An leithreas is mó a mheabhraíonn Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 1982 dom

Níl baol ar bith ann ach go maireann giotaí imeartha faoi leith a chonaic duine i bhfad níos faide sa gcuimhne ná cinn eile

An leithreas is mó a mheabhraíonn Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 1982 dom

Bhí sé ráite ariamh gurbh fhearr do dhuine a bheith beirthe leis an ádh ná leis an saibhreas. Níl aon amhras orm ach gurbh in mar a bhí i mo chás féin. Ní hamháin go bhfuil mo shaol caite agam ag plé le hábhar a bhí gar do mo chroí, ach d’éirigh liom slí bheatha a bhaint as freisin.

Mar sin féin thóg sé tamall maith orm a thuiscint nárbh í an iomaíocht amháin bun agus barr an spórt. Bíodh mé ceart nó mícheart, creidim sin go láidir agus is tuairim é a théann i dtreise dá mhéid den spórt a fheicim.

Ní raibh sé de bhua agam in am ar bith go mba dhuine mé a raibh an chuimhne chéadach aige, gan an cumas ionam eachtraí, scóranna, blianta agus seaimpíní a liostáil as barr mo chinn. Is measa fós anois mé de bharr aoise agus meirg ag teacht ar shreangaí na hintinne.

Ní iontas sin. Dá fheabhas é, féach ó am go ham go ndeireann an uirlis atá á cló seo dom go bhfuil an acmhainn ag cliseadh air féin agus nach mór sin a neartú.

Fós, níl baol ar bith ann ach go maireann giotaí imeartha faoi leith a chonaic duine i bhfad níos faide sa gcuimhne ná cinn eile.

Tá mé cinnte nach asam féin atá mé nuair a deirim go dtiocfadh sé rite liom scór deireanach na himeartha a thabhairt duit i gceachtar de chluichí ceannais sinsearacha na hÉireann anuraidh, ainneoin mé a bheith i láthair ag an bpéire.

Bhí mé freisin in Sydney an oíche ar thug Sonia O’Sullivan an bonn airgid léi i rása ceannais an 5000m ag na Cluichí Oilimpeacha cúig bliana fichead ó shin. Bhí ainm an té a thug an t-ór léi ag raitleáil idir mo dhá chluais, ach b’éigean dom dul i gcomhairle le mo chara meabhrach go bhfuair mé amach to mba í Gabriela Szabo a bhí i gceist. (Fad agus a bhí a lámh ann, dúirt sé freisin go mba 1-26, 0-19 agus 3-27, 1-18 a bhí i gCluichí Ceannais 2025).

Ós rud é gur ócáid chomh tábhachtach sin i stair spóirt na hÉireann – an chéad bhean dár gcuid a bhuaigh bonn Oilimpeach ar an traic, cheapfá nach mbeadh orm comhairle agus cúnamh a iarraidh le go gcuimhneoinn ar ainm an bhuaiteora, ach sin agat é.

Cé is moite d’éacht an tSúilleabhánaigh is é an rud is mó a fhanann i mo chuimhne ón oíche sin ná agallamh (más ceadmhach sin a thabhairt air) a rinne mé taobh amuigh den Staid i Homebush le hÉireannaigh ghliondracha a bhí ag déanamh ar cheiliúradh a bheadh ar siúl go maidin.

“Níl go leor Gaeilge agam, ach déarfaidh mé seo,” a dúirt fear amháin a tháinig chomh fada liom. Tharraing sé anáil dhomhain gur aithris an dán Cill Chais. Bhí a leagan féin aige ar an véarsa deireanach.

‘Gabhaim buíochas le Muire ’s le hÍosa

Go dtáinig Ó Súilleabháin slán

Beidh rincí fada ‘gabháil timpeall

Ceol fidle ‘s tinte cnámh.’

25 bliain dár gcionn, tuigim anois go maireann scéalta tánaisteacha na ndaoine a chas dom i mo chuid fáin chomh fada nó b’fhéidir níos faide ná an choimhlint nó an gaisce féin.

