Cé gur bhásaigh Eoghan an Bhéil Bhinn i 1784 agus gan é ach 36 bliain d’aois bhailigh na daltaí i scoileanna Chiarraí sna 1930idí neart seanchais faoin bhfile iomráiteach.
Bhí madra ag Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin uair agus leanadh an madra an sagart go dtí an tAifreann gach Domhnach. Aon mhaidin amháin chonaic an sagart an madra ina dhiaidh agus tháinig fearg air chuige. D’iompaigh sé thar n-ais agus bhuail sé an madra leis an mbró agus mhairbh é. Nuair a chuala Eoghan an scéal dúirt sé an rann so:
A mhadra is ainnis iad do chúrsaí,
Go dtáinig-ís go dtí an Aifreann ar maidin le humhlaíocht,
Nó gur leagadh tú le barra-thruip ar do chúl siar síos,
Ach bás gan sagart ní bhfuair madra Eoghainín.
Bhí Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin ag na stáisiúin i dtigh dá chomharsain fadó. Nuair a bhí na daoine bailithe chun an Aifrinn tháinig an dá shagart agus chuaigh duine acu ins gach cúinne den dtig ag tabhairt faoistine uathu. Do tháinig Eoghan Ruadh eatarthu istigh agus thug a dhroim leis an adharta. Níor thaitnigh san leis na sagairt agus dúirt duine acu leis imeacht as san agus gan a bheith ag éisteacht le faoistin gach duine a thiocfadh. D’imigh Eoghan síos agus shuigh ar chúpla fód móna a bhí i mbun an tí. Tar éis tamaill thosaigh an tAifreann ach níor chuir Eoghan aon tsuim ann ná níor bhain sé de a chaipín i rith an Aifrinn. Tháinig na sagairt chuige agus d’fhiafraigh de cad é an sórt creidimh a bhí aige nó an gcreideann sé i nDia. D’fhreagair Eoghan é agus dúirt:
‘Ní hí an bhochtaineacht ba mheasa liom a bheith síos go deo,
Ach an tarcaisne a leanann í ná leigheasfadh leon,
Má tá an tAthair ceart mar aon leis an Eaglais,
Níl brí inár nglór, ach ní fearr dul go dtí an tAifreann ná suí ar an móin’.
Pádraig Ó Cathalláin a fuair ó Sheán Ó Cathalláin (58), Baile na nGall, Co Chiarraí
Bhí sagart ag dul ar ghlaoch ola chun duine a bhí ag fáil bháis. Ní raibh aon droichead thar an abhainn agus bhí ar an sagart dul trasna. “Tabhair thar abhainn mé, a Eoghain,” arsa an sagart. “Tabharfaidh mé,” arsa Eoghan. Chuir sé an sagart ar a dhroim agus nuair a bhí sé istigh i lár na habhann thosaigh sé ag luascadh ó thaobh go taobh, ag titim mar dhea. “Tá an diabhal féin ort, a Eoghain,” arsa an sagart. “Má tá,” ar seisean “is gairid a bheidh”, agus do chaith sé an sagart i lár na habhann.
Seán Ua Muircheartaigh, Tigh na mBocht, Cill Airne (as Gleann Chárthaigh ó thús)
Bhí sagart paróiste agus sagart óg ar an mbóthar lá. Conaiceadar Eoghan Ruadh ag teacht chucu. Dúirt an sagart óg go gcuirfeadh sé “Silence” air. “B’fhearr duit é scaoileadh thart,” arsa an sagart paróiste. “Is cuma liom mhuise,” arsa an sagart óg. Bhí an fiach dubh os a gcionn in airde ins an spéir agus “bhác bhác” aige. “Cad tá á rá aige?” arsa an sagart le hEoghan Ruadh. “Tá,” arsa Eoghan:
“Nuair a rachaidh an míol mór ar an Maing
Nuair a rachaidh an Fhrainc go Sliabh Mis
Nuair a thréigfidh an eaglais an tsaint
Sin í an uair a tiocfaidh an chaint don bhfiach dubh.”
Pádruig Ua Súilleabháin, Tigh na mBocht, Cill Airne (as Baile Ristín i gCorca Dhuibhne)
Eoghan ina Spailpín
Bhí Eoghan Ruadh ag baint prátaí i gContae Luimnigh tráth. Is amuigh i scioból éigin leis na ba a bhí an sórt leaba aige – tuí leabtha ar urlár an lochta agus balcais éadaigh caite anuas air. Cé go raibh an feirmeoir mustrach a dhóthain mar dhea dealraíonn sé ná raibh sé róghustalach mar ba mhinic a bhíodh na ba ag géimnigh leis an ocras aige.
Bhíodh Eoghan an-leisciúil gach maidin agus ba mhinic a thug sé uair an chloig uathu é a dhúiseacht. An mhaidin seo ach go háirithe bhí an feirmeóir ag glaoch ar Eoghan. “An bhfuilir id’ shuí fós?” ar seisean. “Airiú,” arsa Eoghan leis “dá mbeinn sa tuí is fadó a bheinn ite ag na buaibh.”
Eoghan agus an Garsún
Lá amháin nuair a bhí Eoghan ag siúl thart dó féin i gceantar na Faiche, bhuail garsún cabaireach leis. Labhair sé le hEoghan agus d’iarr pingin air. “Agus cé hé tusa?” arsa Eoghan. “Ní fheadar,” arsa’n garsún “ach deirtear gur mac le hEoghan Ruadh mé.” “An ndeir tú liom?” arsa Eoghan. “Bhuel an chéad bhabhtha eile a gcasfair liom, bhéarfaidh mé scilling duit.”
Céard a dhéanfadh an garsún tar éis scaradh leis ach an portach a thrasnú agus bualadh leis arís ar an mbóthar. Chuir sé ceist ar Eoghan an scilling a gealladh a thabhairt dó.
“Ní foláir nó gur mac d’Eoghan Ruadh thú mar ní chuimhneodh aoinne eile ar a leithéid de chleas,” arsa Eoghan ag tairiscint na scillinge dó.
Peig Bean Uí Chróinín, Ráithín, Co Chiarraí.
Fág freagra ar '‘Nuair a thréigfidh an eaglais an tsaint, sin í an uair a tiocfaidh an chaint don bhfiach dubh’'