NPHET chun an vacsaíniú éigeantach a phlé, ach an Taoiseach agus an HSE ina choinne

Tá cáipéis á hullmhú ag na Roinn Sláinte ina ndéanfar scagadh ar na himpleachtaí dlí agus eitice a bhainfeadh leis an tsnáthaid éigeantach a thabhairt isteach

NPHET chun an vacsaíniú éigeantach a phlé, ach an Taoiseach agus an HSE ina choinne

Tá NPHET chun an vacsaíniú éigeantach a phlé, ach tá an Taoiseach agus an HSE ina choinne.

Tuairiscíodh inniu go bhfuil an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí chun a machnamh a dhéanamh ar vacsaíniú éigeantach a thabhairt isteach.

Ach dúirt an Taoiseach Micheál Martin gurb é an córas vacsaínithe dheonaigh a rogha féin agus nach raibh aon phlean ann córas éigeantach a thabhairt isteach.

Dúirt an Taoiseach chomh maith go raibh “muinín” nach mbeadh aon ghá le srianta breise a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an maidhm den chineál Omicron den víreas.

“Ar a shon sin agus uile, ba mhaith linn seachtain nó dhó eile a thabhairt dó. Níl an bhuaic againn go fóill – is mó cor agus casadh a bhí againn i scéal Covid, ach tá mé muiníneach go gcuirfimid an mhaidhm seo dínn má bhímid chomh díograiseach is a bhíomar go dtí seo.”

Tugadh vacsaíniú éigeantach isteach do dhaoine os cionn 50 bliain d’aois san Iodáil le déanaí agus tá plean chun an tsnáthaid a dhéanamh riachtanach á mheas sa Ghearmáin chomh maith.

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE, chomh maith nach mbeadh sé ar son a leithéid. Cinneadh don Rialtas a bheadh ann sa deireadh, a dúirt Reid ar Morning Ireland ar RTÉ.

Tuairiscíodh ar an Irish Times ar maidin go bhfuil an Roinn Sláinte chun cáipéis a ullmhú ina ndéanfar scagadh ar na himpleachtaí dlí agus eitice a bhainfeadh leis an tsnáthaid éigeantach.

Tagraítear do cheist na snáthaide éigeantaí i miontuairiscí ó chruinniú a bhí ag NPHET ar an 16 Nollaig.

“Tugtar faoi deara go bhfuil sé i gceist ag NPHET plé a dhéanamh lá níos faide anonn ar cheist an vacsaínithe éigeantaigh agus gur cabhair don phlé sin a beidh i gcáipéis atá le teacht gan mhoill ón Roinn Sláinte faoi na ceisteanna eitice agus dlí éagsúla a bhaineann leis an ábhar seo.”

Baineann os cionn leath de na hothair Covid-19 atá in aonad dianchúraim leis an 5% den phobal nach bhfuil vacsaín faighte acu.

Tuairiscíodh chomh maith nach raibh baill áirithe de NPHET ar son tithe tábhairne agus bialanna a bheith á ndúnadh ag 8pm, beartas a tugadh isteach an mhí seo caite.

Idir an dá linn, dúirt Paul Reid, ceannasaí an HSE, go raibh laghdú suntasach ar chéatadán na ndaoine a bhí á gcur san ospidéal de dheasca na maidhme Omicron i gcomparáid leis na maidhmeanna eile roimhe seo. Bhí na figiúirí maidir le líon na n-othar in aonad dianchúraim seasmhach go maith, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'NPHET chun an vacsaíniú éigeantach a phlé, ach an Taoiseach agus an HSE ina choinne'