Ní hé seo an chéad uair ag ceardchumainn na múinteoirí a lámh féin a shá sa tine

Is amhlaidh a d’fheabhsódh an leasú ar an Teastas Sóisearach an caidreamh idir scoláirí agus múinteoirí mar gur comhoibriú seachas coimhlint a chothófaí

Bíonn seachtain mhór ag na múinteoirí faoi Cháisc. Bíonn an Dáil ar saoire agus tugann na meáin a n-aghaidh ar chomhdhálacha na múinteoirí agus déantar seó bóthair de na himeachtaí.

Bhí an ASTI chomh cruógach i mbliana ag plé leis an leasú ar an Teastas Sóisearach nach raibh am acu cuireadh an Aire Jan O’Sullivan a phlé agus b’oilbhéasach leo cuireadh cosáin a thabhairt di.

Ní hí an chéad Aire í nach bhfuair cuireadh agus déarfainn go maithfeadh Ruairí Quinn dóibh dá bhfágfaidís sa mbaile é nuair a tosaíodh ag uallfairt air an geábh cheana.

Cosúil le gach comhdháil ceardchumainn eile bíonn rúin go leor ó na brainsí uilig ar fud na tíre ar an gclár oibre agus vótáil le déanamh ag na toscairí orthu sula nglactar leo mar pholasaí an cheardchumainn.

Cuirtear na rúin is mó a bhfuil tacaíocht acu ó bhrainsí éagsúla ar an gclár ar dtús, rud a fhágann gur minic nach sroichtear na rúin ag bun an chláir chor ar bith. Ar ndóigh an póca agus coinníollacha oibre a gheobhas an tosaíocht is mó agus fágann sin moltaí a bhaineann leis an oideachas féin in áit na leithphingine.

Teastaíonn ón Roinn Oideachais an Teastas Sóisearach a leasú sa gcaoi go mbeadh measúnú a dhéanfaidh na múinteoirí ar a gcuid scoláirí féin mar chuid den scrúdú. Níl na ceardchumainn sásta géilleadh ar an measúnú leanúnach seo agus tharraing siad as na cainteanna leis an eadránai Pauric Travers.
Creideann na ceardchumainn go scriosfadh measúnú leanúnach an caidreamh idir múinteoirí agus a gcuid scoláirí agus go scriosfaí an mhuinín atá ag an bpobal as an scrúdú faoi láthair. Ní aontaím leo ar chúpla cúis.

Níl de thábhacht leis an Teastas Sóisearach faoi láthair ach go n-úsáidtear é mar sprioc agus mar bhata le scoláirí a choinneáil ag staidéar agus scileanna foghlaim de ghlanmheabhair a mhúineadh dóibh tar éis saoirse is cothú samhlaíochta na bunscoile, síolteagasc dáiríre.

Sórt printíseacht atá ann do phacáil eolais na hArdteiste le freastal ar phointí an CAO, bíodh suim acu i gcoláistí nó ná bíodh. Is minic go scriosann sé sin an fonn foghlama a bhíonn ar na daltaí sa bhunscoil agus buaileann neamhshuim déagóirí óga atá ag teacht in inmhe. Bíonn carn mór ábhar, suas le trí cinn déag, acu agus gan aon cheangal déanta eatarthu agus an chuimhne an scil is mó a thástáiltear.

Deir na ceardchumainn go mbeadh brú ar mhúinteoirí ardmharcanna a thabhairt dá gcuid scoláirí féin agus ábhar a réiteach dóibh agus go gcuirfeadh tuismitheoirí agus bainistíocht scoileanna brú orthu sin a dhéanamh ar mhaithe le hainm agus stádas na scoile.

Nach uafásach an masla é do dhaoine gairmiúla agus nach é jab na gceardchumann a gcuid ball a chosaint ar aon bhrú míghairmiúil dá leithéid agus an scannal sin a thuairisciú don Roinn? Bíonn an-trua acu freisin do mhúinteoirí a bhíonn ina gcónaí faoin tuath – na scoláirí ina gcomharsana acu. Níor ionsaíodh mise fós ag cuntar na feola faoi mharc a thug mé do scoláire!

