NUAFHOILSITHE – súil ar na leabhair Ghaeilge is déanaí a foilsíodh

Ó chnuasach filíochta nua le hAogán Ó Muircheartaigh go gearrscéalta nua le Cóil Learaí Ó Finneadha, níl aon ghanntanas ábhar léitheoireachta nua orainn an mhí seo

 

Nua-Foilsithe

Filíocht

oscionnIs é Os Cionn Talún (Coiscéim €7.50) an tríú cnuasach filíochta le hAogán Ó Muircheartaigh ó ghnóthaigh Oíche Ghréine duais an Ríordánaigh. ‘Sáite i stair agus sánas na bhfocal’ atá sé sa chnuasach seo, mar a léirítear ‘tuiscint do chás an duine’, idir ghéim agus dólás, ghrá agus dóchas.

Craoltóir den scoth é Aogán a bhfuil an dúchas go smior ann, agus duine ar bith a thug cluas dá chuid cainte in imeacht na mblianta, tuigfidh sé a shaibhre is a fhileata is atá an chaint chéanna. Is í an chaint sin atá le léamh sa saothar seo. Faoi mar a dúirt file eile, Máire Mhac an tSaoi, “nuair a bheidh rud ráite chun a thola ag fear Dhún Chaoin, is filíocht an rud san”. Ní hiontas linn, mar sin, gur i nDún Chaoin atá cónaí ar Aogán le fada an lá.

Mar a dúirt William Carlos Williams, is deacair ‘nua-cht’ a fháil ón bhfilíocht, ach cailltear a lán daoine faoi bhráca na hainnise gach aon lá de bharr easpa na filíochta sin. “Nach breá dhúinne anois é”, a deir Aogán linn, gur féidir linn í a bhlaiseadh inár mbeatha, “sinne atá os cionn talún, agus bliain eile chughainn”.

Fear eile atá ag cur faoi in iarthar Duibhneach is ea an Baile Átha Cliathach Simon Ó Faoláin, ar seoladh leabhar nua filíochta dá chuid, Fé Sholas Luaineach sa Daingean le déanaí. Tá duaiseanna bronnta ar an bhfear seo cheana as feabhas na filíochta aige sa chnuasach Anam Mhadra, agus as an gcéad dráma leis, An Poll.

Prós

‘Má tá feall á imirt ar aon scríbhneoir Gaeilge i láthair na huaire, is é Pádraig Breathnach é,’ a dúirt Liam Mac Cóil ar Comhar tráth. Ní foláir gur féachadh leis an bhfeall sin a chur ar ceal leis an gcnuasach Rogha Scéalta (Cló Iar-Chonnacht, €15), arb é atá ann ná ceithre scéal is fiche in aon bhailiúchán amháin. Tá roinnt scéalta nua curtha leis, chomh maith le réamhrá critice le Brian Ó Conchubhair.

Tá plé ar chás na bhfear ann, ar bhail na tíre agus a thuilleadh ábhar nach iad, agus iad inste i bprós álainn, dúchasach, deirtear linn.

Cur síos bríomhar ar an mbliain dhúshlánach, chorraitheach a thug Mháirtín Ó Muilleoir Mhéara Bhéal Feirste atá sa leabhar Paidir do Bhéal Feirste (Coiscéim, €10). Seo cuntas, ina chuid focal féin, ar a aistear ó thús deireadh na bliana sin.

Macallaí na Cásca 10Is é Macallaí na Cásca 10 – Anois nó Riamh: An tÉirí Amach i Laois ó Dhomhnach Chásca 1916 (Coiscéim €7.50) le Micheál Grae an chéad ghála eile sa tsraith aistí Macallaí na Cásca ar cuireadh tús leis sa bhliain 2006 le sé leabhar; 1916: Leathréabhlóid – Paradacsa ait na Gaeilge le Tomás Ó Síomóin; Ó Thoirtis go Tíogar le hAntóin Ó Muircheartaigh; In Eagmais Uí Chongaile le hAindrias Ó Cathasaigh; Na Priompalláin le Pádraig Ó Snodaigh; Loch Garman agus Éirí Amach 1916 le Risteárd de Róiste; agus An Réabhlóid mar Ghníomh Dínite le Alan Titley (2007).

Sraith atá ann a thugann tuiscint bhreise don léitheoir ar stair Éirí Amach na Cásca 1916 agus ar an tréimhse a bhain leis. Tá cur síos anseo ar ghaiscíocht Óglaigh Laoise, a chuir tús leis an réabhlóid, agus go háirithe imeachtaí réabhlóideacha athair an údair a ghlac ballraíocht leo i 1914.

2015.03antiogarGearrscéal do leanaí atá in An Tíogar agus a Mhadra (Coiscéim) le Mícheál Ó hUanacháin.

