Níl aon bhreith ag aon chontae ar Chorcaigh, óir tá Corcaigh class

Táim ag súil le droch-chluiche aontaobhach a bheidh thart ag leatham i gcluiche ceannais na hÉireann agus go mbeidh Corcaigh dílis do Thadhg Ó Cuill

Níl aon bhreith ag aon chontae ar Chorcaigh, óir tá Corcaigh class

N’fheadar fúibhse ach níl mise ag súil le cluiche iontach ar an Domhnach. Táim ag súil le droch-chluiche aontaobhach a bheidh thart ag leatham agus a mbeidh Corcaigh chomh fada sin chun cinn ann gur féidir an traein abhaile a fháil gan contúirt geite.

Thabharfadh sin faoiseamh dúinn sult a bhaint as an mbua glórdha cathbhuach gan feitheamh leis an bhfeadóg dheireanach agus leis an mbíogadh boilg, an croitheadh croí a bhaineann leis sin sa chás is go mbíonn an dá fhoireann gar dá chéile. Mar sin, dhéanfadh áireamh ar bith timpeall ar leathdhosaen cúl agus scór go leith cúilín an chúis don gheansaí dearg faoin am go dtosnódh an cleas tráchtaireachta ar leithscéalta a mhalartú agus na fógraí fós ar siúl i lár an chluiche.

Ar éigean go dtarlóidh sin cé nach gan amhras é, óir thug Luimneach léasadh agus leadradh do Chorcaigh i léig na Mumhan nár díoladh an chóir leo mar fháslaigh go dtí gur mhúineamar ceacht dóibh sa chluiche ceannais. A leithéid de dhánacht! A cheapadh go bhféadfaí seacht gcraobh na Mumhan as a chéile a bhaint amach agus an seasamh stairiúil a chur tóin thar ceann. Ar shíleadar gur i gCúige Laighean a bhíodar, nó rud éigin?

Is é oighear fírinneach an scéil ná go mbíonn meas ag contaetha na hiomána ar a chéile (don chuid is mó, roinnt eisceachtaí) agus go bhfuilid sásta fiúntas na namhad a aithint is a chomóradh.

Tuigeann neach Gaeilge ar bith traidisiún iontach Thiobraid Árann. Ar éigean go raibh a sárú ar fáil go dtí an 18ú haois, idir Chéitinn (ní Babs) agus Haicéad agus Chill Chais agus Sheán Ó Duibhir a’ Ghleanna a bhfágfar fós gan ghéim, cé go raibh Michael Dwyer chomh maith acu a stiúraigh sléacht Amritsar sa bhliain 1919. Tá intinn shalach ghránna mar sin ag cuid againn.

Tá stíl faoi leith iomána ag gach aon chontae, mar is eol do dhuine ar bith a bhfuil súile aige. Tiobraid Árann féin, tá stíl acu ach theipfeadh ar Shocraitéas féin ainm a chur uirthi. Tá Gaillimh níos soiléire: poc san aer agus súil le Dia go bhfaighidh duine éigin an sliotar nuair a thagann go talamh, malairt iomlán na liathróide láimhe a bhíodh acu faoi Cyril Farrell. Is é caoineadh Luimnigh nach féidir le neart agus le bulaíocht agus le matáin ar chosa nach raibh riamh ar Chú Chulainn an bheart a dhéanamh go brách. Tá gairbhe agus loime Bhoirne ag an gClár ach iad gan fíneáltacht na máistrí.

Bheadh Loch Garman níos fearr ach pící a bheith acu ina ndóid seachas camáin oilte. Tiocfaidh lá na nDéise fós ach Sliabh Geal gCua na Féile dul in airde ar Shliabh na mBan.

Beidh na Dubs go maith nuair a bheidh a gcuid iománaithe chomh míthrócaireach lena gcuid peileadóirí. Tá gá ag Aontroim leis an amas cruinn a bhíodh ag cuid acu ar bháirí éagsúla eile le leathchéad bliain anuas. Tá salachar Chill Chainnigh gan áireamh ach blianta caite acu á cheilt le healaín arb ealaín ann féin í. Níl aon bhreith ag aon chontae díobh siúd ar Chorcaigh, áfach, óir tá Corcaigh class. 

 Fuadar ard ar fad is ea na laethanta seo roimh an gcluiche. Tá an chaint agus an bhóisceáil agus an bladar agus an ghearrchaint go hiontach. Cuid de smior ár n-anama é.

B’fhearr, áfach, nach gcloisfí cuid de na hamhráin nua a bhíonn á gcumadh ar gach taobh bíodh gur fearr iad ná an caoineadh maoithneach Victoriánach is dual, na Banks siúicriúil féin agus an t-urlacan cothaitheach Sleevenamon.

Cé gurbh fhearr liom féin Salonika mar amhrán dúchais na cathrach is an chontae, ar an ócáid seo, is é an rosc Corcaíoch ‘The Bould Thady Quill’ is mó a oiriúnaíonn. Tar éis an tsaoil is ann atá an véarsa a thosnaíonn ‘At the great hurling match between Cork and Tipperary,’ agus a bhfuil na línte ardfhileata ‘He hurled the ball right and left in their faces/ and showed them Tipperary men courage and skill/ If they touched on his lines he would certainly brain them/ And the paper was full of the praise of Thade Quill.’

Is trua nach bhfuil tagairt don namhaid, do Thiobraid Árann sa leagan Gaeilge, ach fós insítear an scéal:

‘I gcluiche chraobh Éireann bhí Corcaigh á dtraochadh

Ó ghríosadh is béiceach iománaithe claí

Is ar eagla go léasfaí ár mbuachaillí féinig

Do chuireamar scéala go Baile na Graí

Seo Taidhgín ina aonar is bhuail sé sa choimheascar

Dhein éacht leis an sliotar ná feicfear arís

Bhí trácht ar pháipéirí is ar Raidió Éireann

Ar ghaiscíoch uile-Éireann, ár dTaidhgín Ó Cuill.’

Is mó sin Tadhg Ó Cuill atá ag Corcaigh Dé Domhnaigh. Níl le déanamh acu ach a bheith dílis dó.

Fág freagra ar 'Níl aon bhreith ag aon chontae ar Chorcaigh, óir tá Corcaigh class'