‘Níl aon chúis mhaith ann toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais’ – Kyne

Tá ráite ag Fianna Fáil go dtabharfaidís toghchán an Údaráis ar ais dá mbeidís i gcumhacht

‘Níl aon chúis mhaith ann toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais’ – Kyne

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne nach bhfuil aon “chúis mhaith” ann toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Cuireadh deireadh leis na toghcháin a bhíodh ann do Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012 agus thug an tAire Stáit le fios sa Dáil nach bhfuil sé i gceist beag ná mór tús a chur arís leo.

Ceapadh an Bord atá ar Údarás na Gaeltachta faoi láthair ar an 16 Eanáir 2018 agus mairfidh tréimhse an bhoird sin go dtí an 15 Eanáir 2023.

Agus ceist a chuir an Teachta Dála neamhspleách as Dún na nGall Thomas Pringle á freagairt aige, thug Kyne le fios go raibh sé an-sásta leis an gcóras nua ceapacháin do Bhord an Údaráis.

“Seo an dara Bord a ceapadh faoi na socruithe leasaithe atá i bhfeidhm faoi láthair, socruithe atá ag teacht leis an Acht agus leis an dea-chleachtas.

“Mar gheall ar a éifeachtaí is atá go an córas ceapacháin atá á úsáid anois, córas a rinne mo Roinn dianmhachnamh air sular achtaíodh an tAcht Gaeltachta in 2012, ní fheictear dom go bhfuil cúis mhaith ar bith ann córas costasach toghcháin a thabhairt isteach arís,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne.

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan mí Eanáir go raibh sé róluath fós anailís a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil struchtúr nua Bhord Údarás na Gaeltachta agus an córas pleanála teanga sa Ghaeltacht ag obair mar a bhíothas ag súil a bheadh.

Maidir le hAcht na Gaeltachta 2012, faoinar tugadh isteach an próiseas pleanála teanga agus faoinar cuireadh deireadh le toghcháin Údarás na Gaeltachta, dúirt an tAire Madigan nach raibh aon chinneadh déanta fós faoi cathain a dhéanfaí iniúchadh ar éifeacht na mbeartas sin.

“Toisc nach bhfeicfí toradh iomlán an dá bheartas seo go ceann tréimhse sách fada, tá machnamh á dhéanamh fós ar cathain ab fhearr tabhairt faoi thuarascáil faoi éifeacht an Achta seo,” arsa an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tá ráite ag Fianna Fáil go dtabharfaidís toghchán an Údaráis ar ais dá mbeidís i gcumhacht.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin anuraidh  go raibh “ceart daonlathach” á shéanadh ar mhuintir na Gaeltachta ó cuireadh deireadh leis na toghcháin.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Tá iarrachtaí ar bun ag páirtithe an fhreasúra i dTithe an Oireachtais le tamall reachtaíocht nua a thabhairt isteach chun toghcháin an Údaráis a chur ar bun arís, cé nach bhfuil oiread sin spéise léirithe ag an bpobal go fóill sa bhfeachtas sin.

Fág freagra ar '‘Níl aon chúis mhaith ann toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais’ – Kyne'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Tá sé rí-thábhachtach go dtabharfaí ionadaithe tofa thar n-ais ar bhord Údarás na Gaeltachta ó chuireadh deireadh leo i 2012 ionas go mbeadh ionadaíocht dhearfach mhuiníneach áitiúil ag an bpobal ar an mbord. Agus níl ansan ach cúis amháin.
    Anuas ar sin, tá géarghá go mbeadh freagrachtaí áirithe na Comhairle Contae á n-aistriú go hÚdarás na Gaeltachta, go háirithe phleanáil, tithíocht shóisialta, fógraíocht phoiblí, cúrsaí tráchta agus imeachtaí éagsúla eile. Mar a sheasann cúrsaí faoi Chomhairle Contae Chiarraí, níl na gnéithe seo á gceansú le tuiscint ná meas ar an nGaeltacht ag feidhmeannaigh gan Gaeilge, gnéithe atá lárnach le pleanáil teanga a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

  • Danny Brown

    Tá feachtas ar bun againne anseo i nGaeltacht Dhún na nGall leis na toghcháin a fháil ar ais do bhord an Údaráis. Bhí urlabhraí ag caint ar an ábhar seo ar Raidió na Gaeltachta agus ar Highland Radio.
    Is cosúil nach dtarlaíonn a dhath ar bith, de réir thuairisc.ie, muna bhfuil sé ag tarlú ar a dtáirseach féin i gConamara.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An ceart ar fad agat, Feargal. Spéisiúl go leor, nuair a cheistigh mé Seán Kyne faoi theorannacha na Gaeltachta in agallamh a chuireas air i 2016, nuair a bhí cúraimí na Gaeltachta air cheana, thug sé le fios dom gur ceann de na fáthanna NÁR cheart dul ar aghaidh le toghchán díreach le ionadaí an phobail a thoghadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta, ná go mbeadh vótaí i dtoghchán ag na mílte, a bhfuil cónaí orthu sna eastáit tithíochta ar imeall Chathair na Gaillimhe, i gceantair le aitheantas iomlán Gaeltachta, mar go raibh na garrantaí ar a tógadh na eastáit tithíochta i gCnoc na Cathrach agus i dTír Oileáin sa Ghaeltacht i 1956!