Scéal é faoin tíogar Tadhg, atá an-mhór le Ian an madra.

Maisithe go gleoite ag Sinéad Ní Uallacháin, Banríon na Siamsaíochta ar Cormac ag a Cúig ar RnaG.

Léargas atá san bhfoilseachán Scríbhneoirí Cois Teorann (Coiscéim, €7.50) ar a bhfuil ag tarlú i scríbhneoireacht na Gaeilge sa chuid sin den iarthuaisceart a dtagann Liatroim, Fear Manach agus an Cabhán le chéile ann. D’eascair sé as ceardlann a reáchtáladh cúpla bliain ó shin sa Gyreum i mBéal Átha na gCarraigíní, Co. Shligigh.

Ar na scríbhneoirí aitheanta a bhfuil saothair leo sa bhailiúchán seo, tá Séamas Mac Annaidh, Pádraig Mac Diarmada agus Seosamh Mac Muirí. Bunáite na scríbhneoirí eile, níor foilsíodh saothair i nGaeilge leo cheana.

Foilsíodh ‘An Gleann agus a Raibh Ann’ (Arlen House) den chéad uair i 1968 sa Chaighdeán Oifigiúil. Tá teacht anois ar an leagan canúnach de, agus ina theannta sin, tá aistriúchán Béarla déanta air ag Mícheál Ó hAodha.

Cuimhní cinn Shéamais Uí Mhaolchathaigh atá sa leabhar seo. Léargas ar Ghaeltacht agus ar chanúint nach ann dóibh níos mó agus deis anois ag lucht an Bhéarla spléachadh ar an gcineál saoil a bhíodh in iarthar Phort Láirge agus i ndeisceart Thiobrad Árann. Tá cuntas ar ghnéithe de shaol na tuaithe anseo a bhfacthas do dhaoine roimhe seo nár cheart labhairt orthu ná iad a chur i gcló. Ba ghéar an tsúil a bhí ag an údar agus ní chuireann sé aon fhiacail sa mhéid a scríobhann sé anseo.

Go deimhin, más í an fhírinne shearbh atá uait, ní gá dul níos faide ná ‘An Ghlan-fhírinne’ (Cló Iar-Chonnacht, €10) le Cóil Learaí Ó Finneadha. Ina dhiaidh sin féin, deirtí nach gá don scéalaí “leanacht ródhlúth don fhírinne” agus admhaíonn an t-údar anseo go neamhbhalbh nach bhfuil aon chinnteacht aige arbh í an fhírinne nó an bhréag a bhí ag baint le go leor de na heachtraí agus na pearsana a bhfuil trácht orthu sa leabhairín álainn seo. Caint na ndaoine go smior atá le fáil ann agus é an-éasca go deo le léamh.

na_comharthaSuite sna blianta 2008-09 in Éirinn, i bPáras agus sa Tuirc, is úrscéal é Na Comharthaí (Cló Iar-Chonnacht, €18), le Darach Ó Scolaí, ina n-insítear scéal Jó, buachaill cúthail atá tugtha don fhéinscrúdú agus a mbíonn a chomhscoláirí ag piocadh air go minic. Mar fhreagra ar an gciapadh seo, déanann Jó uirísliú air féin agus tríd an umhlaíocht, tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin. Údar misnigh dó an tuiscint nuashealbhaithe seo aige air féin agus neartaithe ag an méid sin, téann sé ag póirseáil i stair a chineáil agus creideann gur duine de shliocht na ‘nGiollaí Rí’ ó thús ama é, rud a thugann cumhachtaí ‘dorcha’ dó agus ag éirí níos sine; cumhachtaí ‘a thiomáineann ar thuras miotasach é i dtromluí iar-nua-aoiseach’. “Téacs dúshlánach é seo a phléann go muiníneach leis an intleacht dúchais agus a dhéanann scagadh sofaisticiúil ar fhlaitheas cultúrtha, téama na géillsineachta agus bua na healaíne,” a dúirt Dónall Ó Braonáin ar Tuairisc.ie.

Turas de shaghas eile a ríomhann Ó Scolaí in ‘Oileán an Órchiste’ (Leabhar Breac, €15), an leagan Gaeilge de ‘Treasure Island’, atá aistrithe ag Ó Scolaí féin. Aistear farraige atá sa treis an uair seo, ar ndóigh, agus úrscéal Robert Louis Stevenson á insint i nGaeilge den chéad uair riamh. Áirítear Treasure Island ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal spleodrach Jim Hawkins atá ann, déagóir a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver. “Luíonn an leagan Gaeilge de leabhar cáiliúil Robert Louis Stevenson go réidh leis an traidisiún dúchasach scéalaíochta. Níl an scéal casta agus coinníonn tú ort ag léamh,” a scríobh Pól Ó Muirí ar Tuairisc.ie.Oileán an Órchiste

Is leis an teach foilsitheoireachta céanna ‘Corto – An Teach Órga i Samarkand’ (€12), scríofa ag Hugo Pratt. Úrscéal grafacach é seo atá maisithe go máistriúil ag Cong S.A. agus Patrizia Zanotti.

