Níos mó Gaeilge curtha ar chomharthaíocht dhátheangach busanna i mBéal Feirste

Dúirt an tAire Nicola Mallon, leascheannaire an SDLP, go raibh go leor oibre le déanamh fós chun cothromaíocht a bhaint amach don Ghaeilge

Níos mó Gaeilge curtha ar chomharthaíocht dhátheangach busanna i mBéal Feirste

Tá comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil anois ar sheirbhís bus i mBéal Feirste.

Chuir an tAire Bonneagair ó thuaidh, Nichola Mallon, fáilte roimh an gcomharthaíocht Ghaeilge atá curtha suas ar an tseirbhís Glider in Iarthar Bhéal Feirste.

“Is céim dhearfach chun tosaigh é sin i dtaca leis an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí inár seirbhísí poiblí agus inár bpobail, rud atá tuillte ag an Ghaeilge,” a dúirt an tAire Mallon.

Ón lá inniu, beidh comharthaíocht dhátheangach “céad stop eile” ar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil do na paisinéirí a bheidh ar bord. Cuirfear i bhfeidhm é ar sheirbhísí Glider a fheidhmíonn ó Ghort an Mhuillin go Bóthar Mhac an Aistrigh agus Mol Colin Connect.

Tugadh an chomharthaíocht dhátheangach isteach mar chuid de na gealltanais a tugadh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Dúirt Mallon, leascheannaire an SDLP, go raibh go leor oibre le déanamh fós chun cothromaíocht a bhaint amach don Ghaeilge.

“Cé go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh lena chinntiú go gcaitear leis na teangacha mar an gcéanna, tá áthas orm go bhfuil mo Roinn ag déanamh bearta de réir mo bhriathair agus go bhfuil sí ag cur leis an dul chun cinn atá déanta cheana. Ón lá inniu, beidh an Ghaeilge le feiceáil leis an Bhéarla ar na teachtaireachtaí cinn scríbe ar na seirbhísí Glider atá ag feidhmiú ó Ghort an Mhuillin go dtí Bóthar Mhac an Aistrigh agus ag Mhol Colin Connect.”

Dúirt Mallon go raibh sí ag súil le comharthaíocht Ghaeilge sa bhreis a thabhairt isteach ar na feithiclí poiblí.

“Ó tháinig mé chun oifige, tá sé ar cheann de na tosaíochtaí sa rialtas go bhfuil an comhionannas ina mheon lárnach i ngach gné dár gcuid oibre. Cé go bhfuil cuid mhór oibre le déanamh go fóill, coiscéim thábhachtach sa phróiseas is ea an fógra seo inniu.”

Chuir an grúpa feachtasaíochta An Dream Dearg fáilte roimh an scéala nuair a fógraíodh ar dtús é mí Eanáir.

Cé go bhfuil comharthaíocht dhátheangach ar sheirbhís an Metro 10 le beagnach deich mbliana anuas rinneadh cinneadh in 2018 fáil réidh leis an nGaeilge ar na comharthaí nuair a shroichfeadh na busanna sin oirthear Bhéal Feirste.

Fág freagra ar 'Níos mó Gaeilge curtha ar chomharthaíocht dhátheangach busanna i mBéal Feirste'