Níl comhaireamh agam ar an méid uaireanta ar fhreastail mé ar Chomórtas Peile na Gaeltachta, fós is siar go maith i m’intinn atá aon chuimhní a bhaineann lenar tharla ar pháirceanna na himeartha.

Is daoine is túisce a thagann i gcuimhne – a n-aontú mar phobail sa gcás seo agus iad leagtha amach ar chóir chomh maith a bheith ar a mbeadh déanta acu agus a chonaic siad féin in áiteacha a bhí i bhfad níos mó agus níos gustalaí.

An aimsir freisin ar ndóigh, bíodh gur briste nó togha di – fuarlaigh Ghleann an Chnoic agus Pháirc Uí Shíocháin sna 1980idí, teaspach Ghallarais agus Mhachaire Gathláin agus smiotadh mhíoltóga na Dromad, chuile cheann beo acu ar aon mhéid le féileacán.

Agus ingearáin ag tuirlingt as an spéir.

Ba bheag a cheap bunaitheoirí an Chomórtais go bhfeicfí a leithéid, ach ní taobh le haon uair amháin lena linn go dtí seo a mba é sin an córas taistil a bhí ag roinnt de na himreoirí.

Córas taistil níos simplí a thagann isteach i m’intinn nuair a labhartar ar pheileadóir Chiarraí, Micheál Ó Conaill. Fearacht chuile dhuine eile a raibh sé de phribhléid acu é a fheiceáil i mbun imeartha, is ar a ghrástúlacht agus é ag éirí go hard san aer agus ar a chuid scileanna eile is túisce a chuimhním. Ach luath go maith freisin a thagann saol an oileánaigh i gceist mar go mba dhuine acu sin é.

Ní raibh droichead an lae inniu tógtha i nDairbhre lena linn. Dá mbeadh féin, ba iad an dá mhaide rámha a d’oibreodh Ó Conaill, mar a rinne sé go mion, minic le linn a óige.

Maithfidh sibh dom é má deirim libh gurb é an leithreas is mó a mheabhraíonn Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 1982 dom. Ní haon mhasla don chúl cáiliúil a scóráil Séamus Darby atá i gceist, ach gur gheall a bhainisteoir Eugene McGee dom seachtain roimhe go labhródh sé beagán de theanga na nGael liom sa gcás go mbuafadh Uíbh Fhailí ar Chiarraí.

Ní mba fear é Eugene a loicfeadh ar ghealltanas, Trócaire Dé air. An deacracht a bhí ann go raibh leath dhaonra Uíbh Fhailí sa seomra feistis i bPáirc an Chrócaigh – oiread gleo acu agus nach gcloisfeá méar i gcluas. Fáil ní raibh ar chúinne ciúin ar bith chun agallaimh.

Faoi dheireadh, buíochas le Dia, d’aimsigh mé áit sách príobháideach.

Is leor a rá go n-oirfeadh ‘seo Mártan sa múnlann bhur seoladh ar ais go Casla’ do dheireadh na cainte ach ba ansiúd a rinne Eugene McGee a phíosa cainte!

Fág freagra ar 'An leithreas is mó a mheabhraíonn Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 1982 dom'

  • Pat Butler

    Fuarthas srón Gabriella Szabo sáite sna deabhail drugaí neamhcheadaithe go gairid ina dhiaidh sin, rud a ardaíonn ‘appalling vista’ Lord Denning fadó gur tré feall a bhain sí bonn óir onóir-thuillte Sonia di an oíche úd in Homebush. Níor ceartaíodh an feall sin ar Sonia lách seo’gainne riamh.

  • Jacko

    Nár laga Dia thú!
    Féach go n-éiríodh ‘Rí na Caide’ féin dearmadach leis uaireanta, fiú is é in airde a láin.
    Ag tagairt don gConallach atáim, an uair a d’fhág sé Sam ina dhiaidh sa tseomra feistis i bPáirc an Chrócaigh toisc deabhadh abhaile go Dairbhre bheith air!
    Ní chuir sé aon mhairg pioc air mar ba chuid d’áirnéis an tí aige é fén dtráth sin.