‘Níos mó cainteoirí ‘genuine’ Gàidhlig in Albain ná mar atá cainteoirí ‘genuine’ Gaeilge abhus – David Trimble

Labhair iarcheannaire an UUP in agallamh nuachtáin faoi cheist an achta Ghaeilge ó thuaidh agus faoi chás na teanga ó dheas

‘Níos mó cainteoirí ‘genuine’ Gàidhlig in Albain ná mar atá cainteoirí ‘genuine’ Gaeilge abhus – David Trimble

Tá iarcheannaire an UUP agus duine de na daoine is mó a luaitear le Comhaontú Aoine an Chéasta, David Trimble, i ndiaidh labhairt amach faoi cheist na Gaeilge agus na reachtaíochta teanga.

Agus é ag trácht ar cheist an achta Ghaeilge ó thuaidh, dúirt Trimble leis an Newsletter nach raibh “aon chiall” a rá nach ndéanfaí aon soláthar don Ghaeilge nuair atá soláthar á dhéanamh cheana don Bhreatnais agus don Gàidhlig.

Mhaígh sé áfach go raibh fiú na focail ‘acht Gaeilge’ féin “nimhneach” (toxic) faoin tráth seo.

“Is dóigh liom gur gá dúinn breathnú ar an ‘vehicle’ agus ar an tslí a chuirtear i láthair é [an t-acht Gaeilge] chomh maith,” a dúirt sé.

Maidir leis an ngealltanas i dtaobh cheist an achta Ghaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn, dúirt Trimble gurb é a thuiscint siúd go bhfuil alt sa chomhaontú ina ndeirtear “go dtabharfadh Rialtas na Breataine chun cinn moltaí maidir le cúrsaí teanga”.

Labhair Trimble chomh maith faoi chás na Gaeilge ó dheas agus dúirt gur tubaiste a bhí sna hiarrachtaí an teanga a athbheochan ansin.

“Aon duine a d’fhéach ar an gceist ar bhealach ar bith a bhí cothrom, formhór mhuintir dheisceart na hÉireann san áireamh, ghéillfeadh siad gur tubaisteach an scéal i ndeisceart na hÉireann,” a dúirt Trimble.

Dúirt sé nach ar leas na Gaeilge a bhí an cur chuige ina leith ó dheas.

“Is é an rud a tharla ansin ná go mbíodh an teanga á húsáid mar uirlis chatha ag grúpaí áirithe, grúpaí a bhíonn ar son na teanga ach atá i ndáiríre ag iarraidh clár oibre eile a chur i bhfeidhm.”

Mhaígh iarcheannaire an UUP gur mó go mór líon na gcainteoirí Gaeilge “genuine” in Albain ná mar atá ó dheas den teorainn.

“Tá áiteanna in Albain ina bhfuil líon suntasach cainteoirí Gàidhlig. Tá i bhfad níos mó cainteoirí Gaeilge atá dáiríre [genuine] in Albain ná mar atá i bPoblacht na hÉireann, agus, dá bharr sin, d’fhéadfadh go bhfuil rud éigin fónta [le foghlaim] ó chás na hAlban.”

Maidir le ceist na reachtaíochta teanga ó thuaidh, mhaígh Trimble gur mhó go mór an seans go dtacódh aontachtaithe leis an éileamh ar acht Gaeilge dá gcaithfí leo agus leis an gceist ar bhealach “níos sibhialta” agus dá n-éireofaí as a bheith ag “déanamh uirlis chatha” den Ghaeilge.

Thug Trimble le fios dá bhféadfaí “atmaisféar níos fearr a chruthú” go bhféadfaí níos mó a bhaint amach i dtaobh “na rudaí seo”.

Idir an dá linn, tá ina raic i gComhairle Lár Uladh faoi acht na Gaeilge agus glactha ag an gcomhairle le rún ag tacú leis an éileamh ar acht eanga.

Ba í an comhairleoir de chuid Shinn Féin, Niamh Milne, a mhol an rún go dtabharfaí acht Gaeilge isteach ó thuaidh de réir an ghealltanais i gComhaontú Chill Rímhinn.

Ag labhairt di ag an chruinniú Déardaoin seo caite, dúirt Milne go raibh gá le reachtaíocht a thabhairt isteach a thabharfadh “cosaint do chearta dhaoine óga atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge sa cheantar.”

Dúirt an comhairleoir de chuid an UUP Trevor Wilson nár thug a pháirtí “aon ghealltanais do dhuine ar bith” faoi acht Gaeilge.

Thug Wilson le fios nach raibh  “a dhath in aghaidh na Gaeilge” ag an UUP  ach nach gcreideann siad go bhfuil gá le hacht teanga sa tuaisceart.

Mhaígh sé go bhfuil “na milliúin d’airgead cáiníocóirí” agus “na milliúin d’uaireanta teagaisc” curtha amú le céad bliain anuas ó dheas ag iarraidh an teanga a athbheochan.

“Teip chostasach a bhí san athbheochan sa Phoblacht agus ní mian linn a leithéid a dhéanamh i dTuaisceart Éireann,” a dúirt an comhairleoir de chuid an UUP Trevor Wilson.

 

Fág freagra ar '‘Níos mó cainteoirí ‘genuine’ Gàidhlig in Albain ná mar atá cainteoirí ‘genuine’ Gaeilge abhus – David Trimble'