Ní smaoineamh ná nóisean ná idé-eolaíocht pholaitiúil í inscne an duine

Bíonn go leor scéalta uafáis, míthuiscintí agus mífhaisnéis neamheolaíoch á scaipeadh maidir le daoine trasinscneacha agus géarghá le fada an lá le hoideachas gnéis LADTionchuimsitheach

Ní smaoineamh ná nóisean ná idé-eolaíocht pholaitiúil í inscne an duine

Dé Sathairn, an 19 Samhain 2022, chruinnigh scaifte taobh amuigh de Theach Laighean chun Lá Cuimhneacháin do Dhaoine Trasinscneacha a chomóradh i gcuimhne na ndaoine a dúnmharaíodh agus a cailleadh de bharr gur dhaoine trasinscneacha iad. Roinnt uaireanta an chloig níos déanaí, cuireadh leis an liosta sin nuair a rinneadh sléacht gunna in Club Q, Colorado. An lá céanna, d’fhoilsigh Tuairisc alt tuairimíochta de chuid Chathail Mhic Choille faoi chruinniú de chuid Women’s Space Ireland ag léiriú a thacaíochta i leith “gearáin réasúnta” dar leis.

Ní suim linne mórán a rá faoin údar ná clúmhilleadh a dhéanamh air. An t-aon rud a déarfaimid maidir leis, ná gur iriseoir cumasach aitheanta é a bhfuil clú agus cáil air as a bhlianta fada ar Morning Ireland ar RTÉ. Tá stádas faoi leith aige agus mar sin ag a chuid anailíse.  Nuair a nochtann sé a thuairim, éistear leis agus bíonn iontaoibh ag an phobal as.

Is anseo atá an fhadhb. Tá Mac Coille tar éis ardán a thabhairt do ghrúpa a chraobhscaoileann míthuiscintí agus mífhaisnéis neamheolaíoch maidir le daoine trasinscneacha. Tá sé tar éis dlisteanacht a bhronnadh orthu nach bhfuil tuillte acu.

Is baolach an saol é don duine trasinsnceach mar a chonacthas ag an deireadh seachtaine agus is baolaí arís é mar gheall ar na feachtais seo agus déanann an reitric dhainséarach ar a suíomh dídhaonnú ar an bpobal trasinscneach i gcoitinne.

Tógaimis cúpla sampla. Ar an chéad dul síos, úsáidtear an focal “grooming” nó mealltóireacht go minic ar shuíomh Women’s Space Ireland agus cur síos á dhéanamh ar oideachas scoile agus polasaithe ionchuimsithe. Focal a bhaineann leis an phéidifilia, ag cur síos ar an phobal trasinscneach mar bhagairt, go bhfuil an duine trasinscneach féin ina chlaonaí gnéasach. Tá an friotal seo in úsáid go tréan ag grúpaí antoisceacha atá amach ar an eite dheis ina bhfeachtais fuatha.

Ba théama leanúnach é seo ag an chruinniú is cosúil, le focail ar nós “sábháilteacht” agus “cosaint” in úsáid.  Miotas gan bhunús gan fhianaise é gur bagairt faoi leith iad trasmhná do chismhná is do chischailíní. Faraor, is cisfhir dhíreacha is baolaí do chailíní, do mhná, do bhuachaillí is d’fhir – cis, tras agus eile. Agus de ghnáth, ní strainséirí i spásanna poiblí iad.

An freagra, mar dhea, air seo uilig ná “tosaíocht a thabhairt do ghnéasacht bhitheolaíoch”, rud nach bhfuil chomh simplí is a shílfí nuair a thagann sé chuig hormóin, crómasóim agus tonnta inchinne agus rud a dhéanann neamhaird den phobal idirghnéasach. Éilítear “ionaid aon-ghnéis” rud a chiallódh go mbeadh ar Daniel Aston, trasfhear a dúnmharaíodh in Colorado, lena chroiméal agus a chuma a chloígh lena inscne, leithris is seomraí feistis do mhná a úsáid. Ní raibh trácht ar bith san alt seo do thrasfhir.

Déantar tagairt san alt chomh maith don mholadh gan cead isteach a bheith acu siúd le “corp fireann neamh-athraithe”. Cad is brí leis sin? An ndéanfaí seic ar bhaill ghiniúna daoine? An mbeadh amhras faoi chismhná a bhfuil cuma “rófhearúil” orthu?

Scéal chailleach an uafáis is ea é seo agus úsáidtear é chun cearta agus cosaintí a tharraingt siar mar a chonacthas le déanaí ar fud Stáit Aontaithe Mheiriceá, nuair a cuireadh cosc ar chúram sláinte do dhaoine trasinscneacha agus ar oideachas LADTionchuimsitheach, mar shampla leis an ‘Don’t Say Gay Bill’ in Florida.

