NOD DON EOLAÍ: Bhí lámha mná níos láidre le linn na Clochaoise ná lámha iomróirí idirnáisiúnta sa lá atá inniu ann

Tá sé tagtha chun solais go raibh géaga uachtair láidre ag mná na Clochaoise agus go raibh lúth na gcos ag na fir

NOD DON EOLAÍ: Bhí lámha mná níos láidre le linn na Clochaoise ná lámha iomróirí idirnáisiúnta sa lá atá inniu ann

Tá a fhios ag an saol, go mbíonn matáin níos mó agat má bhíonn tú i mbun aclaíochta go minic. Athraíonn aclaíocht agus obair láimhe cruth na gcnámh fosta.

Is féidir anailís a dhéanamh ar chnámha agus fáil amach cén sórt saoil a bhíonn ag an duine ar leis iad.  Thig an scagadh sin a dhéanamh le gléasanna íomháithe ar an duine atá beo.  Thig anailís a dhéanamh ar chnámha na marbh fosta.

Cionn is go bhfuil cnámha crua, maireann siad i bhfad sa talamh. Le blianta anuas thángthas ar go leor seanchnámha daonna san Eoraip ón Chlochaois go dtí an lá atá inniu ann. Is féidir anailís a dhéanamh ar na cnámha sin chun fáil amach cén sórt saoil a bhí ag na daoine sin.

Dhá bhliain ó shin rinneadh scagadh ar chnámha íochtar na coise – an tibia – ón Chlochaois. Tháinig sé chun solais go raibh tibia na bhfear ársa cosúil le tibia a bheadh ag reathaí trastíre sa lá atá inniu ann.  Bhí na struchtúir cheannann chéanna le feiceáil i ngach tibia fireann ón Chlochaois agus a bhíonn sna reathaithe.  Ní raibh na struchtúir chéanna le feiceáil i gcnámha na bhfear atá beo sa lá inniu ach nach reathaithe iad.

Meastar go raibh luas na gcos ag na fir ársa.

Lena raibh le foghlaim ó chnámha na mban a fháil amach, rinneadh scagadh ar cnámha na mban a mhair idir 6150 agus 1165 bliain ó shin.  Foilsíodh na torthaí san iris eolaíochta Science ar na mallaibh.

Bhí na mná ar leo na cnámha sin beo idir 5300 RCh ( An Chlochaois) agus 850 AD (na Meánaoiseanna).  Tá an Aois Neoiliteach i gceist sa tréimhse sin, an tráth sin le linn na Clochaoise nuair a scaip an fheirmeoireacht ar fud na hEorpa.

Dhírigh na heolaithe ar an húiméireas – an chnámh fhada in uachtar na láimhe nó na géige – agus ar an tibia. De réir na fianaise nua-fhoilsithe, is beag athrú a tháinig ar an tibia sna mná thar na mblianta. 

A mhalairt a bhí i gceist leis na sciatháin. Tháinig athrú ollmhór ar an húiméireas.  Bhí sé i bhfad níos téagartha sna mná a bhí beo idir 5300 agus 110 AD ná mar a bhí sé ina dhiaidh sin.

Chun a fháil amach céard ba chúis leis an athrú crutha sin rinneadh comparáid idir na cnámha ársa agus cnámha mhná an lae inniu. 

Rinneadh anailís ar chruth na gcnámh a bhíonn ag mná éagsúla. Bhí húiméireas na mban ársa i bhfad níos téagartha ná an húiméireas a bhíonn ag an chuid is mó de mhná an lae inniu, idir lúthchleasaithe éagsúla agus daoine nach lúthchleasaithe iad. 

Bhí eisceacht amháin ann. Thángthas ar an chruth céanna i measc iomróirí. Bhí na cnámha céanna ag na hiomróirí agus a bhí ag mná na Clochaoise.  Rinne na heolaithe anailís ar húiméireas na mban a bhí ag rámhaíocht in Ollscoil Cambridge leis an íomháú leighis.  Ní gnáthiomróirí a bhí i gceist ach mná a bhí i mbarr a réime agus ag glacadh páirt i gcomórtais idirnáisiúnta. 

Cad é atá i gcoitinne idir iomróirí nua-aimseartha agus mná na Clochaoise?

Nuair a bhítear ag rámhaíocht tarraingítear ar mhaidí rámha arís agus arís eile.  Tá sé réasúnta a shamhlú go raibh mná na Clochaoise ag déanamh rud éigin arís is arís eile – go hatriallach.

Cad é a bhíodh á dhéanamh ag mná na Clochaoise arís agus arís eile?

Thagair na húdair d’fhianaise a thaispeáin go mbíodh daoine ag meilt arbhair sa tréimhse Neoiliteach.  Sórt muileann láimhe – bró dhiallaite – a bhíodh acu agus bhí acu go dtí an Iarannaois. Ach is suntasach gur gníomhaíocht nó bogadh atriallach a bhíodh gceist – ag tarraingt na cloiche sin thar an bhró arís agus arís eile chun arbhar a mheilt leis an ghléas seo.

Obair dhian a bhíodh inti agus meastar go mbíodh na mná ina bun ar feadh suas le cúig uaire an chloig sa lá.

Chuir na húdair hipitéis chun tosaigh.  B’fhéidir go mbíodh obair láimhe níos tábhachtaí ná soghluaisteacht i saol na mbean sa tréimhse Neoiliteach. Bí cinnte go mbeifear ag tástáil na hipitéise sin amach anseo.

Tugann an taighde seo léargas dúinn ar an saol agus an cultúr a bhíodh ag ár sinsir sa tréimhse Neoiliteach nuair a bunaíodh an talmhaíocht mar bhunchloch de chultúr na hEorpa.

Ollamh le Luibheolaíocht, Ollscoil Oxford é Liam Ó Dubhláin

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Bhí lámha mná níos láidre le linn na Clochaoise ná lámha iomróirí idirnáisiúnta sa lá atá inniu ann'

  • Feardorcha

    Fíorspéisiúil ar fad! Agus ábhar deacair coimhthíoch curtha go deas soléite snoite ag an Ollamh. Tréaslaím libh!