Nuair a ghabhann tú isteach sna gearrscéalta seo, bíonn tú slogtha iontu

Ní hionann réim ná cúrsa ná ionad aon dá cheann de na scéalta i gcnuasach nua Dhaithí Uí Mhuirí, cnuasach a léiríonn go bhfuil an gearrscéal lán de bheatha i gcónaí

Nuair a ghabhann tú isteach sna gearrscéalta seo, bíonn tú slogtha iontu

Mná
Daithí Ó Muirí
Cló Iar-Chonnacht

Tá an chuma air go bhfuil an gearrscéal beo agus lán de bheatha i gcónaí. Bhí an tráth ann nuair a d’fhéachtaí ar an genre mar shos a ghlacadh scríbhneoirí chucu féin idir úrscéalta a bhreacadh, nó neachtar acu, iad a bheith róleisciúil le tabhairt faoin earra ceart. Ach tá scríbhneoirí ann arb é an gearrscéal a mbranar ceart dúchais agus a fhanann dílis dó in ainneoin mealladh na heachtra móire.

Duine de na daoine sin gan bhréag is ea Daithí Ó Muirí a bhfuil an teideal dúshlánach Mná (CIC €10) ar an gcnuasach scéalta is déanaí atá foilsithe aige. Cad ab áil le fireannach leabhar a scríobh inar mná na carachtair go léir ann i leataobh ó scáil lag na hinscne eile i bhfad uainn ó am go chéile? Nár dhána an mhaise uaidh é?

Bhuel, b’ea. Ach níor ghá dó aon chorrabhuais a bheith air, óir tá a thírdhreach féin cumtha aige le fada, áit inar féidir le rud ar bith titim amach, agus ina dtarlaíonn i bhfad níos mó ná mar a thugtar le fios. Is é sin, tá diamhaireacht meoin agus crithloinnir atmaisféir i bhformhór na scéalta seo, ionas nuair a ghabhann tú isteach ina lúib go mbíonn tú slogtha iontu. Níos iontaí ná sin, ní hionann réim ná cúrsa ná ionad aon dá cheann acu.

B’fhéidir gurb é ‘Sioc’ an scéal is simplí ar fad sa chnuasach, ach léiríonn mar is féidir le heachtra, nó le heaspa eachtraí, saol níos fairsinge a chomharthú. Duine ag siúl san aimsir fhuar, sioc ar an talamh, agus leac oighir ar an uisce. Casann daoine ar an insitheoir fan na slí, duine ag gearán faoi ríomhairí, duine eile ar iarchara nó seanleannán atá i gceist. Comhrá timpeallach guairdeallach ann as go scarann siad óna chéile, mar a tharlaíonn.

Ní raibh ann ach mar a thuairiscítear, ‘an sioc, an seangheata, an choinne, an clamhsán mór, an loch, an leac agus ansin bhí an choinne gan choinne ann…’ Fós féin, bhí tú ann, agus tá réalaithe chomh cruinn sin go bhfanann sé leat ar shlí a thugann le fios go bhféadfadh aon lá a bheith mar sin, neafaiseach ach ag tórmach le brí.

Bheadh sé furasta gan an ealaín, an tógáil, an cur le chéile a aithint, mura mbeadh a leithéid i bhfad níos soiléire in scéal ar nós ‘Taibhsí’, ina bhfuil mar a thugtar le fios sa teideal, is ea, taibhsí. Tá trí chuid sa scéal, gach ceann ag freagairt dá chéile go healaíonta in aon taipéis neamhuamach amháin.

Taibhsí de mháithreacha ag filleadh ar leanaí dá gcuid, gach duine díobh mar pháistí ach a bhfuil éalang éigin orthu go léir. I ngach aon chás cíortar an saol a bhí agus an saol atá, agus músclaítear an fhiafraí ionat cé acu an beo nó an marbh a d’fhoghlaim rud ar bith ón teagmháil.

Tá an diamhaireacht seo níos láidre sa chéad scéal féin, ar geall le fabhalscéal agus le scéal SF ag an am céanna é. Gabhann duine trasna ar dhroichead a bhfuil geis é a thrasnú – nach leor an méid sin le cineál an scéil a insint? – agus casann le bean óg a chuireann ceisteanna baotha agus gaoismheara in éineacht uirthi. Iarrtar uirthi féachaint in airde ar an spéir agus feiceann sí  ‘an domhan mar a bheadh sé i gceann míle bliain.’

Is scanrúil mar fheic é nach gá trácht a dhéanamh air anseo. Ach ní chuige sin an scéal ach chun an caidreamh guagach atá againn leis an rud gan tábhacht agus an rud is uafásaí amuigh a chur os ár gcomhair in insint samhlaíochta. Fanann an macalla leat, i bhfad tar éis duit an leabhar a leagadh uait.

Is é a bhuailtear isteach id aigne ná go bhfuil a dheimhinfhios ag Ó Muirí cad tá ar siúl aige i gcónaí, agus smacht aige air. Cuireann ‘Bean Bhéal Feirste’ mearbhall ort i dtosach, óir tá an chuma air nach bhfuil ann ach beirt ag bladar i dtaxi sa chathair mar gheall ar chúrsaí Gaeilge (!).

Bean taxi a thugann síob do chustaiméir a bhfaigheann sí amach ina thaobh go bhfuil Gaeilge aige toisc é a bheith ag portaireacht ‘Peigín Leitir Móir’ dó féin, seachas ‘Peigín Leitir Fraic’ a mbeadh craiceann eile air.

Is leor an méid sin féin le geit a bhaint asat ar a neamhdhóchúlacht, is iad beirt ag caitheamh anuas ar lucht an ‘cúpla focal’, díospóireacht atá cloiste againn go minic, ach ní go díreach mar seo.

Agus cé déarfadh nach bhfuil gaois sa mhéid a dúirt duine den bheirt, ‘D’fhéadfainn a rá go bhfuil an Ghaeilge polaitiúil ach nach bhfuil an Ghaeilge líofa polaitiúil, má thuigeann tú leat mé?’

Turas timpeall ar chuid den phlé seo atá sa scéal, cé gurb é an caidreamh neamhghnách idir an bheirt acu a phléascann amach ina rachtanna aoibhnis agus magaidh ceartlár an ghnó. Na léitheoirí Gaeilge nach léann rud ar bith sa Ghaeilge seachas ábhar a bhaineann le Gaeilge b’fhéidir go léifeadh siad an scéal Gaeilge seo.

Cad eile atá againn? Scéal buile eile a bhaineann le triúr ban óg amuigh ar a mbáire baoise oíche dá raibh, agus titeann isteach sa ghnáthdhrochchomhluadar fireann, fág go bhfuil siad go léir ag fiach is ag foghlaeireacht. An comhrá tá go paiteanta agus ar an sprioc, dar lem chluasa féin. Ach ní tharlaíonn in aon chor an rud a bhfuil tú ag coinne leis, ach eachtra eile nach mór as aer na hoíche.

Agus sin bua eile fós atá ag Daithí Ó Muirí. Scaoileann sé an téad leat, ach nuair a tharraingíonn tú air is breac nó gliomach eile ar fad atá agat, má bhíonn a leithéid d’iasc riamh ar cheann téide.

Mura mbíonn, tá anseo.

Fág freagra ar 'Nuair a ghabhann tú isteach sna gearrscéalta seo, bíonn tú slogtha iontu'

  • WTF

    Clúdach fíor-spéisiúil freisin. Mionléirmheas ó GRosenstock, b’fhéidir?