Ní mhúsclódh fiosrú Covid dóchas go gcuirfear féinleas ar leataobh riamh i Stormont

Ba iad an dá phríomhpháirtí, an DUP agus Sinn Féin, ba mhó a thuill faobhar a teanga ón mBantiarna, an Breitheamh Hallett, le linn an fhiosraithe

Ní mhúsclódh fiosrú Covid dóchas go gcuirfear féinleas ar leataobh riamh i Stormont

“Trína chéile, neamhréireach, deighilte, ag gníomhú ar mhaithe lena bpáirtí féin seachas an leas coiteann.”

Níl ansin ach cuid den cháineadh ar Stormont a rinne fiosrú Covid-19 na Ríochta Aontaithe. Ba iad an dá phríomhpháirtí, an DUP agus Sinn Féin, ba mhó a thuill faobhar a teanga ón mBantiarna, an Breitheamh Hallett.

Cháin an fiosrú an cur chuige go ginearálta ach leag an tuairisc is deireanaí béim ar leith ar an dochar a rinne dhá eachtra. Ba iad sin rannpháirtíocht an LeasChéad-Aire ag an am, Michelle O’Neill sa tsochraid ollmhór, phoiblí a d’eagraigh Sinn Féin don iarchomhalta den IRA, Bobby Storey agus an mhí-úsáid a bhain Chéad-Aire na linne, Arlene Foster agus an DUP as veto sa bhFeidhmeannas chun an deasca polaitiúil a bhaint as Sinn Féin.

D’éiligh grúpa thar ceann ghaolta na ndaoine a fuair bás agus a hadhlacadh ar an uaigneas go gcinnteofaí nach bhféadfadh polaitíocht shuarach idirpháirtí a theacht salach ar leas na ndaoine arís choíche. Seans gur shoineanta an mhaise dóibh é a bheith ag súil le haithreachas agus athrú poirt ach bheadh sé do-mhaite faillí a dhéanamh sna ceachtanna atá doshéanta.

Bheadh sé fánach ag éinne a bheith ag súil go n-admhódh Sinn Féin gur thaispeántas mícheart agus dochosanta í sochraid Bobby Storey le linn Covid. Ní hamháin go raibh na sluaite ar an Aifreann ach bhí mórshiúl ina dhiaidh sin go reilig Bhaile an Mhuilinn le haghaidh óráidí sular tugadh an corp go hoirthear na cathrach lena chréamadh i Roselawn. Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoin alltacht a bhí ar dhaoine cé is moite de dhílseoirí Shinn Féin.

B’fhacthas don bhfiosrú gur mhéadaigh O’Neill an teannas i ndiaidh na sochraide nuair a bhí sí diongbháilte nach ngabhfadh sí leithscéal go deo as freastal ar shochraid carad. Níos deireanaí dúirt sí go raibh aiféala uirthi faoi dhaoine a ghortú agus faoin díobháil a rinneadh don mhuinín san bpolasaí i leith Covid. Ghabh sí leithscéal ag an bhfiosrú poiblí anuraidh as freastal ar an tsochraid. Ag freagairt ceisteanna faoi thuairisc an fhiosraithe, thagair sí arís don dochar a rinne a hiompar agus dúirt go raibh ceachtanna le foghlaim. Sé port Shinn Féin anois go gcuirfear torthaí an fhiosraithe san áireamh san obair a bheidh le déanamh chun a bheith faoi réir do phaindéim nó tubaiste eile. Ba mhaith leis an bpobal fianaise a fheiceáil.

Thug ceannaire an DUP sáiteán don Bhantiarna Hallett ag rá nár thuig sí Tuaisceart Éireann. Ag cloí leis an mbéal bocht atá ag an DUP ón samhradh nuair a dúirt Gavin Robinson nár chuir an breitheamh san áireamh go mb’éigean do pháirtithe abhus cumhacht a roinnt le páirtithe eile. Ba chosúil gur chomhbhá a bhí uaidh as an gcleamhnas éigeantach le Sinn Féin seachas léirmheas agus cáineadh ar an dochar a rinne sé leas páirtí a chur chun tosaigh ar an bpobal.

Is léir gur ghoill sé ar an DUP gur chinn an fiosrú gur bhain Arlene Foster mí-úsáid as an veto sa bhFeidhmeannas i Samhain 2020 chun bac a chur ar scoradán ciorcaid mar a tugadh air – dianghlasáil éigeandála chun scaipeadh an víris a chosc. Bhain úsáid an veto geit as gach éinne ag an am mar gurbh in an chéad uair a baineadh leas as sa Chomh-aireacht go bhfios dúinn. Bhí úsáid an veto míchuibhiúil, dar leis an mBantiarna agus bhí méadú 25% ar chásanna Covid-19 de bharr na moille ar an mbeart a tugadh isteach seachtain níos deireanaí.

Tharla sé sin nuair a bhí an caidreamh idir an Chéad agus LeasChéad-Aire an-dona, Arlene Foster agus an DUP ar buile faoi fhreastal Michelle O’Neill agus Sinn Féin ar shlógadh sochraide Storey. Tá íomhá níos suairce ag Oifig an Fheidhmeannais faoi Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly faoi láthair ach tá a fhios ag cait an bhaile go bhfuil teannas idir an dá phríomhpháirtí ag géarú. Nocht fiosrú Covid cé chomh mífheidhmiúil is a bhí Stormont in am an ghátair; ní mhúsclódh sé dóchas go gcuirfear féin-leas ar leataobh feasta chun déileáil leis an ngnáthshaol.

Níorbh é Stormont amháin a fuair drochmharc ón bhfiosrú. Cháin sé rialtas na Breataine faoi cheannas Boris Johnson go han-ghéar agus chinn go raibh na rialtais uilig sa Ríocht Aontaithe mí-eagraithe; bhí siad rómhall ag freagairt don gcontúirt, baé dúnadh an dorais i ndiaidh na foghla é. Chuir easpa comhordaithe idir an Bhreatain agus Éirinn leis na fadhbanna freisin, tháinig teannas faoin mBreatimeacht salach ar chaidreamh Angla-Éireannach maidir le -19, cor tromchúiseach i bhfianaise éadaingne na teorann.

Ceachtanna le foghlaim thuaidh, theas agus ar an taobh eile de Mhuir Éireann.

Fág freagra ar 'Ní mhúsclódh fiosrú Covid dóchas go gcuirfear féinleas ar leataobh riamh i Stormont'