Níos lú ná 1% de na comhráite a dhéantar i gcathair na Gaillimhe a bhíonn as Gaeilge

As an 3,176 comhrá a nótáladh mar chuid de shuirbhé do phlean teanga na cathrach, ní raibh ach 18 acu ar fad i nGaeilge

Níos lú ná 1% de na comhráite a dhéantar i gcathair na Gaillimhe a bhíonn as Gaeilge

Is as Gaeilge a bhíonn níos lú ná ceann amháin as gach 100 comhrá a chloistear ar shráideanna na Gaillimhe, de réir taighde nua.

Agus plean teanga chathair na Gaillimhe á ullmhú, rinneadh staidéar ar úsáid na dteangacha ar shráideanna na cathrach agus ar an méid Gaeilge a labhraítear.

As an 3,176 comhrá a nótáladh mar chuid den suirbhé, ní raibh ach 18 acu i nGaeilge.

Bailíodh an t-eolas thar dhá thréimhse trí lá mí Aibreáin agus mí Bealtaine 2019. Shiúil na suirbhéirí trí lár na cathrach agus rinneadh nóta de na comhráite neamhfhoirmeálta a chualathas ar na sráideanna. Níor ghlac na suirbhéirí féin aon pháirt sna comhráite.

Sa chéad sampla, nótáladh 1,674 comhrá ar fad agus 12 acusan a bhí as Gaeilge, 0.7% den iomlán. Bhí 1,372 de na comhráite as Béarla (82%) agus 290 acu a bhí i dteangacha eile (17.3%).

Breacadh síos sonraí chomh maith maidir le haois na gcainteoirí. As an 29 duine a ghlac páirt sa 12 comhrá as Gaeilge, bhí deichniúr acu idir 15-24 bliain d’aois, 11 duine a bhí idir 24-64 agus ochtar a bhí 65 nó níos sine.

Sa dara sampla, ní raibh ach sé chomhrá as Gaeilge (0.4%) le cloisteáil as an 1,502 comhrá ar fad a nótáladh thar thréimhse trí lá. Bhí 1,227 de na comhráite sin as Béarla (81.6%) agus 269 a bhí i dteangacha eile (18%).

As an 11 duine a bhí páirteach sna comhráite Gaeilge, bhí páiste amháin idir 2-14 bliain d’aois, seachtar idir 24-64 agus triúr a bhí 65 nó níos sine.

Is é an cur chuige a bhí ag lucht an tsuirbhé gan díriú ach ar iompar na ndaoine a bhí ar na sráideanna, amuigh faoin aer sna spásanna poiblí, seachas laistigh sna foirgnimh nó spásanna inmheánacha eile.

Deirtear go ndearnadh modheolaíocht na suirbhéireachta seo a fhorbairt i dTír na mBascach, áit a bhfuil an-tábhacht léi chun bheocht shóisialta na Bascaise a mheas.

Cé gur léirigh an suirbhé a laghad Gaeilge atá le cloisteáil ar shráideanna chathair na Gaillimhe, léirigh suirbhé a rinneadh ar líne agus an plean á ullmhú go bhfuil bá don Ghaeilge sa chathair.

Tugtar le fios go gceapann breis is 60% den phobal go bhfuil sé tábhachtach do chathair na Gaillimhe go mairfeadh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Dúirt 59% de na faisnéiseoirí go mba mhaith leo go mór níos mó Gaeilge a úsáid gach lá. Níos lú ná 10% a thug le fios nach raibh aon suim acu níos mó Gaeilge a labhairt gach lá.

Déantar cur síos ar 37 beart i bPlean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026, a foilsíodh an tseachtain seo caite, chun seirbhísí poiblí, tráchtála agus siamsaíochta a chur ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chathair.

Fág freagra ar 'Níos lú ná 1% de na comhráite a dhéantar i gcathair na Gaillimhe a bhíonn as Gaeilge'

  • Anon

    Bíonn comhráite i dteangacha eile níos mó na Gaeilge – is siomptóm é sin den ollimirce.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Tá bá don Ghaeilge i gcomhréir chontrártha le neart na Gaeilge.

