Ní hionann ‘Keep clear’ agus ‘Coinnigh soiléir’ – comórtas don drochaistriúchán molta

Moladh ag cruinniú i dTithe an Oireachtais go reáchtálfadh oifig an Choimisinéara Teanga comórtas poiblí gach bliain don té a d’aimseodh an t-aistriúchán is measa ar chomhartha poiblí

Ní hionann ‘Keep clear’ agus ‘Coinnigh soiléir’ – comórtas don drochaistriúchán molta

Moladh ag cruinniú i dTeach Laighean inné go mbunófaí comórtas nua don drochaistriúchán ‘is fearr’ ar chomharthaí poiblí.

Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív go bhfuil glactha le fada ag comhlachtaí poiblí leis an ndualgas reachtúil atá orthu comharthaíocht a bheith acu i nGaeilge ach go mbíonn ‘éagsúlacht’ ann ó thaobh chaighdeán na Gaeilge.

Le linn an chruinnithe a bhí ag Coiste Oireachtais na Gaeilge leis an gCoimisinéir Teanga nua, thug Ó Cuív sampla de chomhartha de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ar a raibh ‘Coinnigh soiléir’ air mar aistriúchán ar ‘Keep clear’ nó ‘fan amach’.

Mhol Ó Cuív go reáchtálfadh oifig an Choimisinéara Teanga comórtas poiblí gach bliain agus duais €1,000 a thabhairt don té a gheobhadh an sampla den aistriúchán is measa a cuireadh ar chomhartha nó ar fhógra.

“Ceapaim féin go mbeadh sé thar cionn, go gcuirfeadh sé an Coimisinéir Teanga i mbéal an phobail go mór,” a dúirt Éamon Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

“Ní bheadh aon easpa ábhair ann, faraor,” a dúirt an Coimisinéir Teanga nua, Séamas Ó Concheanainn mar fhreagra ar mholadh Uí Chuív.

Bhí Ó Cuív, Lorraine Clifford-Lee (FF), Aindrias Ó Muineacháin (FF), Aengus Ó Snodaigh (SF) agus Catherine Connolly (NS) i measc na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí a ghuigh gach rath ar Ó Concheanainn ina ról nua ag cruinniú an lae inné.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, áfach, gur cúis “trua agus náire” a bhí ann gur thóg sé chomh fada folúntas an Choimisinéara Teanga a líonadh. Bhí an post folamh ó d’imigh an t-iarChoimisinéir Rónán Ó Domhnaill ón oifig i mí Feabhra go dtí gur ceapadh Séamas Ó Concheanainn go hoifigiúil an tseachtain seo caite.

Le linn an chruinnithe, luaigh an Coimisinéir Teanga an t-ardú atá tagtha ar líon na bhfógraí trí Ghaeilge atá le feiceáil ar na meáin chumarsáide le roinnt míonna anuas ó cuireadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí fógraíocht i nGaeilge a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Ní hionann ‘Keep clear’ agus ‘Coinnigh soiléir’ – comórtas don drochaistriúchán molta'

  • jpmorley0@gmail.com

    Bád farantóireachta idir Cill Íomaí-Tairbeart, Co Chiarraí;
    ‘Bí id othar.’ (Be patient.)

  • Aisling

    Oibrionn bothar ata romhainn.

    Gan síneadh fada le feiceáil.

  • Mícheál Ó Flaithearta

    An drochaistriúchán is measa? Sin an chaoi a bhfuil cúrsaí anois! Abubúna!

  • Eoin Ó Murchú

    Fág an bus trína doirsí láir
    Imigh ón mbus trína doirsí láir