Níl deireadh feicthe againn d’fhoirne na hAfraice Theas agus na Sharks agus na Stormers ar an gcósta thiar

Tá neart le foghlaim ag foireann na hÉireann ón gcluiche in aghaidh na Springboks an deireadh seachtaine seo caite ach is ar chluichí na gclubanna atá aird anois

Níl deireadh feicthe againn d’fhoirne na hAfraice Theas agus na Sharks agus na Stormers ar an gcósta thiar

Tadhg Beirne ag fáil réidh do chluiche na Mumhan an deireadh seachtaine seo. Pic: INPHO/Tom O’Hanlon

Is fada an lá ó ghéill Éire an oiread ciceanna éirice in aon chluiche idirnáisiúnta gan trácht ar an líon cártaí buí agus ceann dearg a bhronn an réiteoir orthu.  

Tugann na hocht gcic éirice déag a ghéill imreoirí na tíre seo léargas maith ar an mbrú damanta a chuir an Afraic Theas orthu i mbeagnach chuile ghné den imirt, sa gclibirt go háirid, áit ar ghéill muid sé chic éirice ar fad. B’ionann an cás sa síneadh amach. 

Bhí féinsmacht imreoirí na hÉireann chomh dona sin go raibh triúr dá gcuid imreoirí i mbosca na bpeacaí ag tús an dara leath. Ní dóigh liom gur tharla sé sin ariamh roimhe sin. 

Slad agus náire a bhí i ndán dúinn sa dara leath nó sin a cheap muid ar fad. Ach ainneoin an snámh in aghaidh easa a bhí le déanamh ag foireann an bhaile, níor scar ach aon phointe dhéag iad féin agus curaidh an domhain, agus 24 in aghaidh 13 an toradh ag deireadh an chluiche. Is cinnte go bhfuil neart le ceartú agus le feabhsú sa gcampa idirnáisiúnta roimh thús an chomórtais Sé Náisiún ach ní féidir dóthain a rá faoin taispeántas misniúil, cróga a thug imreoirí na tíre seo agus iad ag imirt i gcoinne na foirne rugbaí is fearr ar domhan faoi láthair. 

Bhí an ceart ag Andy Farrell agus é ag fógairt go raibh sé bródúil as a chuid imreoirí i gcluiche a bhí ina chíor thuathail. 

Sin deireadh leis na cluichí idirnáisiúnta go dtí an athbhliain. Beidh aird dhomhan an rugbaí anois ar na comórtais idirchlubanna agus ar Bhabhta 6 den URC atá linn arís anois an deireadh seachtaine seo. 

Sa mbaile atá na hUltaigh anocht, iad sa gcúigiú háit ar an tábla agus iad i gcoinne Benetton atá sa deichiú háit. Níor chaill Cúige Uladh ach cluiche amháin fós an séasúr seo agus is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh leanacht leis an gcur chuige dearfach atá sa bpainéal faoi láthair. Is fiú a lua freisin gur buntáiste dóibh nach raibh mórán imreoirí ón gcúige páirteach sna cluichí fómhair. 

Anocht freisin, as baile sa mBreatain Bheag atá Cúige Laighean, dream atá sa seachtú háit agus iad d’uireasa an t-uafás imreoirí a bhí ar dualgas idirnáisiúnta. Mar sin féin is deacair bua a thuar d’fhoireann an bhaile, na Dragons, iadsan sa gcúigiú háit déag, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua don séasúr seo. Seans go gcaithfidh siad fanacht go ceann cúpla seachtain eile.   

Is dóigh gur i bPáirc Thuamhan amárach a bheas coimhlint an deireadh seachtaine idir an dá fhoireann atá ar bharr thábla an URC, Cúige Mumhan atá sa dara háit agus na Stormers atá sa gcéad áit. Is fiú a lua freisin nach bhfuil cluiche caillte fós ag ceachtar den dá fhoireann seo. Mar sin féin tá mise ag tuar bua d’fhoireann an bhaile agus iad ag tógáil arís ar sheansprid troda na Mumhan. 

Cuirfidh Cúige Chonnacht, foireann atá sa dara háit déag, fáilte chuig an mBóthar Beag roimh na Sharks, foireann atá sa tríú háit déag. Tá naoi bpointe cláraithe ag na Connachtaigh as cheithre iarracht i gcomparáid leis na hocht bpointe atá aimsithe ag na Sharks as cúig iarracht. Is cinnte go mbeidh Cúige Chonnacht ar a míle dícheall ag iarraidh cúpla deacracht fhánach, a cheil bua ar éigean orthu go dtí seo, a cheartú. Má tharlaíonn sin tá seans maith ar bhua baile. Tá na geallghlacadóirí den tuairim chéanna.  

Fág freagra ar 'Níl deireadh feicthe againn d’fhoirne na hAfraice Theas agus na Sharks agus na Stormers ar an gcósta thiar'