  • Dirk Brevoord

    Ní bhaineann ollimirce leis an gcás so ach easpa muiníne mhuintir na hÉireann as a gcuid Gaeilge. Labhródh na hinimircigh Gaeilge, dá labhródh na hÉireannaigh a dteanga dhúchais féin go misniúil, mórtasach.

    Dhein póilíní intinne an Bhéarla ana-jab agus lagmhisneach a chur ar lucht na Gaeilge. Cé gur tír neamhspleách í Éire le tuairim is céad blian, ní hionann san is a rá ná fuil tionchar an impiriúlachais le brath inti fós agus an córas nimhneach aigne a ghabhann leis an impireacht. Tá feidhmeannaigh an chóilíneachais fós ana-ghníomhach, is baolach, agus ghoideadar toradh Chogadh na Saoirse le frithréabhlóid.

    Má chíonn tú an baicle beag, naimhdeach, binibeach, cúngaigeanta, iarchóilíneach (Éireannach) a bhíonn ag caitheamh anuas ar an nGaeilge, ag frámú a lucht labhartha, níl aon namhaid iasachta uait. Bíonn siad ag rá nithe fén nGaeilge ná fuil aon bhunús leis. Nithe atá seafóideach go léir.

    Gan ach dhá shampla a thabhairt: b’fhearr go mór an t-airgead a caitear ar an nGaeilge, é a chaitheamh ar an seirbhís sláinte. Ná fuil aon mhaitheas sa Ghaeilge, gur diomailt airgid í an Ghaeilge… 7rl. Dá bhféachfaí isteach go grinn ar na tuairimí ráiméiseacha, neamhthairbheacha so, féadfaí iad a bhréagnú go héasca.

    Ar an gcéad dul síos tá sé cruthaithe ag eolaithe i dtíortha éagsúla ar fud an domhain gur buntáiste ollmhór é an dátheangachas chun teangacha eile a fhoghlaim mar shampla agus go ndeineann sé ana-mhaitheas don tsláinte intinne, mar coimeádann dátheangachas an néaltrú ó dhoras go ceann cúig mblian ar an meán. Agus nílim ag caint fiú fé chúrsaí féinmhuiníne ná sláinte trí chéile.

    Anuas air sin bheadh Éire i bhfad Éireann níos spéisiúla ina tír Ghaelach le sainteangain agus sainchultúr dá cuid féin ná ina tír aonteangach Béarla. Do chuirfeadh an Ghaeilge go mór leis an ngeilleagar, mar féadfaí na leaga liatha a dhéanamh aisti ach cur chuige i gceart…

    Ach is fearr leis na póilíní intinne seo an Bhéarla aon tsaghas neamhspleáchais intinne a chur fé chois. Leathanaigeantacht, fíor-neamhspleáchas intinne, dearcadh eile seachas an dearcadh angla-mheiriceánach, tá san contúirteach, ana-dhainséarach… D’fhéadfadh daoine a dtoil féin a dhéanamh nó a smaointe neamhspleácha féin a bheith acu agus bolscaireacht na Breataine nó Mheiriceá nó an t-airgid mhóir a thuiscint agus a bhréagnú. Obhobh. Ní bheadh a leithéid sin “uainn” anois.

    Tá an córas smaointeoireachta laistiar den phóilínteacht intinne seo an Bhéarla ciníoch, leatromach, cúngaigeanta, binibeach 7rl amach is amach. D’fhéadfainn cosúlachtaí a bheadh ina gcúis imní d’aon duine réasúnach, a thaispeáint go héasca idir é agus an córas a bhí i mbarr réime san Eoraip idir an dá chogadh dhomhanda. (Léigh Discourse on Colonialism le Aime Cesaire.)

    Ba chóir do lucht labhartha na Gaeilge cur le chéile, iad féin a chosaint agus na póilíní seo a nairiú os comhair an tsaoil mhóir agus frithfhrámú ceart a dhéanamh ná féadfadh na póilíní seo éalú uaidh.

    Níl ionam, is baolach, ach Ísiltíreach a d’fhoghlaim an Ghaeilge de bhun lántolaidh agus a bhain, a bhaineann agus a bhainfidh ard-taitneamh aisti mar theanga iomlán, mar fheithicil smaointeoireachta a leathnaigh mo dhearcadh ar an saol agus atá ina hionspioráid dom go laethúil. Táim á labhairt lem’ bheirt pháistí féin, toisc gur maith liom san agus toisc gur fiú liom san.

