‘Níl’ a vótáil an pobal sna reifrinn teaghlaigh agus cúraim a reáchtáladh inné.
Ghéill an Taoiseach Leo Varadkar i bhfad sula raibh comhaireamh déanta ar na vótaí go léir go raibh “buaite glan” ar an dá reifreann.
Buille mór don rialtas is ea torthaí na reifreann.
Agus an chuma ar chúrsaí gur thart ar dhá thrian de dhaoine a vótáil in aghaidh reifreann an teaghlaigh, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur buaileadh “go trom an dá leasú” agus gur buaileadh “dhá smíste” ar an Rialtas.
Chaithfí machnamh a dhéanamh ar an torthaí, ar sé.
“Glacann an Rialtas leis an toradh agus léireoimid meas iomlán air. Mar cheannaire an Rialtais, agus thar ceann an Rialtais, glacaimid freagracht as na torthaí,” arsa an Taoiseach.
“Orainne a bhí an dualgas a chur ina luí ar mhóramh den phobal vótáil ‘Tá’ agus is léir gur theip orainn é sin a dhéanamh.
“Is dóigh liom go raibh sé deacair againn go fiú a chur ina luí ar dhaoine go raibh gá nó riachtanas le reifreann ar chor ar bith, gan trácht ar shonraí an fhriotail, agus sin rud ar léir go gcaithfimid ár machnamh a dhéanamh faoi.”
Dúirt an Taoiseach go gcreideann sé gur céim ar gcúl don tír a bhí sna vótaí ‘Níl’ sa dá reifreann ach nárbh amhlaidh go raibh na daoine a vótáil ina n-aghaidh “mícheart”.
Tá cáineadh láidir á dhéanamh ar an Rialtas as feachtas a rith a síleadh a bhí patuar go maith, ach dúirt an Tánaiste Micheál Martin go raibh níos mó ná cúis amháin ag an bpobal le diúltú don dá leasú.
Dúirt sé gur fhág torthaí an dá reifreann go raibh diúltaithe anois ag an bpobal do 13 leasú i reifrinn éagsúla.
“Cé gur diúltaíodh don athrú sa bhunreacht, bhí sé soiléir nach rabhthas ag easaontú leis go bhfuil gá le gníomh leanúnach chun tacú le teaghlaigh agus le meas a léiriú ar phrionsabail an chomhionannais,” arsa Martin.
“Cuid thábhachtach dár gcuid oibre i gcónaí é gníomhú faoi seo go dtí go mbeidh ár mandáid istigh.”
An aidhm a bhí leis an leasú i reifreann an teaghlaigh ná athrú dhéanamh ar an sainmhíniú ar cad is teaghlach ann. Teaghlaigh bunaithe ar an bpósadh amháin atá i gceist sa Bhunreacht agus diúltaíodh don leasú a d’fhágfadh aitheantas ag teaghlaigh bunaithe ar an bpósadh agus teaghlaigh “bunaithe ar chóngais bhuanfasacha”.
Diúltaíodh chomh maith don leasú faoi chúrsaí cúraim a bhainfeadh den Bhunreacht na tagairtí do shaol agus do dhualgais na mban ó thaobh cúraim baile agus a thabharfadh aitheantas ina n-áit don chúram sa teaghlach.
Bhí Fine Gael, Fianna Fáil, Sinn Féin, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus Pobal Roimh Bhrabús ag cur comhairle ar dhaoine vótáil ar son an dá leasú.
Chuir Sinn Féin an milleán as na torthaí ar fheachtas “leamh” an Rialtais agus ar “dhoiléire” a gcur chuige, ach beidh ceisteanna le freagairt chomh maith ag ceannaire an fhreasúra, Mary Lou McDonald maidir le cén fáth gur vótáil oiread de lucht tacaíochta a páirtí in aghaidh na reifreann.
Antóin
“Buille mór don rialtas is ea torthaí na reifreann” agus buille mór freisin do Shinn Féin do Pháirtí an Lucht Oibre, do na Daonlathaithe Sóisialta, do Phobal Roimh Bhrabús agus freisin do na heagraíochtaí neamhrialtasacha a chaith ár gcuid airgid ag feachtasaíocht ar son an rialtais.
Pádraig O'hEipicín
Buíochas Lé Dia.
Pádraig Mac a’tSaoir
Tá ceisteanna le freagairt ag na meáin Ghaeilge chomh maith leis ma meáin ar fad faoin easpa scagadh a rinne siad ar na ceisteanna seo.
WTF
Bíodh a ‘gcóngas buanfasach’ féin anois acu féin!