Níos mó spéise ag Trump sa tSín ná in aon rud eile

Ní thuigeann Trump a lán, ach tuigeann sé gur scrios an domhain ar fad an toradh a bheadh ar aon chogadh núicléach idir SAM agus an Rúis

Níos mó spéise ag Trump sa tSín ná in aon rud eile

Tá rud amháin cinnte faoi Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, is é sin nach féidir a bheith cinnte an seasfaidh sé amárach leis an rud a deir sé inniu.

Ní fada ar ndóigh ó bhí sé ag caint faoi dhiúracáin Tomahawk a thabhairt don Úcráin le go bhféadfaidís an Rúis a bhualadh go domhain istigh sa tír, agus go deimhin féin ag rá go bhféadfadh an Úcráin an bua a fháil sa gcogadh agus na críocha caillte a ghabháil ar ais.

Ansin tuairiscíodh go raibh sé ag rá go lom leis an Úcráin gurbh fholáir dóibh síocháin a dhéanamh ar théarmaí a bhí leagtha síos ag an Rúis. Ansin d’fhógair sé go bhféadfadh sé casadh le Putin an athuair, an uair seo san Ungáir, stát de chuid an Aontais Eorpaigh, le plean síochána a phlé.

Ach ag an tráth seo tá an cruinniú i mBúdaipeist curtha ar ceal agus smachtbhannaí – sea, smachtbhannaí eile – curtha ar dhá chomhlacht ola as an Rúis.

Ní amaideacht, ní dóigh liom, atá taobh thiar den athrú seo ar a dhearcadh i leith an chogaidh ach fíricí dosheachanta agus brú polaitiúil nach féidir leis neamhaird a dhéanamh díobh.

I gcás na dTomahawk, mar shampla, deirtear gur mhínigh na Rúisigh dó go bhféadfadh soc pléascáin núicléach a bheith ar dhiúracáin den chineál sin, is nach bhfuil aon chaoi go mbeadh a fhios roimh ré ag na Rúisigh cé acu ionsaí núicléach nó eile a bheadh ann.

Sa gcás sin, sé an teagasc cogaidh ná freagra núicléach a thabhairt láithreach ar a leithéid. Tá an teagasc céanna ag fórsaí Mheiriceá i dtaobh aon diúracán a chaithfí leosan.

Ní thuigeann Trump a lán, ach tuigeann sé gur scrios an domhain ar fad an toradh a bheadh ar aon chogadh núicléach idir SAM agus an Rúis.

Cibé an é cé go dteastaíonn uaidh go gceapfadh daoine gurb eisean an té a bhrúigh síocháin ar an dá thír, is cinnte go bhfuil sé ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh. Tá sé sásta é sin á dhéanamh de réir choinníolacha na Rúise toisc gur léir dó nach féidir buachan ar an Rúis. Tá na hÚcránaigh, agus na hEorpaigh i sáinn aige seo. Mar in ainneoin an bhladhmainn ar fad ó na hEorpaigh, níl na hairm acu le tabhairt don Úcráin is níl an t-airgead acu chun iad a cheannach.

Níl tráchtairí, nó polaiteoirí, an Iarthair in ann na hathruithe seo ar dhearcadh Trump a thuiscint nó a mhíniú. San Irish Times, mar shampla, chuir Michael McDowell an cheist amaideach sin arís – cén greim nó smacht atá ag Putin ar Trump? Amhail is nach bhféadfadh aon mhíniú eile a bheith ar an athrú intinne.

Tá Trump ag iarraidh tús áite Mheiriceá sa domhan a thabhairt ar ais, is feiceann sé gurb é an dúshlán ón tSín an chontúirt is mó atá roimhe san iarracht sin. Is beag é a mheas ná a spéis i gcúrsaí na hEorpa, nó i gcreideamh inmheánach na nEorpach gur cumhacht dhomhanda iad féin i gcónaí.

Bhíodh an meon sin sách láidir i gcónaí i bpolaitíocht Mheiriceá, cé nach raibh sé in uachtar ó dheireadh an chogaidh i 1945. Ach tá sé in uachtar anois, agus Trump ag iarraidh a aird a dhíriú ar an tSín. Ar deireadh thiar, is cuma leis faoin Eoraip ná an Úcráin, atá i bhfad uaidh agus nach bhfuil aon aithne aige orthu.

Ní théann McDowell i ngleic leis an bhfírinne sin. Is fearr leis a bheith ag caitheamh maslaí amhail amadán is cladhaire le huachtarán Mheiriceá. B’fhéidir gur amadán is cladhaire é Trump, ach tá ciall lena sheasamh, fiú mura dtaitníonn sé le McDowell.

Is cosúil leis go gcreideann Trump go bhfuil cogadh na hÚcráine caillte in ainneoin go ndúirt sé seachtain ó shin go bhféadfadh an Úcráin an bua a fháil – bladhmann, measaim, a spreag an t-olc a bhí air nár ghlac Putin lena mhaíomh go bhféadfadh sé stop a chur leis an gcogadh agus duais Nobel a bhaint.

Níor cuireadh tús le meath Mheiriceá nuair a toghadh Trump. Tá sé sin ar siúl le blianta fada, agus chuir an ghéarchéim airgeadais ag tús an chéid seo borradh mór faoin meath sin.

Tá an tSín in ann dul i ngleic le Meiriceá toisc gur phleanáil siad conas a bheith ina máistrí ar an nuálaíocht, agus léirigh an tSín freisin don Domhan Theas ar fad nach raibh infheistíocht ó Mheiriceá, nuálaíocht ó Mheiriceá ná margadh Mheiriceá riachtanach ag deireadh thiar.

Maidir le nuálaíocht, is fiú a thabhairt faoi deara nach bhfuil an Eoraip sa rás sin ar chor ar bith. Féach sampla thionscal na gcarranna sa nGearmáin i gcomparáid le carranna leictreacha na Síne agus a nuálaíocht i dtaobh batairí is eile.

Gan dabht, ní féidir a bheith cinnte nach n-athróidh Trump a bhfuil á rá aige faoi chogadh na hÚcráine sa todhchaí. Ach ceapaim gur féidir linn a bheith cinnte go gcoinneoidh ag dúshlán na Síne a thabharfaid sé tús áite ina chuid smaointe.

Fág freagra ar 'Níos mó spéise ag Trump sa tSín ná in aon rud eile'

  • Carraig

    An forlámhas domhanda atá ag an Síneach: mianraí tearc-ithreacha.
    Cíoná uas-tábhachta ar an aimsir seo agus a fhios go maith acu é.