    Mar fhocal scoir is breá liom “Peig”. :-D

  • Pól Ó Braoin

    Dirk Brevoord a thuigeann an méid nach bhfuil muidne ag iarraidh a thuiscint ná a admháil. Ní féidir an milleán a chur ar na Sasanaigh anois, orainn féin atá an locht faraor. Tá meon an chóilíneachais go láidir sa tír seo, monuar. Maidir le cathair na Gaillimhe, cé in ainm Dé faoi neamh anuas a cheapfadh go mbíonn bá don Ghaeilge sa gcathair sin? Cuirtear stad leis an mbrionglóid agus leis an gcur i gcéill ar son Dé!

  • Seán ÓM

    Tá an ceart ag Dirk – ba chór dúinn éisteacht leis…. agus (@Anon ciníoch) is buntáiste é sin den “ollimirce”.

  • Osna

    Ní aontaím le Dirk. Níl aon mhian ag Solomann nó Abdul a bheith ag foghlaim Gaeilge – gan beann a bheadh na muintir ag labhraíonn.

    Aontaím le ‘Anon’. Is mallacht í ollimirce. Nach bhfuil ár gceacht foghlaimtha, ar son na Sasanach?

  • Pól Ó Collata

    @Osna Ní hé lucht na himircigh go bhfuil an Ghaeilge beagnach marbh mar teanga phobal anois, agus é ag dul i laige ó bhunaíodh an Saorstát – nuair a dtugann rialtais nodanna ídéalacha don Gaeilge, gan é a caomhnú ná a mhúscailt mar teanga labhartha, is léir go mbeadh na Gaeltachtaí ag cúngú mar thoradh ar sin. Féach ar shámplaí na Breataine Bige, Tír na mBascach, an Eabhrais agus an Mhaorais conas is féidir le sochaí athbheochán rathúil a heagrú, agus iad go léir ilcultúrach.

  • Dirk Brevoord

    A Osna, a chara, má thuigim i gceart tú, bhí an Ghaeilge á labhairt ages gach aon duine, idir óg agus aosta, roimh 1990, roimh theacht an tíogair cheiltigh, toisc ná

    raibh an oll-inimrice ar siúl fós. Iad go léir ag Gaeilgeoireacht go sásta ó dhubh go dubh….

    Tá a fhios agat go maith nach é sin iomlán lán ceart croílár na fírinne. A mhalairt ar fad atá fíor: bhí an oll-eisimirce fós ar siúl. Bhí plúr na nGael ag dul thar lear gan

    filleadh go deo, toisc gur chreid ceannairí na hÉireann go huile is go hiomlán sa tsaormhargadh agus toisc go raibh meon an chóilíneachais, an éagothroime, agus an Bhéarla go smior iontu…
    1985: Daltaí meánscoile ag dó a gcuid leabhar Gaeilge ar thinte cnámh is iad ag fágaint na scoile, toisc go raibh an ghráin dearg acu ar an dteangain (cé

    uaidh go bhfuaireadar an meon san, n’fheadar?), agus creid é nó ná creid, iad go maith líofa inti, bhí fiú an blas ceart Gaelach acu… 1995: Siopadóir i lár na

    Gaeltachta ag rá liomsa, gur theanga mharbh í an Ghaeilge agus nárbh fhiú í a choimeád beo (an cheist chéanna, cé uaidh?) agus clab go cluasa orm péin le halltacht agus ní bhfuair sé aon phingin uaimse a thuilleadh ar ndóigh… Níl iontu so ach dhá shampla bheaga…

    Níl aon bhaint le hinimirce le hathrú teangan i dtír, mar is eol do chách, agus domhsa, teangeolaí agus Ísiltíreach, mar labhraíonn formhór desna hAhmedaí,

    Moustafaí, Tatyánaithe, Iulianna Ísiltíris san Ísiltír, Danmhairgis sa Danmhairg, Sualainnis sa tSualainn 7rl. Ar ndóigh bíonn leibhéil éagsúla líofachta acu ach is cuma

    san i ndairíre, foghlaimíonn siad an teanga atá á labhairt ina dtimpeall sa tír ina bhfuil siad ina gcónaí.