Tá Corto ar oileán Ródas agus ar lorg órchiste Alastair Mhóir na Macadóine. Ach ní heisean an t-aon duine atá ar a thóir. Ar a shlí soir go dtí an Tuircméanastáin, socraíonn Corto cúnamh a thabhairt do Raspúitín, príosúnach atá á choinneáil i dTeach Órga brúidiúil Shmarkand. Níl an scéal ach ina thús nuair a chabhraíonn Corto le Raspúitín éalú ón bpríosún…..

i_dtr_strainsartha_xxIs é I dTír Strainséartha (Leabhar Breac, €15) le Liam Mac Cóil an dara leabhar i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha úd tar éis Theitheadh na nIarlaí.

Tá Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh ar airm Rí na Spáinne filleadh ar Éirinn agus cumhacht Shasana sa tír a chloí. Cuireann laoch an scéil, Lúcás, chun farraige agus feallmharfóir rua an namhad, an Sionnach tiomanta díocasach, ar a thóir.

Bronnadh duais an Oireachtais ar an údar as an leabhar seo anuraidh. B’fhurasta an bua sin a thuiscint dar le Dónall Ó Braonáin, a scríobh ar Tuairisc.ie: “Coinníonn Mac Cóil gearradh faoin bprós ó thús deireadh agus fágtar an léitheoir ag fiafraí cén deireadh a bheidh le Lúcás sa Lobháin? Is mairg don té a déarfadh nach mbíonn spraoi ar an stair.”

Tadhg Ó Rodaighe – An Scolaidhe Tréitheach (agus a mhuintir) Coiscéim, €20 – is ainm do shaothar ina ndéanann an t-údar, Seosamh Mac Muirí, scagadh agus cíoradh ar lámhscríbhinní agus ar fhilíocht scoláire an teidil. Mhair Ó Rodaighe trí ré na plandála, Éirí Amach Uladh 1641 agus tríd an ‘titim ó chion’ ag tús na Géarleanúna. Tharrthaigh sé, in éineacht le filí eile a bhí suas ag an am, friotal, filíocht agus gluaiseanna a bhí sách eisceachtúil lena linn. Léirigh an scoil a raibh baine aige léi dúil mhór sa bhfilíocht shiollach agus d’fhágadar duanta breátha againn ina ndiaidh. Tá aistriúcháin Bhéarla agus nótaí mínithe i nGaeilge curtha ar fáil ag an údar a chabhróidh le lucht a léite.

Ó CadhainIs iad Cló Iar-Chonnacht foilsitheoirí an chnuasaigh Máirtín Ó Cadhain – Rogha Scéalta ­agus €15 atá ar an leabhar seo. Áirítear gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir próis Gaeilge ab fhearr san bhfichiú haois. Cré na Cille a mhórshaothar, ar ndóigh, ach dá mhéad an cháil a thuill sé sin dó, níl an oiread céanna aithne ar a chuid gearrscéalta, shílfeá, go háirithe na luathscéalta. Tá siad sin bailithe le chéile anois ag an údar agus file, Louis de Paor, mar aon le réamhrá leis féin ann. Is díol spéise an réamhrá céanna, áit a dtugann de Paor cuntas ar an méid a tharla nuair a chuir Macdara Ó Fatharta léiriú de ‘Chré na Cille’ ar stáitse na Taibhdheirce sa bhliain 2006. ‘Tugadh lán bus de sheandaoine as Conamara isteach go dtí an réamhléiriú’, a deir de Paor linn, ‘is chuaigh sé dian ar na haisteoirí cuimhneamh ar a gcuid scripteanna nuair a thosnaigh cuid den lucht féachana ag labhairt leis na carachtair stáitse fé mar gur seanchomharsain leo féin iad ná raibh feicthe acu le tamall’.

Áitíonn an t-údar nach léir “gur mheall an cóiriú stáitse sin na sluaite breise chun an t-úrscéal is cáiliúla sa Ghaeilge a léamh, gan trácht ar na scéalta a bhfuil an chuid is fearr acu inchurtha le Cré na Cille agus níos fearr, b’fhéidir, nuair a chuirtear i dteannta a chéile iad. Is chuige sin an leabhar seo: chun an chuid is fearr de scéalta duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann le céad bliain anuas a chur á léamh an athuair”.