Ní léir fós go bhfuil polaiteoirí toilteanach labhairt go macánta faoi phinsin

Bíonn an fhírinne chrua faoi chúrsaí pinsin á seachaint arís agus arís eile ag polaiteoirí

Ní léir fós go bhfuil polaiteoirí toilteanach labhairt go macánta faoi phinsin

Ní foláir rud amháin a shoiléiriú agus tuairim gach Teachta Dála beagnach faoi chúrsaí pinsin á plé. Ní mímhacántacht ach easpa lánmhacántachta a thugann orthu an fhírinne chrua a sheachaint arís agus arís eile.

Is féidir an fhírinne a chuntas go beacht, bunaithe ar áireamh a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) in 2018. Léiríonn na figiúirí síneadh nach beag ar mheánfhad saoil mhuintir na hÉireann fiú amháin in imeacht deich mbliana,

Fad saoil: an dea-scéal go dtí seo

2008 Ionchas saoil mná: 82 bliain

2018 Ionchas saoil mná: 84.1 (+2.1 bliain)

2008 Ionchas saoil fir: 78 bliain

2018 Ionchas saoil fir: 80.5 (+2.5 bliain)

Agus an dea-scéal amach anseo atá á thuar*

2051 Ionchas saoil mná in 2051: 88.3 (+ 4.2 bliain ó 2018)

2051 Ionchas saoil fir in 2051: 85.6 (+ 5.1 bliain ó 2018)

Ní haon iontas é claonadh na bhfigiúirí sin thuas. Deimhníonn saibhriú tíre feabhas ar shláinte fhormhór an phobail. Tá folláine agus caighdeán an bhia atá á ithe ag ár bhformhór ag dul i bhfeabhas. Thar aon rud eile tá saineolas na ndochtúirí ag feabhsú i gcónaí agus dá bharr sin tá go leor daoine beo ainneoin tinnis a bheith orthu a bheadh ar shlí na fhírinne dá mbeadh an tinneas céanna orthu roimhe seo.

 Tá a fhios ag gach Teachta Dála go maith, mar is eol do gach duine stuama sa tír, go mbeidh an méadú dosheachanta ar chostas pinsin an stáit i gcomhréir leis an ionchas saoil níos faide a léirítear thuas. Faraor, ní hionann fios agus fuascailt faidhbe, go háirithe má tá cáin nó táille bhreise le moladh gan aon bhuntáiste pearsanta le baint ag ár mbunáite as go ceann i bhfad.

 Rinne an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys cur síos ar an dúshlán pinsin nuair a labhair sí sa Dáil Déardaoin. Níl córas pinsin an stáit inbhuanaithe, a dúirt sí, agus í ag tagairt d’athrú mór eile a léiríonn claonadh na bhfigiúirí. Faoi láthair, tá ceithre dhuine go leith (ceadaítear roinnt chorpartha aisteach agus staitisticí á bplé) ag obair sa stát i gcomparáid le gach pinsinéir. In 2050, meastar nach mbeidh ach beirt ag obair i gcomparáid le gach pinsinéir.

 Dúirt Heather Humphreys freisin nach mbeidh rogha bhog ar fáil agus aghaidh á tabhairt ar na beartais a theastaíonn leis an mbearna airgeadais atá romhainn a dhúnadh. Dúirt an Taoiseach an rud céanna ina diaidh

 Bhí a ndúirt an bheirt ag teacht focal ar fhocal beagnach le rabhadh faoi chúrsaí pinsin a thug Séamus Brennan, nach maireann, le linn a thréimhse sa phost céanna rialtais breis agus 15 bliain ó shin. Cén aird a tugadh ar a rabhadh? Ní bheadh an colún seo i gcló anseo dá mbeadh aird tugtha air agus gníomh dá réir déanta ó shin.

 Tá dhá cháipéis ina gcíortar an córas pinsin á bhreithniú ag an rialtas.

Mhol coimisiún pinsin a raibh iarchathaoirleach na gcoimisinéirí ioncaim Josephine Feehily i gceannas air ardú de réir a chéile ar aois an phinsin go dtí 67 in 2031 agus go dtí 68 in 2039.

Mhol coiste uilepháirtí a d’fhoilsigh tuairisc Dé Céadaoin nach n-ardófaí aois an phinsin (66 faoi láthair) in aon chor.

 Gheall Heather Humphreys go dtabharfadh an rialtas freagra iomlán ar mholtaí an choimisiúin roimh dheireadh mhí an Mhárta. Ach i bhfianaise dhrogall na bpolaiteoirí go dtí seo agus an clamhsán a dhúiseodh athruithe dáiríre, ní foláir a bheith amhrasach.

 B’fhéidir go bhfógrófar cinneadh a léireoidh crógacht agus lánmhacántacht. B’fhéidir go ndéarfaidh páirtithe an rialtais le Sinn Féin (a deir gur chóir aois an phinsin a ísliú go dtí 65) nach acmhainn don stát íoc as an gcóras mar atá sé, gan trácht ar chaiteachas breise.

 B’fhéidir go bhfoilseodh Sinn Féin nó an rialtas scéim pinsin inchreidte agus lánmhacánta amach anseo. B’fhéidir go gcuirfidh siad plean faoi bhráid an phobail a léireoidh an méid a bheidh ar dhaoine a íoc chun fóirithint ar dhaoine aosta amach anseo.

 B’fhéidir nach roghanna boga a fhógrófar arís, ach ná cuir geall rómhór air.

* Meastacháin a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh in 2018 (na meastacháin is deireanaí), ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Ní léir fós go bhfuil polaiteoirí toilteanach labhairt go macánta faoi phinsin'

  • Éamon Ó Cuív, TD

    Mar bhall den Chomhchoiste Oireachtais ar Choimirce Shoisialach is féidir liom a dhearbhú gur scrúdaigh muid moltai an Choimisiúin ar Aois an Phinsin go grinn agus go cúramach. Rinne an Coimisiún ceithre rogha le pinsin a choinneáil inmharrthanach don cháin íocóir a chur chun cinn, péire nár bhain le haois a phinsin a chur suas. Roghnaigh muid moladh a trí – aois an phinsin a fhágáil ag 66 (le leasaithe beaga maidir le maoiníu pinsean). Scrúdaigh muid an cheist seo i gcomhtheacs níos leithne ná téarma tagartha an Choimisiúin agus bhí an Comhchoiste sásta, ach na tosaíochta cearta a bheith ag rialtais, go bhfuil ar moltaí in-mharrthanach.
    Creidim go thaispeáin an Comhchoiste macántacht, crógacht agus daonacht sa gcinneadh a rinne muid.
    Dála an scéil tá móramh ag páirtithe an rialtais ar an gCoiste