‘Nuair a bheas Corn Uí Riada thart déanfar cúpla steip ag Club na Féile cé nach bhfuil na cosa chomh súpláilte is a bhí!’

Agus Oireachtas na Samhna buailte linn, chuir Tuairisc ceist ar roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le mórfhéile na nGael. An ceoltóir, craoltóir agus pearsa raidió na bliana, Neansaí Ní Choisdealbha atá linn an iarraidh seo

‘Nuair a bheas Corn Uí Riada thart déanfar cúpla steip ag Club na Féile cé nach bhfuil na cosa chomh súpláilte is a bhí!’

Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Tá cuimhne a’m a bheith ag casadh ag seisiún ceoil sa bPoitín Stil i 1976 le linn don Oireachtas a bheith ar siúl ansin. Bhí mé an-óg ag an am agus ní raibh mé i bhfad ag casadh ceoil ach tá cuimhne mhaith a’m air agus ar an gcoirm cheoil a bhí sa halla ina dhiaidh leis an ngrúpa Aileach – feicim fós i m’intinn Dinny McLoughlin, bail ó Dhia air, ar stáitse ag casadh an fhidil agus ag damhsa ag an am céanna – ní raibh a leithéid feicthe a’m roimhe sin agus ina dhiaidh sin bhí céilí mór na féile sa halla leis an Tulla Céilí Band as Co. an Chláir – bhí iontas an domhain orm iad a feiceáil beo beathach tar éis a bheith ag éisteacht leo roimhe sin ar an gclár Céilí House.

Neansaí – Bíonn chuile dhuine chomh sásta a bheith ansin. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc


An rud is fearr faoin Oireachtas:

Sé an rud is fearr faoin Oireachtas ná castáil le cairde agus daoine nach bhfaca tú le tamall fada agus aithne a chur ar chairde nua as na Gaeltachtaí ar fad. Bíonn chuile dhuine chomh sásta a bheith ansin – is cinnte gurbh é ceiliúradh mór na nGael é.

An rud is measa faoin Oireachtas ……..

Maidin Dé Domhnaigh nuair atá sé ar fad thart agus caithfidh tú aghaidh a thabhairt ar an saol mór arís.

Cill Airne arís?

Tá buntáiste ag baint le Cill Airne ar bhealach mar go bhfuil chuile dhuine in áit amháin agus is féidir leat do charr a pháirceáil agus dearmad a dhéanamh uirthi go bhfuil sé in am aghaidh a thabhairt ar an mbaile! Sin ráite bheadh sé go hiontach an tOireachtas a bheith ar siúl sa nGaeltacht uair eicínt arís, le cúnamh Dé..


Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas

Bain sásamh as chuile rud agus déan neart cairde nua – agus ná bíodh faitíos ort stéibh a rá!


Club na Féile nó Corn Uí Riada?

B’onóir mhór domsa Corn Uí Riada a chur i láthair anuraidh den chéad uair agus beidh mé á chur i láthair arís i mbliana. Is é comórtas an Choirn buaicphointe an Oireachtais agus tá sé mar cheann de bhuaicphointí craolta Raidió na Gaeltachta chomh maith, agus bhí ar feadh na mblianta. Is cuimhneach liom a bheith ag éisteacht leis na comórtais sean-nóis ar an raidió ó na 70óidí i leith agus is iontach an rud a bheith ag éisteacht le hamhránaithe breátha sean-nóis ó chuile chúinne den tír. Níl a leithéid ar fáil ag aon fhéile eile sa tír. Nuair a bheas an comórtas thart ansin,déanfar cúpla steip ag Club na Féile cé nach bhfuil na cosa chomh súpláilte is a bhí tráth den tsaol!


Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Bheadh sé go deas b’fhéidir tuilleadh de na comórtais cheoil a thabhairt ar ais arís. Ghlac mé fhéin páirt i gcomórtais cheoil an Oireachtais sna 80idí agus 90idí agus bhíodh réimse leathan acu ann – feadóg, fliúit, grúpaí ceoil, bannaí céilí srl. ach tá sé éasca a bheith ag caint ach ní chaitheann an chaint an t-éadach.


Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Meangadh gáire ar chuile aghaidh!


Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Nuair atá dualgas oibre ort ag an Oireachtas ní fhéadfaidh tú na maidí a scaoileadh le sruth…mar sin neart uisce agus a dhul a chodladh go luath (seans nach dtarlóidh sé!)


Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Caithfidh mé a rá gur bhain mé fíorshásamh as Oireachtas 1987 sa Daingean. Bhí scoraíocht againn an bhliain sin a scríobh Joe Steve Ó Neachtain agus bhí an oiread spraoi agus gáire againn ar fad. Bhí Bannaí Céilí againn sa gcomórtas an bhliain sin freisin agus bhí Johnny Phádraig Phíotair linn agus bhí muid faoi stiúir Mhícheál Ó hEidhin. Bhí neart oícheanta cleachta againn don bhanna agus don scoraíocht roimh ré agus mar sin bhí muid bíogtha ag dul ag an Oireachtas. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an spraoi a bhí againn ar fad. Beannacht Dé le hanamacha na marbh.

Fág freagra ar '‘Nuair a bheas Corn Uí Riada thart déanfar cúpla steip ag Club na Féile cé nach bhfuil na cosa chomh súpláilte is a bhí!’'