Le linn an chruinnithe agus ar fud an tsuímh idirlín ag an ngrúpa nua, tá beag is fiú déanta de dhaoine trasinscneacha leis an téarma “idé-eolaíocht fhéiniúlacht inscne”. Ní smaoineamh ná nóisean í inscne an duine a mbíonn tréimhse áirithe ama i gceist léi. Ní idé-eolaíocht pholaitiúil ná gluaiseacht í. Níl aon bhunús eolaíoch ná leighis leis an seasamh seo agus úsáidtear é chun cúram sláinte agus seirbhísí riachtanacha a shéanadh ar dhaoine óga. Luadh “cearta an tuismitheora” ag an gcruinniú amhail is gur faoin tuismitheoir é a shocrú an bhfuil a pháiste trasinscneach nó nach bhfuil. Tá daoine mar atá siad, glacaimis leo. Tá géarghá le fada an lá le hoideachas gnéis LADTionchuimsitheach agus tá go leor scéalta uafáis á scaipeadh faoi na cúrsaí seo. Tá sé de cheart ag daoine óga tuiscint a bheith acu orthu féin agus a bheith ábalta a bheith slán is sábháilte. Cuireann feachtais ar nós Women’s Space Ireland bac ar dhul chun cinn an phobail thrasinscnigh ó thaobh a gceart nuair a thagann sé chuig cúram sláinte agus oideachas.

Tá dea-chleachtas idirnáisiúnta cúram sláinte múnlaithe ar chomhthoil eolasbhunaithe de dhíth agus níl sé ar fáil in Éirinn. Ina áit, tá seirbhís i mBaile Uí Lachnáin ina mbíonn liosta feithimh 6-10 mbliana.

Déanann Ollie Bell, gníomhaí trasinscnneach le ROSA cur síos ar chúrsaí anseo:

Cé nár rangaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) an trasinscne mar neamhord meabhrach ó bhí 2019 ann, leanann Baile Uí Lachnáin ar aghaidh leis an tsamhail cúram síocóiseach agus sáraíonn an tsamhail seo dea-chleachtais idirnáisiúnta mar atá leagtha síos ag an Chumann Domhanda na nGairmithe um Shláinte Thrasinscneach (WPATH) 

Nuair a fhaigheann duine trasinscneach a gcéad choinne i mBaile Uí Lachnáin, bíonn orthu dul trí phróiseas trí huaire an chloig le sos 8 nóiméad. Cuirtear ceisteanna fíorphearsanta orthu faoina dteaghlaigh, a n-óige, a gcaidrimh agus aon tráma a d’fhulaing siad. Cuirtear an-bhéim ar chúrsaí collaíochta sna ceisteanna céanna. Cuirtear ceisteanna maidir le nósanna i leith na pornagrafaíochta, a stair chollaíochta, a smaointe le linn gnéas béil agus cé acu an gcuireann caitheamh éadaí áirithe fonn craicinn orthu. Tá na ceisteanna seo bunaithe ar smaointe seanfhaiseanta a bréagnaíodh i bhfad ó shin, nach bhfuil sa trasinscne,  go háirithe i gcás trasbhan, ach feitis a spreagann fonn sa duine nuair a chuireann siad iad féin in iúl de réir a rogha inscne.

Fulaingíonn an pobal uilig faoin ngéarchéim atá sa chóras sláinte, fulaingíonn na daoine is leochailí, an pobal trasinscneach ina measc, níos mó arís. Tá saol níos fearr ón bpobal trasinscineach ach ní bhainfear é sin amach agus mífhaisnéis leithéid WSP [Women’s Space Ireland] ag múnlú polasaithe oideachais is sláinte.

B’fhéidir nach ionann “easaontú agus fuath” mar a deir an t-údar ach is dochrach an t-aineolas don duine trasinscneach agus cúisíonn a scaipeadh séanadh chearta an phobail sin.

  • Ball den ghrúpa ROSA í údar an ailt seo

Fág freagra ar 'Ní smaoineamh ná nóisean ná idé-eolaíocht pholaitiúil í inscne an duine'

  • Caoimhín

    Mo smaointe féin faoin alt úd eile curtha in iúl go iontach ag an sár-alt seo.

  • Pat Butler

    Tá níos mó foghlamtha agam faoin bpobal tras ón alt seo ná ó aon fhoinse eile sa díospóireacht déanaí faoin ábhar seo ar an ardán áirithe seo.

    Is méanar dúinne, seanóirí cis, idir fir is mná, cluas éisteachta a chur orainn féin arís. Go ró-mhaith is cuimhin liom na laethanta a raibh orainn oideachas a chur orainn féin chun na.míthuiscintí coitianta a bhí forleathan sa sochaí a ba chúis leis an bhformhór mór againn gan bheith ábalta pedophilia a aithint mar staid ar leith ann féin – staid nach raibh baint dá laghad aige leis an homognéasachas. Cheapamar gut homoghnéasaigh a bhí ag ionsaí buachaillí, FFS!

