Níl cead is cosúil labhairt i gcoinne pholasaí an Aontais Eorpaigh

Tá daoine seo dá gcur faoi chois toisc go labhraíonn siad amach in aghaidh dhearcadh an AE

Níl cead is cosúil labhairt i gcoinne pholasaí an Aontais Eorpaigh

Seans maith nár chuala tú, a léitheoir, riamh faoi Jacques Baud. Seans maith nár éist tú riamh lena chuid anailíse ar chúrsaí míleata, agus nár léigh tú aon leabhar a scríobh sé.

Ach is duine réasúnta mór le rá é Baud. Iar-oifigeach (coirnéal), in Arm na hEilvéise idir 1983 agus 1990, bhí sé i gceannas ar súil a choinneáil ar fhórsaí an Aontais Shóivéadaigh ar fud an domhain thar ceann Sheirbhís Faisnéise na hEilvéise, agus é ina chomhairleoir don Lárionad Eorpach um Thrédhearcacht ó thaobh algartam [ECAT] freisin.

Idir 1995-2011 bhí sé ag obair leis na Náisiúin Aontaithe, san Afraic den chuid is mó, ag cabhrú le hiarrachtaí le síocháin a bhaint amach, cearta daonna a chosaint, agus ardrúnaí na Náisiún Aontaithe a choinneáil ar an eolas i dtaobh aon fhaisnéis a bhain leis na coimhlintí a raibh eolas aige fúthu.

Agus an cúlra seo aige, bíonn an-tóir ar Baud agus bíonn sé go minic le clos ar chláracha teilifíse is físeáin ag plé cogadh na hÚcráine, ag déanamh meastacháin faoi cén chaoi an bhfuil an cogadh ag dul, agus cén straitéis atá ag na daoine a dhéanann cinntí.

Ach tá sé sa nuacht anois toisc go bhfuil sé liostaithe ag an Aontas Eorpach mar dhuine atá faoi phionós ag an AE. Mar gheall air seo, níl cead aige taisteal in aon bhallstát de chuid an AE, ní féidir leis rochtain a fháil ar airgead dá chuid atá i dtaisce san AE nó íocaíochtaí a fháil ón AE as aon obair a dhéanann sé.

Smaoinigh: níl muid ag caint faoi ghníomhaí radacach éigin, ach fear a bhfuil mórchlú air as a chuid gairmiúlachta.

Is cuma má aontaíonn tú lena dhearcadh nó mura n-aontaíonn, is léir go bhfuil cúlra aige a thacaíonn lena thuairimí.

Deir Kaja Kallas ardionadaí gnóthaí eachtracha is slándála an Aontais Eorpaigh agus lucht a cháinte go mbíonn Baud ag scaipeadh eolas bréagach ar son na Rúise agus teoiricí comhcheilge éagsúla.

Tá Baud go láidir den tuairim go bhfuil an bua i ndán don Rúis san Úcráin is go bhfuil cuid mhaith den mhilleán faoin gcogadh ar ECAT agus ar dhiúltú na hEorpa iarracht ar bith a dhéanamh teacht ar réiteach trí thaidhleoireacht.

Mháigh an tAE ina chinneadh go mbíonn Baud á iompar féin mar bholscaire ar son na Rúise agus go scaipeann sé teoiricí comhcheilge “mar shampla an líomhaint gur an Úcráin féin a d’eagraigh an t-ionradh ar mhaith le ballraíocht in NATO”.

Is fiú a thabhairt faoi deara freisin nár tugadh Baud os comhair aon chúirte, níor mhínigh an tAE nó aon stát eile i gceart an cás ina choinne. Kaja Kallas a d’fhógair an pionós, cé gur cosúil gur aontaigh Éire leis an gcinneadh. Níl aon mhíniú nó dearbhú tugtha ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi seo.

Ach sé an pointe is tábhachtaí nach bhfuil aon ghníomhaíocht luaite le Baud ach amháin go dtugann sé a thuairim faoin gcogadh ar na meáin.

Sé sin, tá sé faoi phionós toisc saoirse cainte a úsáid i slí nach dtaitníonn le Coimisiún na hEorpa. Nach dtagann beart den chineál seo salach ar ‘luachanna’ an Aontais?

Bhí Alfred de Zayas, saineolaí ar chearta agus iarbhall de Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, ar dhuine de na daoine a labhair amach faoin scéal. “Táimid ag breathnú ar chliseadh sibhialtachta agus an tAontas Eorpach ag cur srian ar Jacques Baud, iarchoirnéal agus oifigeach faisnéise i seirbhís na hEilvéise, as leabhair agus aistí a fhoilsiú a léiríonn tuairimí faoi chogadh na hÚcráine atá contrártha le tuairimí cheannaireacht ECAT.”

