Níl a dhath mícheart leis an gCoróin Thriarach… 

Cinnteoidh foireann Andy Farrell a gceathrú bua i gcomórtas Sé Náisiún na bliana seo inniu agus is féidir linn tosú ansin ag guí go bhfaighidh na Sasanaigh an ceann is fearr ar na Francaigh 

Níl a dhath mícheart leis an gCoróin Thriarach… 

Andy Farrell. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Níl a dhath mícheart leis an gCoróin Thriarach!  Nach muid a bhí breá sásta léi i 1982 nuair a fuair muid greim uirthi tar éis gorta fada tríocha a trí bliain. Anois agus Babhta 5, an babhta deiridh, de chomórtas Shé Náisiún na bliana seo linn inniu agus má éiríonn linn Albain a chloí i Staid Aviva beidh greim againn ar an gCoróin Thriarach arís den dara huair déag ó 1883.

Roimhe sin, tabharfaidh an dá fhoireann atá ar íochtar an tábla, an Bhreatain Bheag agus an Iodáil, atá ar a íochtar ar fad, faoina chéile i Staid na Mílaoise. Tá na hIodálaigh bochta fós ar thóir a gcéad bhua le fada an lá agus seans nach mbeidh aon athrú ar an bport sin mar go bhfuil cúl na mBreatnach le claí agus gan ach an t-aon chluiche amháin buaite acusan i mbliana.  Tá mise ag tuar gurb iad na hIodálaigh a bheas fós sáinnithe ar íochtar thábla na Sé Náisiún.

Ina dhiaidh sin, tabharfaidh muid faoi Albain in Áth Cliath i gcluiche atá cinniúnach dúinne maidir leis an gCoróin Thriarach agus go deimhin lenár stádas ag barr an tábla. Má bhíonn an bua againn inniu beidh na comórtais idir Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag agus muid féin buaite againn. Ní hamháin sin ach beidh muid fós sa rás don chraobh, sin má dhéanann na Sasanaigh gar dúinn i bPáras i gcoinne na bhFrancach.

Ach sula dtarlaíonn sin, caithfidh muid Albain a chur ó dhoras.  Níor cheart go mbeadh mórán stró ag baint leis sin, ar an gcéad fhéachaint ar aon chaoi.  Cuimhnigh gur ghéill Albain trí úd do na hIodálaigh seachtain ó shin. Má imríonn muid mar a thosaigh agus mar a chríochnaigh muid in Twickenham an tseachtain seo caite ní bheidh Albain in ann seasamh linn.

Ach má thiteann muid inár gcodladh mar a rinne muid i lár an chluiche chéanna, tabharfaidh sé splanc dhóchais do na cuairteoirí. Ní dóigh liom go dtarlóidh sin inniu agus na mílte dá lucht leanúna ag tacú le hÉirinn agus iad ar bís ar thóir craobh de chineál ar bith. Sea, cinnteoidh foireann Andy Farrell a gceathrú bua i gcomórtas Sé Náisiún na bliana seo agus tosaíodh muid ar fad ag guí agus ár n-aird dírithe ar chluiche deiridh an chomórtais a bheas á imirt i bPáras idir na Francaigh agus na Sasanaigh.

Tá sé chomh simplí leis seo, má bhíonn an lá leis na Francaigh beidh an Grand Slam agus an chraobh acu, ach má bhíonn an lá leis na Sasanaigh ní bheidh fáil ag aon fhoireann ar an nGrand Slam ach is orainne a bhronnfar craobh Shé Náisiún na bliana seo.

Sa gcás go gcríochnaíonn an cluiche i bPáras cothrom agus má bhuaileann muid Albain is againne a bheas an chraobh.  Cé nach dochar a bheith ag brionglóideach, is deacair bua a thuar do na cuairteoirí i bPáras inniu.  Tá imirt na Sasanach i bhfad ó ardchaighdeán an chomórtais seo faoi láthair. Bheadh iontas ormsa mura n-éireoidh leis na Francaigh an Grand Slam a thabhairt leo. Mar sin féin, seans nár dhochar cúpla líne de ‘God Save the Queen’ a chleachtadh.

Más mar sin a tharlóidh, is cúis mhór cheiliúrtha greim a fháil ar an gCoróin Thriarach, mar a dúirt mé thuas.

Ach roimh na trí chluiche Sé Náisiún sin, cuirfidh Cúige Mumhan chun páirce san Afraic Theas agus iad ag imirt i gcoinne na Lions  sa gcamchuairt dhá chluiche atá á déanamh acu ar an limistéar sin. Theip orthu sa gcéad chluiche seachtain ó shin cé gur éirigh leo pointe bónais cailliúna a shlánú i gcoinne na mBulls.

Beidh siad ag iarraidh na deacrachtaí a tháinig chun solais agus iad ag imirt ag leibhéal chomh hard sin os cionn na farraige a cheartú. Cé go bhfuil siad ag imirt i gcoinne na foirne is laige ón Afraic Theas sa gcomórtas tá cluiche crua eile roimh Chúige Mumhan inniu ach níl siad gan seans.

Fág freagra ar 'Níl a dhath mícheart leis an gCoróin Thriarach… '