Ní haon seanstair lá fuascailte Bergen-Belsen 76 bliain ó shin

Seachtó bliain tar éis dheireadh an Dara Cogadh Domhanda tá buíon bheag sealgairí fós ag cuartú na Naitsithe deireanacha

Ní haon seanstair lá fuascailte Bergen-Belsen 76 bliain ó shin

An tseachtain seo déantar comóradh ar ‘Lá an tSaoraithe’ an 15 Aibreán, 1945, an lá ar shaor fórsaí na Breataine campa géibhinn Bergen-Belsen.

Is gearr nach mbeidh éinne fágtha beo a bhfuil cuimhne acu air. Beirt ar m’aithne, Tomi Reichental agus a dheartháir Miki, bhíodar ina ngasúir nuair a saoradh iad as campa an uafáis, Bergen-Belsen. Ach tá cuimhne shoiléir acu ar ar tharla dóibh féin agus dá muintir.

Beidh Miki 90 bliain d’aois i mbliana. 35 ball den teaghlach uilig a cuireadh chun báis, an tseanmháthair san áireamh. Agus mé ag cur beannachtaí chuig Tomi cuimhním go bhfaca mé figiúr le gairid a chuir alltacht orm. As na páistí Giúdacha ar fad a bhí beo ar Mhór-Roinn na hEorpa i 1930, ní raibh ach 2% díobh fós ina mbeatha i 1945.

Tá siad ann a déarfadh go mb’fhéidir go bhfuil sé thar am scaoileadh leis na droch-chuimhní agus go bhfuil sé thar am freisin dul chun cinn a dhéanamh mar ‘Eoraip Aontaithe,’ agus gach duine tuisceanach dá chéile agus dá stair.

Bhí mé ag déanamh mo mhachnaimh air sin le gairid nuair a cuireadh clabhsúr ar an tsraith theilifíse Unforgotten, a raibh ráchairt mhór uirthi. Gheobhaidh mé lá níos faide anonn ar Netflix é.

An bunsmaoineamh atá ann ná go bhfuil daoine ag dul thart, gan imní ar bith orthu, agus iad tar éis dúnmharú fealltach a dhéanamh am éigin sna blianta a caitheadh. Tá siad cinnte nach gcúiseofar go deo iad.

Ní mórán fonn a bhíonn ar na póilíní na cásanna sin a athoscailt. Bíonn an fhianaise gann. Bíonn finnéithe drogallach teacht chun cinn.

Ach bíonn clann i gcónaí i gcroílár an scéil a bhfuil a gcroíthe briste fós. Ní bhfuarthas aon duine ciontach as dúnmharú a n-iníne nó a mic. Ní féidir leo a bheith ar a suaimhneas.

Murach diongbháilteacht agus dúthracht bhaicle beag póilíní in aonad speisialtóirí na ‘gcásanna fuara’ ní thiocfaí ar na coirpigh go brách. Mar is léir ó líon an lucht féachana agus a mhinice is a athchoimisiúnaíodh an tsraith, is ábhar é seo a bhfuil an-suim ag an bpobal ann.

Seachtó bliain tar éis dheireadh an Dara Cogadh Domhanda tá buíon bheag sealgairí fós ag cuartú na Naitsithe deireanacha agus a gcomhbhádóirí, a bhí ciontach as coireanna uafásacha i rith an tréimhse sin.

Bhí an fear atá i gceannas orthu, Efraim

Zuroff, sa scannán Close to Evil le Tomi Reichental ar RTÉ cúpla bliain ó shin.

Ag an am bhí Tomi ag iarradh bualadh le duine de na mná a bhí á ghardáil agus é ina phríosúnach i Bergen-Belsen. Ach dhiúltaigh sí castáil leis. Ba léir sa bhfianaise a thug sí féin don Mhúsaem in Bergen-Belsen nach raibh sí sásta a admháil go raibh aon ní as bealach déanta aici.

