‘Níl aon fhadhb faoin spéir agam le hacht Gaeilge’ – iarsheanadóir aontachtach imithe leis an UUP

Deir Ian Marshall, an chéad aontachtóir a toghadh chun an tSeanaid, nach ‘bagairt’ ar bith an Ghaeilge dá aontachtas

‘Níl aon fhadhb faoin spéir agam le hacht Gaeilge’ – iarsheanadóir aontachtach imithe leis an UUP

Deir iarSheanadóir as Ard Mhacha atá imithe leis na UUP nach bhfuil “aon fhadhb faoin spéir” aige le hAcht Gaeilge.

Dúirt Ian Marshall, an chéad aontachtóir a toghadh chun an tSeanaid, nach “bagairt” ar bith an Ghaeilge dá aontachtas.

“Bhí orm vótáil trí Ghaeilge ar feadh dhá bhliain san Oireachtas agus níor chruthaigh sin aon deacrachtaí dom. Táimse diongbháilte faoi mo chuid aontachtais agus ní bagairt ar bith an Ghaeilge dó sin.

“Tá seacht gceantar Gaeltachta sa Phoblacht. Is ón nGaeilge a thagann ainmneacha ár mbailte ar fud an oileáin. Tá focail Ghaeilge go smior sa teanga a úsáidimid gach lá.”

Dúirt Ian Marshall leis an Belfast Telegraph gurb í “fís agus ceannaireacht” Doug Beattie a thug air dul leis an UUP.

Dúirt Marshall nach spéis leis “an pholaitíocht ghlas ná oráiste, ach an pholaitíocht a dhéanfadh an leas is fearr do chách”.

Dúirt Marshall gur suim leis an t-aontachtas atá “dearfach” agus dírithe ar an am atá le teacht seachas é sin atá diúltach agus dírithe ar an am atá caite.

Bhí súil aige, a dúirt sé, cabhrú leis an UUP tacaíocht a mhealladh ó dhaoine a bhí “bailithe de lucht na mórchúise agus an mhórghleo”.

Maidir leis an bprótacal iarBhreatimeachta, dúirt Marshall go gcaithfeadh Rialtas na hÉireann caitheamh go “dáiríre” leis an imní a bhí ar aontachtaithe. D’fhéadfadh buntáistí a bheith ag baint leis an bprótacal ach chaithfí na fadhbanna a réiteach ar dtús, ar sé.

Dúirt sé “nach bhfaighfí réidh leis an bprótacal” agus go raibh sé in am “deireadh a chur leis an gcleasaíocht” atá ar siúl idir lucht na Bruiséile agus Rialtas na Breataine.

“Ar mhaithe leis an uile dhuine caithfear déileáil leis seo agus é a chur dínn,” arsa Marshall.

An t-iarTaoiseach Leo Varadkar a d’ainmnigh Ian Marshall chun seasamh don Seanad in 2018 agus tugadh tacaíocht thraspháirtí dó.

Bhí sé dhá bhliain ina Sheanadóir.

Meastar go seasfaidh sé i dtoghchán Stormont na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Níl aon fhadhb faoin spéir agam le hacht Gaeilge’ – iarsheanadóir aontachtach imithe leis an UUP'

  • Cluain Sceach

    Fear maith!