Ní eisceacht é seo. Tá Nathalie Yamb, as an Eilvéis freisin, a bhfuil clú uirthi mar gheall ar a cuid oibre ar son ghnáthmhuintir na hAfraice, curtha ar an liosta siúd freisin. Ní bheidh cead aici feasta labhairt faoi chás na hAfraice san Aontas Eorpach.

San Eastóin freisin tá luachanna an daonlathais curtha ar leataobh. Mar shampla tá ceannaire pháirtí freasúra, Koos, Aivo Peterson, i ndiaidh pionós 14 bliain príosúnachta a fháil as feachtas a dhéanamh le dea-chaidreamh a chothú arís idir an Eastóin agus an Rúis. Tréas atá ina leithéid, dar leis an gCúirt Eastónach.

Maidir leis an Úcráin, cé go bhfuil scannal mór caimiléireachta sa nuacht, níl aon Úcránach curtha faoi phionós ag an AE. Á, fan: tá Úcránach amháin, Diana Panchenko, iriseoir na bliana 2021 san Úcráin, atá ar an liosta toisc go bhfuil deireadh leis an gcogadh agus iniúchadh faoin gcaimiléireacht á lorg aici.

Tá na daoine seo dá gcur faoi chois toisc go labhraíonn siad amach in aghaidh dhearcadh an AE. Ach nach é sin a chuireann an tAE i leith na Rúise, ag rá go mbaineann Putin leas as an gcóras dlí le tuairimí nach dtaitníonn leis a chur faoi smacht?

Sin é go díreach atá ar siúl ag Kaja Kallas agus an Coimisiún, le cead na hÉireann is cosúil. Fimíneacht nó bolscaireacht bunaithe ar bhréaga?

Fág freagra ar 'Níl cead is cosúil labhairt i gcoinne pholasaí an Aontais Eorpaigh'

  • Aonghus M

    ‘ Níl cead is cosúil labhairt i gcoinne pholasaí an Aontais Eorpaigh’ arsa Eoin i gcolún ina dtugann sé fogha faoin AE, faoi mar a dhèanann sé go mion minic.

    Níl an Eilvéis san AE, rud a fhágann nach bhfuil Jacques Baud faoi réir cearta a bhaineann go sonrach leis an AE agus nach gcuireann na smachtbhannaí bac air a rogha rud a rá ar mheáin na hEilvéise. Ceist eile é cén fáth nach bhfuil mórán ag iarraidh éisteacht leis (creideann sé nach raibh baint ag Osama bin Laden le 9/11 agus tacaíonn sé le Putin).

  • Cormac Ó Dúlacháin

    Níl aon chosc ar a cearta cainte Baud. Tá sé saor le leanúint lena bholscaireacht don Rúis agus is dócha go leanadh sé leis ar meán na Rúise. Níl cosc ar cló ná athchraoladh a thuairimí. Níl cosc ar na meán agallamh a dhéanamh leis.

    Sé meastachán an AE ná go bhfuil an Rúis i mbun cogadh mí-eolais agus creach-digiteach i gcoinne an AE agus go gníomhaire na Rúise é Baud.

    Ó thaobh Baud de tá smachtbannaí ar taisteal san AE agus smachtbannaí ar aon achmhainní aige san AE.

    Is cosúil go gcreideann Ó Murchú nach chomhair don AE aon ní a dhéanamh chun an AE a chosaint ó eachtraí na Rúise agus cogadh marfach mí-dleathach ar bhonn acu.

  • Seán De Bláca

    ‘Níl cead labhairt i gcoinne pholasaí an Aontais Eorpaigh’ a deir colúnaí agus é ag labhairt amach i gcoinne pholasaí an Aontais Eorpaigh. I gcolún. Ar shuíomh nuachta. San Aontas Eorpach.

  • Tomás C

    Nuair a labhraíonn ballstát amach in aghaidh sheasamh an AE, ní reoitear a chuntas bainc. Ach b’fhéidir gurb é an rud a dhéantar ná a chuóta iascaigh a chiorrú. Is tábhachtaí fós neamhthuilleamaíocht stáit i gcúrsaí bia ná cuntas bainc. Gan trácht ar na poist a chaillfear agus ar an dochar d’earnáil na hiascaireachta.