ar éadach fhear as Tóin an Chnoic a bhí ag obair ann agus tugadh suas leath bealaigh é agus bheadh sé marbh murach gur fógraíodh ar an bhfear a bhí thuas an rud a stopadh agus scaoileadh anuas an fear a bhí i ngreim. Bhí fear in Árainn ag baint na gcloch agus mar a dúirt mé, na báid mhóra a tharraing as Árainn iad.

Tá fear i Ros an Mhíl agus deir sé go raibh a sheanathair ag obair mar shaor ag tógáil an Bhattery. Is é Tomás Mac Eoin an duine sin.

Bhí saighdiúirí as Sasana ina gcónaí sa mBattery ar feadh píosa fada agus bhíodar an-lách leis na daoine. Tá seantithe leagtha taobh thiar den Bhattery a raibh saighdiúirí ina gcónaí iontu. Chualas mo mháthair a’ rá go bhfaca sí féin iad agus an feisteas a bhíodh orthu – treabhsar dubhghorm agus straidhp dhearg síos fríd agus seaicéad dearg agus caipín agus speic ghorm air agus mullach dearg air agus an t-íochtar gorm. Chualas go leor seanmhná agus seanfhir ag rá go rabhadar féin ag damhsa oíche amháin ins an mBattery agus nach riabh a leithéid d’oíche riamh acu le spóirt agus spraoi.

Tá iníon le hoifigeach a bhí ann curtha i Reilig Mhaírois agus tá leacht breá uirthi. Nuair a d’imigh na saighdiúirí as tháinig Stiophán a’ Búrca agus a bhean ina gcónaí ann. Ba as Baile an tSléibhe Stiophán agus ní raibh aon teach aige agus chuaigh sé ina chónaí ins an mBattery. Bí sé ag ligint air féin gurb iad Sasana a chuir ann é le aire a thabhairt don áit. Tá garraí linne in aice leis agus bhí m’athair, beannacht Dé lena anam, agus triúr deartháireacha ag obair ann nuair a tháinig Stiophán len iad a chaitheamh amach. Dúirt sé go bhfuair sé scéala iad a chur amach. Leanadar é agus thug sé na cosa uathu isteach san mBattery.

Is dóigh go raibh beagán foghlama ar Stiophán mar scríobh sé go Sasana nó go Bleá Cliath ag súil le hairgead ag rá go raibh báisteach anuas air ann agus cuireadh as ansin uilig é. Bhí deartháir dó an-mhór leis na saighdiúirí a bhí ann agus deirtear dá ndéanfadh na daoine aon díobháil air go gcuirfeadh sé an dlí orthu.

Ní raibh aon duine sa mBattery ó d’imigh Stiophán as agus bhí báisteach anuas ann agus lobh an doras agus an t-áiléar. Bhí oibleagáid ar an ‘Waters’ (Coast Guards), dream a bhí san Stáisiún Cósta i mBaile an tSléibhe a ghabháil ag breathnú air gach lá. Chaithidís aol a chur air uair sa mbliain agus tá lorg an aoil fós air. Bhíodh soithí ag teacht ag breathnú air agus bhíodh sé geal le feiceáil acu isteach ón gCuan. Ach ar deireadh nuair a d’imigh na ‘Waters’ ní raibh mórán ag faire air uaidh sin amach. Baineann daoine clocha glasa le haghaidh tornóga as ach bíonn na Gardaí ag faire air.

Tá mé cinnte go bhfuil scéalta go leor eile ag baint leis an mBattery ach is  deacair iad a fháil cruinn ó na seandaoine atá i Ros an Mhíl anois.

Colm Ó Maoil Eoin (16), Tóin an Chnoic, Ros an Mhíl, Conamara

Fág freagra ar 'Ó Dhúchas: Nuair a bheifeá i ndoras an Bhattery i Ros an Mhíl d’fheicfeá an t-iontas isteach uait…'

  • Máire Ní Chonláin

    Cé leis anois é?