Níl ann ach teist eile i gcampa samhraidh na dtuismitheoirí

Teist seasmhachta ocht seachtaine atá i gcampa samhraidh na dtuismitheoirí atá faoi lán seoil faoi láthair

Níl ann ach teist eile i gcampa samhraidh na dtuismitheoirí

Is dóigh go bhfuil a fhios agat faoin am seo, go bhfuil campa samhraidh na dtuismitheoirí faoi lán seoil. Céard é? Teist seasmhachta ocht seachtaine atá ann agus ní thiocfaidh slán ach an té is láidre, is glice agus is scafánta. 

Seans go bhfuil tú ag rá leat féin, ‘An bhfuil mé ag cailleadh amach ar rud éicint?’

Nó, b’fhéidir go bhfuil tú ag rá leat féin, ‘bhuel, ní tuismitheoir mé, an bhfuil cead agamsa clárú le campa samhraidh na dtuismitheoirí?’. 

Beidh áthas ort nuair a chloisfidh tú go bhfuil lánchead agat clárú don champa, fiú murar tuismitheoir thú, is tá mé cinnte go bhfaighidh tú tuismitheoir a thabharfaidh a spota féin ar an gcampa duit, gan aon chostas. Ach, sula nglacfaidh tú le d’áit ar an gcampa, cuir ceist ort féin, ‘An bhfuil mé sách láidir? An bhfuil mé sách glic? An mbeidh mé in ann a ghabháil i bhfolach in áit éicint?’.

B’fhéidir gur léigh tú in áit éicint go bhfuil idir 10 agus 12 uair an chloig codlata in aghaidh an lae ag teastáil ó pháistí óga. Ní hamháin nach bhfuil sé sin fíor, ach is bréag é. Go deimhin, tá sé faighte amach agam nach dteastaíonn ó pháiste ach idir ceithre agus sé uair an chloig codlata san oíche, agus ní gá gur codladh maith a bheadh ann ach an oiread. 

Is leor codladh briste, leathchodladh agus codladh a bhfuil cuma na dúiseachta air chun go mbeadh páiste in ann an lá a chaitheamh ag rith thart, ag ‘flossáil’, is ag timbleáil.

Ar an lámh eile, teastaíonn thart ar 14 uair an chloig codlata sa lá ó thuismitheoirí chun go mbeidh siad in ann coinneáil leis an diansceideal imeachtaí atá leagtha amach ag na páistí dóibh.

Tosaíonn imeachtaí an lae ag 6:30 ar maidin agus ní mór tús a chur le gníomhaíocht nua gach leathuair an chloig nó tosóidh na páistí ar an diancheistiú nó, níos measa fós, ar an bhfealsúnacht. 

Seans go ndéarfaidh an páiste rud éicint deas leat ar dtús ar nós, ‘beidh grá agam duit go deo na ndeor’. ‘Áá, nach bhfuil sé sin go hálainn,’ a déarfaidh tú. Bí ar d’aire.

‘Go deo na ndeor, fiú nuair a bheidh tú caillte,’ a déarfaidh sé ansin.

Ar chraiceann do chluaise ná habair ‘Céard?’ agus ná géill don imní atá ort go bhfuil bua na tairngreachta aige. Is má tá aon chiall beo agat, ní dhéarfaidh tú, ‘cén fáth a mbeinn caillte?’.

‘Níl mé ach ag rá dá mbeadh taom croí agat, nó dá mbuailfeadh carr thú nó dá dtitfeá as do sheasamh gan aon chúis, beidh grá agam duit fós agus tú sna flaithis,’ a fhreagróidh an páiste go soineanta. 

Déan iarracht gan do shaol ar fad a cheistiú, ná déan iontas an ndearna tú athnuachan ar an bpolasaí árachais saoil i mbliana, is ná dóigh do chuid dialann.

Níl ann ach teist eile i gcampa samhraidh na dtuismitheoirí. 

Abair ‘Go raibh maith agat, beidh grá agamsa duitse freisin go deo na ndeor,’ agus bog ar aghaidh go dtí an chéad imeacht eile ar an gclár.

Béilte.

Fág freagra ar 'Níl ann ach teist eile i gcampa samhraidh na dtuismitheoirí'

  • Róisín Ni Dhushlaine

    Shamhlófá go gcuirfeadh ‘campa samhraidh na dtuismitheoirí’ lena gcumas tuisceana ar an obair a dhéanann múinteoirí na tíre seo lena leanaí lá i ndiaidh lae ach faraor….ní i gcónaí go ndeineann!