‘Ní thabharfar táille craoltóireachta teaghlaigh isteach’ – Naughten

Dúirt an tAire nach mbeadh aon ghlacadh aige le táille nua fad is go bhfuil an oiread sin daoine ann nach bhfuil sásta aon rud a íoc faoi chóras na gceadúnas

6/5/2016. General Election 2016. Government Formation. (L to R) former Minister for Health Leo Varadkar, who was moved to the Department of Social Protection, Denis Naughten, member of the Rural Alliance Independents, become Minister for Communications, Climate Change and Natural Resources, Pascal Donohoe, former Minister for Transport, becomes Minister for Public Expenditure and Reform and Maire Whelan SC, who remains as Attorney General, as the new Cabinet sits for a family photo in Aras an Uachtarain. Photo: RollingNews.ie
Denis Naughten. Pictiúr: RollingNews.ie

Níl sé i gceist deireadh a chur le córas na gceadúnas teilifíse ar mhaithe le táille craoltóireachta teaghlaigh.

Dúirt an tAire Cumarsáide Denis Naughten go ndearna sé cinneadh nuair a ceapadh ina Aire é gan dul ar aghaidh leis an bplean maidir le táille craoltóireachta teaghlaigh a thabhairt isteach.

Dúirt Naughten go raibh sé sásta le córas an cheadúnais ach ghéill sé go raibh laige shuntasach ann.

“There is a considerable level of evasion, far more than anywhere else where there is a television licence in place. We need to address that issue,” a dúirt an tAire Cumarsáide.

Mhaígh sé nach mbeadh aon ghlacadh aige féin ná ag éinne eile le táille eile fad is go bhfuil an oiread sin daoine ann nach bhfuil sásta aon rud a íoc faoin gcóras atá ann.

Dúirt an t-iar-aire cumarsáide Eamon Ryan go raibh ceisteanna eile ann seachas líon na ndaoine a bhí ag seachaint an cheadúnais. Dúirt ceannaire an Chomhaontais Ghlais gur thuig sé cén fáth nach raibh fonn ar an Aire athrú a dhéanamh ach go raibh saol na craoltóireachta agus na teicneolaíochta ag athrú chomh tapa sin go gcaithfí féachaint ar chórais íocaíochta eile.

Mhol Ryan go mbunófaí ‘coimisiún’ le féachaint ar na roghanna éagsúla a bhí ann.

Fág freagra ar '‘Ní thabharfar táille craoltóireachta teaghlaigh isteach’ – Naughten'