    B’in míthuiscint aineolach, má bhí míthuiscint aineolach ann riamh.

    Feictear dom gur míthuiscintí forleathana eile mar é ar nádúr na mban tras atá á fhreagairt go h-éifeachtach ag Caitríona Ní Chathasaigh ina halt sin thuas.

    Is fearr an eochar tuisceana atá anois agam, cisfhear seanóra ar an lasmuigh, ná mar a bhí agam go dtí seo ar conas mar a fhéachann an bhean cis ar an gceist seo ón dtaobh istigh.

    Bulaí mná. Gabhaim buíochas léi.

  • Conor Ó Briain

    Bhi faisistigh i láthair ag na hagóidí agus rudaí gránna á rá acu. Bíodh sé de mhacántacht againn faisistigh a thabhairt orthu.

  • Máire

    Alt spéisiúl.

  • D

    Nach mór an trua go bhfuil ‘faistisigh’ á thabhairt ar mhná atá mí-shocair leis na dlíthe (a tugadh isteach i ngan fhios, gan deis é a phlé, fiú) a gcreideann siad bhfuil tionchar acu ar a gcuid cearta @Conor Ó Briain. Agus, cé thusa le bheith ag caint faoi mhná mar sin?!!! Tá sé cosúil leis an gcur chuige atá ag na hIosraelaigh nuair a a thugann siad frith-Sheimítí orthu siúd nach n-aontaíonn lena ngluaiseacht sa Phalaistín. Is bealach drochmhúinte agus leisciúil é chun a gclab a dhúnadh. Tá go leor de na cinneálacha maslaí (Terf, Nazi, Faisistí) seo á chaitheamh le mná a bhfuil imní orthu faoi thionchar na ndlíthe ar thodhchaí na tíre. Leisciúlacht chun díospóireachta agus easpa iontaobhais a bheith ag caitheamh maslaí mar iad, agus is é an bealach comónta atá á úsáid chun stop a chur leis an gcomhrá atá rí-thábhachtach a phlé go náisiúnta.
    Níor chuala mé tada ráite ag Cathal Mac Coille, ná ag Women’s Space Ireland, a bhí maslach i leith dream trans, ach tá sé cloiste ón taobh eile go rialta. Is mór an trua go gcaithfear a bheith chomh gránna le daoine nach bhfuil na tuairimí chéanna acu is atá agat. ‘Mura bhfuil tú linn, is faisistí thú’ a chloiseann mise go rí-mhinic sa gcomhrá seo. Cén cineál cainte is gaire don fhaisísteachas, meas tú?!!!

  • Maitiú De Hál

    Sílim go bhfuil sé ag trácht ar East Wall @D?

  • Katie Roskams

    Alt iontach anseo. Nasc láidir idir na terfs agus na faistisigh i mo cheantar féin agus tá sé go maith go bhfuil muid ag labhairt amach ina choinne, i spiorad na dlúthpháirtíochta.

  • B.

    Sár-alt scríofa ag Caitríona Ní Chatháin. Ní sheasann ‘Women’s Space Ireland’ le mná. An scéal céanna a bhíonn i mbarr a ngoib i gcónaí acu, iad seasta ag scaipeadh ráflaí agus scéalta nach bhfuil fíor faoi thras mhná.
    Míle buíochas libh.

  • Pat Butler

    Gabhaim pardún ó chroí le Caitríona Ní Chatháin go bhfuair mé a b’ainm mícheart sa bhfreagra a thugas ar a halt dúshlánach thuas.

  • Máire

    Cheapas go raibh an talt go maith. Ach cuireann tráchtanna faoi ‘fhaisisteachas’ soir mé. Is cinnte nach bhfuil siad ag déanamh tada chun cabhrú leis an gcás a chuirtear chun cinn san alt ach a mhalairt glan. An bhfuil sibh ag iarraidh sibh fhéin a dhaingniú sa rud a chreideann sibh ann cheana féin – nó an bhfuil sibh i ndairíre ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhaoine cosúil liomsa? Léigh faoi Sophie Scholl, bean óg thar a bheith cróga a sheas an fód i gcoinne na Naitsithe agus a d’íoc as lena bheatha. Agus ansin bíodh cop on éigin agaibh agus éirigh as gcaint sheafóideach faoi ‘faisisteachas’ agus téigh amach agus déan iarracht daoine a thabhairt libh le loighic, le réasúnaíocht agus le daonnacht.

  • Maitiú De Hál

    Arís, a Mháire measaim gur ag trácht don Phort Thoir nó East Wall a bhí Conor Ó Briain. Sílim go ndeachaigh a thrácht amú ón alt eile le hEoin Ó Murchú.

  • Máire

    Gabh mo leithscéal más mar sin atá!