Ag tús agus deireadh an tsaothair seo cítear Pelé ag baint ceoil as a bhosca snasta bróg. B’éigean dó dul i mbun an chúraim seo ina óige le crústa a thuilleamh dá mhuintir. Seift scannánaíochta atá anseo le bochtanas a óige a chur in iúl agus umhlaíocht an fhir a mheabhrú dúinn. Ní raibh riamh, fiú nuair ba é an phearsa spóirt ba mó cáil ar domhan, aon éirí in airde ann.
Seoid náisiúnta na Brasaíle, an chéad réalt sacair idirnáisiúnta, an t-aon fhear a bhuaigh Corn an Domhain trí bhabhta agus an chéad duine ar dhein an cluiche álainn milliúnaí de. An t-imreoir sacair is fearr riamh? Bhuel sin ábhar achrainn eile. Braitheann sin b’fhéidir ar d’aois. Bheadh lé acu siúd a bhí aníos sna seascaidí le Pelé, bheadh ógánaigh na n-ochtóidí i bhfách le Maradona agus bheadh na mílaoisigh sáite san argóint faoi Ronaldo agus Messi.
Ar feadh na mblianta bhí Maradona agus Pelé á fhéachaint le chéile i scioból samhlaíochta an phobail do ghradam an imreora ab fhearr riamh. Anois táid á fhéachaint le chéile ar scáileán. Tarrac ar dhá bhliain ó chuir saothar Asif Kapadia faoi shaol corraitheach eachtrúil Maradona fé dhraíocht sinn agus anois tá saothar againn faoi shaol Pelé. Ar an drochuair cé go bhfuil an bheirt inchurtha ar pháirc na himeartha ní hamhlaidh atá ar scáileán.
Cinnte, is féidir linn súp a bhaint as an ábhar cartlainne agus file caoch á dhéanamh ag Pelé dá chéilithe comhraic. Sásóidh sin na daoine a déarfadh go bhfuil neamhaird tugtha ar ghaiscí Pelé le blianta beaga anuas. Déarfadh daoine eile gur chaith sé a shaol imeartha sa Bhrasaíl ag imirt i gcoinne foirne a bhí cuibheasach gan a bheith maíteach. Nó an raibh? Bhuaigh a fhoireann, Santos, Craobh an Domhain faoi dhó. Ní lia duine ná tuairim.
Tá draíocht faoi leith ag baint le taispeántas Maradona ag Meicsiceo 1986 mar ar rug sé greim scrogaill ar an gcomórtas. Nár dhein Pelé smut den rud céanna i 1958 agus gan é ach seacht mbliana déag d’aois? D’aimsigh sé sé chúl, cúl an bhua sa chluiche ceathrú ceannais, tréchleas sa chluiche leathcheannais agus dhá bháide sa chluiche ceannais. Ní lia duine ná tuairim.
Go deimhin tá aighneas agus éiginnteacht ann faoin líon báidí a d’aimsigh sé i rith a shaoil imeartha agus an clár seo ag maíomh gur aimsigh sé 1,283 báide i 1,367 cluiche.
An locht is mó atá agam ar an gclár seo ná nach bhfuil aon rud spéisiúil, suaithinseach faoi shaol Pelé taobh amuigh de pháirc na himeartha. Dhein sé go leor airgid, bhí an-cháil air agus bhí brú ag baint leis an gcáil seo. Bhí sé ina Dia beag sa Bhrasaíl, gean ag an bpobal air agus gean aige orthu. B’in uile.
Ba chloch mhíle í 1958 mar b’in an chéad uair ar éirigh leis an mBrasaíl greim a bhreith ar chorn Jules Rimet agus bhaineas sásamh as an léamh a deineadh ar an tréimhse. Nuair a tosaíodh ag caint ar dheachtóireacht na Brasaíle sna seascaidí agus seachtóidí mheasas go raibh cor ag teacht sa scéal; go ndéanfaí trácht ar a ghníomhartha gaisce i gcoinne na héagóra, Níorbh ann dóibh. Go deimhin b’fhacthas dom go raibh sé ag tláithínteacht le lucht na bunaíochta ar uairibh. Rannpháirtí amháin ag cosaint an tseasaimh seo á rá go raibh sé fuirist ag leithéidí Muhammad Ali a bheith ag cur díobh mar nach raibh i ndán dóibh ach bagairt príosúnachta, do mhuintir na Brasaíle is bascadh nó marú a bhí i gceist.
Turas deas siar bóithrín na smaointe, sin uile.
Miquel del Hugo
B’fhearr liom féin Garrincha (an t-éinín beag), aka ‘Mané’, aka ‘Alegria do Povo’ aka ‘Anjo de Pernas Tortas’. Draíodóir, pearsantacht mhór, eiseamláir d’áilleacht an chluiche. Laoch na himeartha sa chluiche idir an Bhrasíl agus an tSualainn ag Corn an Domhain i 1958 – taispeántas dosháraithe. D’imir sé sa ré roimh a tháinig an teilifís chun cinn. Níor chaill an Bhrasaíl cluiche riamh nuair a bhí Pelé agus Garrincha ar an bpáirc le chéile. Is fiú breathnú ar na clips ar youtube.
Alegria do Povo = sonas na ndaoine.