Deir Efraim Zuroff, atá ag stiúradh na gcuardach do na ‘Naitsithe Deireanacha’, nár casadh aon duine acu riamh air a léirigh go raibh aon aiféala orthu faoina gcuid coireanna. Le linn a chuid oibre mar shealgaire Naitsithe, chuir sé ainmneacha 3,000 duine ar aghaidh chuig na húdaráis dlí i 20 tír éagsúil.

Ní mar a chéile a chaitheann gach tír leis na cásanna – bíonn cuid acu níos moille ná a chéile ag déileáil leo, agus faigheann coirpigh bás sula gcuirtear ar a dtriail iad.

I 1998, d’aimsigh sé ceannasaí an champa géibhinn Jasenovac, sa Chróit, fear darbh ainm Dinko Šakić. Bhí sé ciontach i gcur chun báis 2,000 duine le linn a thréimhse ansin. Agus cé gur éalaigh sé chun na hAirgintíne, agus gur mhair ann ar feadh 50 bliain, tugadh os comhair cúirte é agus gearradh 20 bliain príosúnachta air.

An tseachtain seo rinneadh comóradh 60 bliain ar an triail a cuireadh ar Adolf Eichmann, fear eile a cheap go raibh sé sábháilte nuair a d’éalaigh sé chun na hAirgintíne.

Ba é triail Eichmann an chéad ‘triail teilifíse’. Roimhe sin, nuair a bhí trialacha cáiliúla na Naitsithe ar siúl i Nuremberg na Gearmáine, ní fhaca an domhan mór iad. Ní raibh sa bhfianaise ach ‘scéal scéil’.

Ach i gcás Eichmann, tugadh daoine a bhí ar an láthair agus a mhair tríd an uafás chuig teach na cúirte agus éisteadh lena bhfianaise. Bhí deis ag daoine iad a fheiceáil agus éisteacht leo ar an teilifís, i 1961. Scaipeadh na téipeanna ar fud an domhain.

Ceaptar go minic gur sa nGearmáin amháin a tharla na coireanna cogaidh sin. Ach bhí na Naitsithe i réim ar fud na hEorpa, nach mór. I gcuid de na tíortha sin, ní éireodh comh maith sin leis an Uileloscadh murach gur chuidigh na daoine áitiúla go fonnmhar leis na Naitsithe.

Deir Efraim Zuroff go bhfuil seisean ag díriú a airde anois ar na tíortha ar an Muir Bhailt. ‘Bhí an céatadán ab airde  íospartach ón Uileloscadh sa Liotuáin,’ a deir sé. ‘As an 220,000 Giúdach a bhí ina gcónaí ansin roimh an gCogadh, maraíodh 212,000 díobh.’

Maíonn sé gur comharsana, cairde, daoine a raibh aithne phearsanta acu ar a chéile, a rinne go leor den mharú faoi scáth an Naitsíochais.

Luann sé an Pholainn, an Liotuáin agus an Laitvia ar na tíortha is mó a dhéanann bréaginsint ar an stair chomh fada agus a bhaineann sé le coireanna den chineál sin. Ballstáit den Chomhaontas Eorpach iad sin ar fad, ar ndóigh.

Maraíodh 1.5 milliún páiste ar fad san Uileloscadh. Roimh an gCogadh bhí aon mhilliún páiste ina gcónaí sa Pholainn – ina dhiaidh, ní raibh sa tír ach 5,000 páiste.

Bhí plean ag Adolf Hitler teacht chomh fada leis an tír seo agus leagadh amach cén líon Giúdach a bhí ina gcónaí anseo faoin bplean sin ag ‘Comhdháil Wannsee.’

Níor éirigh leis teacht chomh fada le hÉirinn, áfach.

Agus muid ag ceapadh gur seanstair ar fad é seo, ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar na ceannlínte go bhfeicfidh muid an ‘fuath feallmharaithe’ fós á chothú ar fud an domhain mhóir agus in áiteacha níos gaire do bhaile.

Fág freagra ar 'Ní haon seanstair lá fuascailte Bergen-Belsen 76 bliain ó shin'