    Is é an t-aon dream amháin ná deineann amhlaidh de ghnáth ná na heasaonaraigh (=expats) Angla-Mheiriceánacha, n’fheadar ca’ na thaobh… An dóigh leotha

    b’fhéidir, go bhfuilid ró-uasal chun iad féin a uirisliú agus teanga eile a dh’fhoghlaim? Go háirithe teanga chosmhuintir na tíre ina bhfuilid ag cur fúthu?
    Dála an scéil tá póilíní intinne an Bhéarla ana-ghníomhach san Ísiltír leis agus tá a ndeisceabail acu i measc mhionlach sotalach, neo-liobrálach na nÍsiltíreach a chuireann a gcuid páistí ar naíonraí agus bunscoileanna dátheangacha (Ísiltíris-Béarla)?????
    Tá an Béarla ag brú na hÍsiltírise i leataoibh mar theanga theagaisc ar na hardscoileanna agus na hollscoileanna. Agus níl cead, dar leis na póilíní sotalacha

    teangan so, ag Ahmed, Moustafa, Tatyána ná Iúlia a dteanga féin a labhairt lena gcuid páistí age baile ná fiú lena gcéilí mar chuirfeadh san dar leis na póilíní seo, bac

    mór intinne ar a gcuid páistí an Ísiltíris a dh’fhoghlaim i gceart… ????? agus cár agus cé uaidh gur chualag an cacamas so cheana, n’fheadar… mar réiméis cheart is ea é. Ni chuireann dátheangachas, ná ilteangachas aon bhac intinne ar aon pháiste. A mhalairt atá fíor mar bíonn iq 10 bpointe níos aoirde ar an meán ag an ndátheangach ceart. Gan trácht ar ilteangaigh….

    Inis dom, an bhfuil gá le haon inimirceach an Ghaeilge a dh’fhoghlaim chun iad féin a chur i dtuiscint in Éirinn? Níl ná é, mar tá tromlach phobal na hÉireann ag béarlóireacht go tiubh. D’fhéadfadh ana-mhearathal a bheith orm, ach ní dóigh gurbh é sin an aisling a bhí ag ceannairí agus trodairí chogadh saoirse na hÉireann. Bhí tír shóisialach Ghaelach uathusan agus cothromaíocht agus cóir dos gach aon duine.

    Deirim arís eile mar sin go mbaineann cúlú na Gaeilge, na Gàidhlige, na Manainnise, na Breatnaise agus bás na Cornaise le cóilíneachas, le himpiriúlachas agus le meon uasaicme Shasana sna tíortha so ar fad. D’éirigh leis an uasaicme seo a cuid nimhe, a gcuid binibe a scaipeadh i measc mheánaicmí na dtíortha so agus d’éirigh leo meon chosmhuintir na dtíortha so a chloí agus ghéill formhór mór na ngnáthdhaoine don bhrú ollmhór millteanach so ní nach ionadh.

    Chun scéal na Gaeilge (agus na dteangacha so eile) a leigheas ní mór do mhuintir na hÉireann an meon so an Bhéarla a scrios go huile is go hiomlán agus an chéad chéim dar leis an bhfirín beag so: caithfear póilíní intinne an Bhéarla a bhréagnú, a fhrámú agus a chur ina dtost ar fad ceann ar cheann le fíricí i slí ghonta, líofa. I mBéarla ar ndóigh, mar ní thuigid siad aon teanga eile. ;-D

    Chun focail fhealsaimh mhóir de threibh na nGiúdach a rá ar a mhalairt de shlí: a chairde Gael, cuirig le chéile!

    Agus chun cur leis: Bíg ag Gaeilgeoireacht ó dhubh go dubh agus in ainm chruim, deinig grá sa teangain álainn seo! ;-)

  • Dirk Brevoord

    ps. Agus chun cur leis: Bíg ag Gaeilgeoireacht ó dhubh go dubh agus in ainm chruim, deinig grá sa teangain álainn seo! ;-)