Éiginnteacht iarthoghcháin san Ísiltír agus dhá pháirtí gob ar ghob

Agus mórchuid na vótaí comhairthe, níl ach cúpla míle vótaí idir D66, páirtí atá rud beag ar chlé ón lár, agus páirtí Geert Wilders, an PVV

Éiginnteacht iarthoghcháin san Ísiltír agus dhá pháirtí gob ar ghob

Agus 99.7 faoin gcéad de thorthaí an olltoghcháin istigh, ní raibh D66, páirtí atá rud beag bídeach ar chlé ón lár, ach 15,000 vótaí chun cinn ar an bPáirtí don tSaoirse (PVV) – páirtí an phobalóra Ioslamafóibigh Geert Wilders.

Ach toisc nach mbeidh vótaí 135,000 Ísiltíreach a bhfuil cónaí orthu thar lear comhairthe go dtí oíche Dé Luain ar a luaithe, ní bheidh a fhios go dtí sin cé aige a mbeidh an lámh in uachtar sa toghchán seo ar deireadh.

Faoi láthair, bheadh 26 suíochán ag an PVV agus ag D66 araon. Titim mhór a bheadh ansin do pháirtí Wilders: ghnóthaigh an PVV 37 suíochán sa toghchán deireanach, i 2023. Ach dul chun cinn ollmhór – 17 suíochán sa bhreis – atá ann do D66.

Bheadh sé féaráilte a rá, mar sin, beag beann ar an toradh deiridh, gurb é Rob Jetten, ceannaire óg D66, buaiteoir mór an toghcháin seo. Ach éilíonn an traidisiún gur ag an bpáirtí is mó ó thaobh na vótaí de a bheidh an chéad dheis tús a chur le cainteanna comhrialtais – fiú má bhíonn an líon céanna suíochán ag an dá pháirtí is mó.

Agus D66 chun tosaigh, is ag Rob Jetten a bheadh an chéad dheis iarracht a dhéanamh comhrialtas a chur le chéile. Ach beidh dúshlán roimhe. Tacaíocht thrí pháirtí eile ar a laghad a theastódh uaidh, ach tá sé ráite ag nualiobrálaigh an VVD, nach ndearnadh slad orthu mar a bhí á thuar sna pobalbhreitheanna agus atá ar an tríú páirtí is mó, nach rachaidh siad isteach i gcomhrialtas ina mbeadh an ceathrú páirtí is mó, comhghuaillíocht na nGlasach agus an Lucht Oibre (GLPvdA) páirteach. Ach dá n-éireodh le Jetten (38) an VVD a mhealladh ina ainneoin sin, bheadh sé ar an bpríomh-aire is óige riamh san Ísiltír.

Ar an lámh eile, má bhíonn an Páirtí don tSaoirse ar an bpáirtí is mó nuair a bheidh na torthaí ar fad istigh faoi dheireadh, is ag Geert Wilders a bheadh an chéad dheis iarracht a dhéanamh comhrialtas le chéile. An chuma atá ar an scéal áfach ná go dteastódh tacaíocht ar a laghad sé cinn de pháirtithe eile uaidh chun é sin a bhaint amach, agus tar éis gur theip go tubaisteach ar an gcomhrialtas deireanach, a bhí go láidir faoi anáil Wilders, beidh drogall ar chuid mhór páirtithe dul isteach i gcomhrialtas eile faoi stiúir an Pháirtí don tSaoirse.

Páirtí eile a rinne dul chun cinn mór le hais olltoghchán 2023 ná Daonlathaigh Chríostaí an CDA, a tháinig i dtír ar scliúchas inmheánach sa pháirtí is mó a mheall vótaí ón CDA in 2023, an NSC. Thit an tóin as an bpáirtí sin agus ní fhillfidh siad ar an bparlaimint.

Níor chruthaigh comhghuaillíocht na nGlasach agus an Lucht Oibre go maith. Chaill siad cúig shuíochán agus d’éirigh a gceannaire, Frans Timmermans, as an gceannaireacht aréir.

Bhí drochlá chomh maith ag gluaiseacht na bhfeirmeoirí agus na saoránach, an BBB, atá faoi stiúir an pholaiteora leath-Éireannaigh Caroline van der Plas (iar-aeróstach de chuid Aer Lingus í a máthair, Nuala Fitzpatrick.) An chuma atá ar chúrsaí faoi láthair ná go mbeidh ceithre cinn den seacht suíocháin a bhí acu roimh an toghchán fágtha.

Agus an t-alt seo ag dul i gcló, tá an chuma ar an scéal nach mbeidh an toradh deiridh ar fáil go dtí an Luan ar a luaithe, agus gurb é vóta na nÍsiltíreach a bhfuil cónaí orthu thar lear a dhéanfas an difear.

Fág freagra ar 'Éiginnteacht iarthoghcháin san Ísiltír agus dhá pháirtí gob ar ghob'