Ní oibreodh díospóireacht dhátheangach idir na hiarrthóirí sa toghchán uachtaránachta agus ní bheadh aon ghlacadh ag pobal na Gaeilge lena leithéid, a deir TG4.
Tá cáineadh á dhéanamh ar TG4 le tamall faoin scéal nach mbeidh díospoíreacht uachtaránachta á craoladh acu, ach tá cosaint láidir déanta ag an stáisiún ar an gcinneadh.
Ní cosúil go dtiocfaidh aon athrú ar an seasamh sin i bhfianaise chinneadh Jim Gavin éirí as an rás ag an deireadh seachtaine.
Cé go bhfuil an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly ag iarraidh go mbeadh díospóireacht ag an stáisiún Gaeilge, deir an t-aon iarrthóir eile, Heather Humphreys atá ag seasamh d’Fhine Gael, go mbraithfeadh sí féin faoi mhíbhuntáiste dá mbeadh uirthi tabhairt faoina leithéid.
Dúirt Catherine Connolly ar dhíospóireacht The Week in Politics ar RTÉ ag an deireadh seachtaine gur chóir go mbeadh díospóireacht ar TG4 fiú dá mba le fotheidil é.
Dúirt Connolly, gur údar mór díoma é nach mbeidh díospóireacht ag an stáisiún Gaeilge.
Ach deir TG4 gur léir ón t-aon díospóireacht uachtaránachta amháin a craoladh ar an stáisiún, in 2011, nach n-oibríonn a leithéid.
“Shocraigh TG4 díospóireacht d’fheachtas thoghchán na hUachtaránachta a reáchtáil i mí Dheireadh Fómhair 2011. Leagan amach trialach a bhí ann agus díospóireacht dhátheangach a bhí ann.
“Ó thaobh na heagarthóireachta de, níor oibrigh an leagan amach sin chun plé agus díospóireacht idir na hiarrthóirí a chur ar fáil. Cháin lucht labhartha na Gaeilge, príomh-sprioclucht féachana TG4 an cur chuige.”
Dúradh i ráiteas a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc roimh dhíospóireacht RTÉ agus fógra Jim Gavin go raibh sé ag éirí as, gur chinn TG4 i ndiaidh dhíospóireacht 2011 nach ndéanfaí a leithéid arís.
“In olltoghcháin agus i dtoghcháin Uachtaránachta ina dhiaidh sin agus trí phlé le RTÉ (a chuireann nuacht agus cúrsaí reatha ar fáil do TG4 faoi Alt 120 den Acht Craolacháin 2009) rinne TG4 cinneadh gan díospóireachtaí idir ceannairí na bpáirtithe ná díospóireachtaí uachtaránachta a léiriú de bharr nach n-oireann an fhormáid dhátheangach don díospóireacht idir iarrthóirí agus ní formáid í a mbíonn lucht labhartha na Gaeilge sásta léi.”
Dúirt Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael, ar dhíospóireacht The Week in Politics RTÉ, go mbraithfeadh sí féin faoi mhíbhuntáiste i ndíospóireacht a chraolfaí ar TG4 mar gheall nach bhfuil Gaeilge líofa aici.
Deir TG4 go bhfuil siad “sásta” go n-éireoidh leo “clúdach cothrom, neamhchlaonta agus oibiachtúil” a chur ar fáil le linn fheachtas an toghcháin ar Nuacht TG4 agus 7 Lá.
Chomh maith leis sin, craolfar dhá chlár speisialta Áras25 ar TG4 Dé Sathairn an 25 Deireadh Fómhair, lá an chomhairimh.
Mhaígh Sinn Féin an tseachtain seo caite go bhfuil TG4 ag “seasamh siar ó pháirc na polaitíochta” agus gur cheart ‘ateangaireacht bheo’ a úsáid chun díospóireacht a reáchtáil idir na hiarrthóirí.
Ghlac seachtar páirt sa díospóireacht uachtaránachta a craoladh ar an stáisiún i mí Dheireadh Fómhair 2011 – an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ina measc.
In 2011, seachas mír bheag chainte réamhullmhaithe, níor labhair aon duine den ochtar iarrthóirí ach Ó hUigínn Gaeilge le linn na díospóireachta.
Níor fhreagair Jim Gavin, a bhí fós ina iarrthóir ag Fianna Fáil ag an am, an cheist a cuireadh air ar chóir díospóireacht le fotheidil nó díospóireacht le hionadaithe a bheith ar TG4. Dúirt Gavin ar dhíospóireacht The Week in Politics nach raibh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán agus dá mbeadh nach mbeadh Mary McAleese tofa ina huachtarán.
Fág freagra ar 'Ní oibreodh díospóireacht dhátheangach agus ní bheadh pobal na Gaeilge sásta lena leithéid – TG4'