Tá sé ráite ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, nach mbeifear “ag dul ar ais chuig na laethanta” nuair nach n-ainmnítí sráideanna i nGaeilge sa Tuaisceart.
Ag labhairt dó ag an léacht ‘Ainmniú Áiteanna agus Comhroinnt Áiteanna’ ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste, thagair Mac Giolla Bhéin do ráiteas a rinne iarPhríomh-Aire Thuaisceart Éireann, Brian Faulkner in Westminster i 1949 faoi shráidainmneacha Gaeilge i gcontae an Dúin.
“Táimid tagtha píosa fada ó dúirt an Feisire Parlaiminte Brian Faulkner ‘apparently certain local authorities in county Down are at the moment naming streets in a language which is not our language and I do not think that should be allowed’.
“Tá na laethanta sin imithe anois, a chairde, agus ní bheimid ag dul ar ais chucu,” a dúirt sé lena raibh cruinnithe i nDánlann Dillon i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich.
Tá ceist na comharthaíochta dátheangaí go mór i mbéal an phobail arís i mBéal Feirste le tamall anuas mar gheall ar pholasaí Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ina taobh.
Thug MLAanna aontachtacha rún chun cinn i Stormont níos luaithe an mhí seo inar iarradh ar an gcomhairle cathrach an polasaí i leith na comharthaíochta Gaeilge a chaitheamh i dtraipisí. Maíodh sa rún go raibh an polasaí “neamhdhaonlathach agus leatromach”. Vótáil 41 duine in aghaidh an rúin agus 28 ar a shon.
 
Anuas ar an gceist sin, tá ceist na comharthaíochta ina cnámh spairne in áiteanna eile i mBéal Feirste i láthair na huaire freisin. Crochadh comharthaíocht i nGaeilge agus i mBéarla san ionad fóillíochta Olympia anuraidh, ach eagraíodh agóid bheag in aghaidh an chinnidh sin an mhí seo. Tá achrann ann freisin faoi chomharthaí i nGaeilge a bheith á gcrochadh i Stáisiún Láir Bhéal Feirste.
Tráchtadh ar na ceisteanna seo agus tuilleadh ag ‘Ainmniú Áiteanna agus Comhroinnt Áiteanna’, an léacht a thug an tOllamh Mícheál B Ó Mainnín ó Ollscoil an Banríona agus an Dr Brian Devlin ó Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann.
Thug Devlin léargas ar an obair a bhíonn ar bun ag taighdeoirí logainmneacha an Tuaiscirt le teacht ar leaganacha cruinne cearta de bhailte fearainn, bailte, agus nithe eile sa réigiún. Dúirt sé go bhfuil na foinsí stairiúla ina luaitear na logainmneacha chomh maith leis an obair cheannródaíoch a rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis sa 19ú hAois ann, ach go bhfuil tábhacht ar leith le “dul isteach sa charr agus dul chuig an áit” le heolas a fháil ó mhuintir na háite.
Luaigh sé samplaí éagsúla de bhailte agus bailte fearainn sa Tuaisceart a bhfuil fuaimniú ar leith acu nach dtagann leis an tuiscint choitianta a bheadh ar an leagan scríofa.
Tugadh cuntas sa léacht ar stair na logainmeolaíochta i gcúige Uladh agus an obair a rinne scoláirí éagsúla sa chúige le dhá chéad bliain anuas. Dúradh go raibh “an obair seo tábhachtach” agus “casta” agus gur obair leanúnach, nach bhfuil críochnaithe, atá i gceist.
Mhaígh Devlin go raibh teangacha éagsúla “a maireachtáil taobh lena chéile le ceithre chéad bliain” sa Tuaisceart agus gur chóir do lucht labhartha na dteangacha sin a bheith “ag obair le chéile” sa lá atá inniu ann.
Tá léarscáil Ghaeilge de chathair Bhéal Feirste foilsithe ag Oireachtas na Gaeilge i gclár an Oireachtais i mbliana agus í breac le leaganacha Gaeilge d’áiteanna aitheanta na cathrach.
 
  
  
  
  
  
  
  
  
  
  
  
  
  
  
        
     
  
  
  
  
         
         
         
                            
                         
                            
                         
                            
                         
                            
                         
                            
                         
 
 
 
  
  
 
 
 
 
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
                        
                     
  
 
Fág freagra ar '‘Nílimid ag dul ar ais go laethanta Brian Faulkner agus cosc ar shráidainmneacha Gaeilge sa Tuaisceart’ – Uachtarán CnaG'