Níl an An Deas Ailtéarnach chomh deas sin, níl an Alt-Right alraight…

Ní scata rógairí gan aon díobháil iontu iad an Alt-Right, agus mar a chéile cuid dá bhfealsúnacht agus fealsúnacht an impiriúlachais

Níl an An Deas Ailtéarnach chomh deas sin, níl an Alt-Right alraight…

Tá an tIrish Times bocht tar éis srathair na conspóide a tharrac umpu le foilsiú an ailt ‘The alt-right movement: everything you need to know’ le Meiriceánach fir atá ag cur fé i gCill Mhantáin, Nicholas Pell. Alt mínithe a bhí ann, maille le gluais téarmaí a bhaineann leis an ngluaiseacht An Deas Ailtéarnach atá ag dul i neart sna Stáit Aontaithe le tamall de bhlianta anuas. Ba dhóigh leat, agus tú ag léamh an méid sin thuas, gur alt neamhurchóideach, cabhrach, úsáideach a bheadh ann, agus gur mhór an chúnamh a bheadh ina leithéid d’éinne gur suim leis polaitíocht na linne seo. Ach ní mar a shíltear a bítear.

Dar leis an údar, is drong óg, fhuinniúil, eascartach a bhaineann le comhghuaillíocht Trump, dream atá fíorghníomhach ar Twitter agus “ar fhóraim faoi thalamh”. Deir sé gur dream iad  iad an Deas Ailtéarnach a bhfuil “tréithe an náisiúnachais” iontu, go mbíonn amhras orthu faoin ndomhandú agus  gur dream “magúil” iad a bhfuil féith an ghrinn iontu. Cheapfá dá bhrí sin gur scata rógairí iad, gan aon díobháil iontu ach iad fé mar a bheadh grúpa gasóg ag déanamh ceoil, spóirt agus imeartais  dóibh féin.

Bhí daoine oiriúnach le ceangal toisc é bheith de choráiste ag an Times a leithéid d’ardán a thabhairt d’fhear nár chuaigh ródhian ar dhrong a léiríonn formhór na dtréithe a bhaineann leis an nua-naitsíochas. Is deacair gan teacht lena dtuairim, cé go bhfuil scríte cheana agam fén dtábhacht a bhaineann le héalú ó bhothán na macallaí ar líne chun léas a fháil ar ‘an taobh eile’. Ach bhí Pell ‘coigilteach leis an fhírinne’, ó níor luaigh sé amach díreach mórthréith na gluaiseachta seo – an ciníochas.

Pé lipéad a chuirtear ar ghluaiseacht dá leithéid (agus is cnámh spairne ann féin an glacadh atá á fháil ag an téarma Alt-Right sna meáin, nuair is oiriúnaí an lipéad neo-nazi dá leithéid, dar le scata), tá a bhfealsúnacht fite fuaite le ceist na gciníocha. Mar shampla, deir Richard Spencer, duine de cheannairí na gluaiseachta agus an té a deirtear a chéadcheap an téarma Alt-Right, gur chóir eitneastáit gheala a chruthú i Meiriceá Thuaidh don ‘chine geal díshealbhaithe’, agus gur chóir ‘glanadh eitneach síochánta’ a dhéanamh (más féidir fiú a leithéid de rud a shamhlú) chun stop a chur le ‘díthógáil an chultúir Eorpaigh’. Lebensraum don Herrenvolk, ab ea?

Macalla atá i scata de chaint agus de theoiricí na gluaiseachta seo d’fhealsúnacht an impiriúlachais, an chiníochais, an eoiginice agus na seineafóibe a bhí sa treis sa 19ú haois agus sa chéad leath den 20ú aois. Ba dhóigh leat go raibh an lá sin imithe le fada.

Is féidir bóna agus carbhat a chur ar an gciníochas, agus guthaí acadúla a chur air, ach níl ann ach ciníochas i ndeireadh na dála. Nochtann sé é féin ar deireadh, fé mar a dhein nuair a bhí Spencer ag labhairt i Samhain na bliana seo caite fé thoghchán Trump. Chríochnaigh sé leis an abairt “Hail Trump, hail our people, hail victory!”, ráiteas a thuill dó cúirtéisí Naitsíocha (i.e an lámh dheas san aer leis an mbos oscailte) ón 200 nó mar sin duine a bhí i láthair.

I measc na gcodanna d’alt Pell a chur olc ar dhaoine bhí an sainmhíniú seo: ‘Dindu or Dindu Nuffin’: A black man convicted of a crime, often one lionized by the press or portrayed as innocent. An attempt to approximate the African-American Vernacular English pronunciation of “didn’t do anything” (“dindu nuffin”)”.

D’fhoilsigh an páipéar píosa le John McManus, Eagarthóir Tuairimíochta an nuachtáin, a chosain foilsiú an ailt toisc go dtug sé “léiriú gléineach ar thuiscintí agus ar idéalachas na gluaiseachta”. Ach is a mhalairt atá fíor, dar liom. Bhraitheas gur iarracht a bhí san alt le haghaidh fidil na sibhialtacha a chur ar ghluaiseacht ag a bhfuil tréithe go mbeadh an ghráin shaolta orthu ag aon duine le aon splinc meabhrach fén spéir.

B’fhéidir go bhfuil an iomarca airde á thabhairt ar an ngluaiseacht áirithe seo, agus cé go ndeirtear go raibh tionchar acu ar thoghadh Donald Trump, níor cheart a cheapadh go bhfuil gach dara duine a vótáil do Dhónaillín ina fhorchiníoch.

Ach má tá ardán le tabhairt dóibh, bíodh léiriú fírinneach á thabhairt ar fhealsúnacht na gluaiseachta.

Fág freagra ar 'Níl an An Deas Ailtéarnach chomh deas sin, níl an Alt-Right alraight…'