Cúis gháire é freisin nuair a fheiceann tú an méid ball dá gceardchumainn féin a thugann ranganna dianteagaisc breise do scoláirí atá in acmhainn íoc astu agus cá bhfuil cothrom na féinne ansin?

An dochar a dhéanfaí don chaidreamh idir an múinteoir agus an dalta an t-údar imní eile atá ag an gceardchumann – an imní go mbeadh fabhar ná claontacht i gceist. Dá dtarlódh a leithéid nach dtroidfeadh na ceardchumainn é ar bhonn gairmiúlachta mar a tharlódh in aon earnáil eile?

Braithimse gur amhlaidh a d’fheabhsódh sé an caidreamh idir scoláirí agus múinteoirí mar gur comhoibriú seachas coimhlint a chothófaí. Bheadh deis ag daltaí leagan orthu féin ó thaobh taighde agus díchill de, rud a thabharfadh dúshlán agus féinmhuinín di/dó, dhá rud nach gcothaíonn an scrúdú mar atá faoi láthair.

An rud is tábhachtaí faoin gcóras nua measúnaithe go dtabharfadh sé deis bhreá don mhórchuid sin againn nach ceamara ná taifeadán ár n-inchinn ach meaisín loighiciúil a oibríonn rudaí amach go stuama ar ár mbealach féin.

Tá an lá thart gur call duit ualach mór fíricí a iompar thart i do chloigeann, fág sin ag d’fhón póca agus an draoi Gúgail ach tá an córas oideachais s’againne fós ag carnú fíricí agus sainmhínithe isteach i gcloigne déagóirí atá in ann na hiontais sin a fheiceáil iad féin ach cnaipe a bhrú.
Anailís, ionramháil, tóraíocht, oibriú agus láimhseáil an eolais chun do leasa féin na scileanna praiticiúla is práinní agus is tairbhí sa lá atá inniu ann agus d’éascódh an measúnú leanúnach an cineál sin cur chuige.

Bua eile atá ag an measúnú leanúnach nach mbeidh an brú ar fad ar an scoláire in dhá uair an chloig in aon lá amháin i mí an Mheithimh. An scoláire bocht atá maraithe le himní is néaróga, an cailín bocht atá lag le crampaí, an scoláire nár chodail aréir de bharr trioblóidí nó tubaiste teaghlaigh – níl an scrúdú deireadh bliana cothrom do cheachtar acu sin agus ní thugann sé pictiúr iomlán dá gcumas.

Ní hé seo an chéad uair ag ceardchumainn a lámh féin a shá sa tine. Cuimhneoidh múinteoirí teangacha ar an gcosc atá acu ar bhéaltriail a chur ar do chuid daltaí ag an Teastas Sóisearach. Tuigeann gach amadán gur chun í a labhairt a mhúintear teanga agus mura mbeidh scrúdú cainte ann gur ag líonadh bearnaí in áit a bheith ag caint sa teanga a bheidh na daltaí.

Buíochas le Dia ní thugann go leor múinteoirí maithe aon aird ar na ceardchumainn sa chás sin agus ritear scrúduithe cainte. Más fíor don Aire é tá slua maith múinteoirí Béarla ag iarraidh clárú don oiliúint ar líne don siollabas nua Béarla, na múinteoirí níos tuisceanaí ná feidhmeannaigh cheardchumainn.

Ar ndóigh íocaíocht a réiteoidh an scéal seo agus cosúil le gach mórphrionsabal dá mbionn againn, tá praghas ann ar a ndíolfaimid é ach caithfear slám jabaireachta a dhéanamh ar dtús. Bogán Cásca a gheobhaidh an tAire ón ASTI.

Fág freagra ar 'Ní hé seo an chéad uair ag ceardchumainn na múinteoirí a lámh féin a shá sa tine'