Ní gan dua a bhain mná Cheanada áit amach i measc na náisiún rugbaí is láidre ar domhan

Is in aghaidh Cheanada a bheidh mná na hÉireann an tseachtain seo chugainn sa gcéad chluiche acu i gCorn Rugbaí an Domhain

Ní gan dua a bhain mná Cheanada áit amach i measc na náisiún rugbaí is láidre ar domhan

Seachtain ó inniu a imreoidh mná na hÉireann an cluiche is túisce atá rompu ag Craobh Rugbaí an Domhain, a bheas ar siúl i gcearn go leor de Shasana go dtiocfaidh deireadh na míosa seo chugainn.

16 tír a bheas san iomaíocht. Faoin am a mbeidh imirt na ngrúpaí críochnaithe beidh taisteal déanta ag cailíní na tíre seo a imreoidh in aghaidh na Seapáine agus na Spáinne i Northampton agus in aghaidh na Nua-Shéalainne i Brighton.

Cé gur bhuaigh Ceanada go héasca orthu (26-47) i gcluiche dúshláin cosamar seachtaine ó shin, is in airde ar an gclár fiúntais atá foireann na hÉireann ag dul – iad sa gcúigiú háit faoi láthair. Bhí naoi dtír rompu ar an dréimire le cúpla bliain, dearmad á dhéanamh de réir a chéile ar éachtaí Niamh Briggs, Claire Molloy, Fiona Coghlan agus a gcomrádaithe a bhuail fúthu agus tharstu timpeall deich mbliana ó shin.

Ag an am sin ba ag Éirinn a bhí an ceathrú foireann ab fhearr ar domhan, ach ó 2015 i leith is iad Ceanada. Sasana, An Fhrainc, an Nua-Shéalainn is airde atá bliain i ndiaidh bliana – gan d’athrú ach iad a bheith ag babhtáil tosaíochta eatarthu.

M’fhearacht féin, seans gurb ait leatsa freisin a fheiceáil go bhfuil Ceanada i measc na náisiún is láidre agus nárbh aon ábhar iontais iad a bheith chomh mór sin chun cinn ar na mná s’againne i mBéal Feirste.

Mhúscail a n-aistear chomh fada leis na babhtaí leathcheannais iad nuair a imríodh Craobh an Domhain sa Nua-Shéalainn in 2001 suim an phobail sa gcluiche ina dtír féin agus tá ardú os cionn 50% tagtha ar líon na mban a imríonn an cluiche ó shin.

Tá go leor de mhná Cheanada ag imirt do chlubanna móra Shasana anois – bhí ceathrar as Saracens mar aon le beirt as na Exeter Chiefs agus na Ealing Trailfinders, mar aon le Claire Gallagher as na Leicester Tigers, ar an bhfoireann a d’imir in aghaidh na hÉireann an lá faoi dheireadh.

Dá mba é Jack Charlton a bheadh ina bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann is mór an seans go mba é an geansaí glas a bheadh ar an nGallachórach, ach sin scéal eile.

I gcomparáid leis na fir is airgead suarach a thuilleann mná an rugbaí. Idir €15,000 agus €30,000 a íocann an IRFU agus tharlódh go bhfaigheadh an chuid acu atá ar fhoireann seachtar an taobh suas le €45,000. Thart ar an méid céanna a thuilleann imreoirí ó na tíortha eile a meastar seans a bheith acu Craobh an Domhain a thabhairt leo.

Is mór an cuidiú dóibhsean go bhfuil roinnt mhaith ar na foirne atá acu ceangailte le clubanna gairmiúla Shasana agus na Fraince. Sna tíortha sin amháin, mar aon leis an Nua-Shéalainn, atá fáil ar shraitheanna ban ina bhfuil íocaíocht ag dul d’imreoirí na gclubanna a bhíonn páirteach iontu.

Sin ráite, sí an fhírinne gur beag acu sin fiú atá ag baint slí mhaireachtála as an rugbaí as féin ach amháin sa Nua-Shéalainn, áit a bhfuil imreoirí idirnáisiúnta ag tuilleamh idir €70,000 agus €130,000 in aghaidh na bliana.

Bíonn ar bhunáite a leathbhádóirí sna tíortha eile a bheith taobh le postanna taobh amuigh den spórt le breis a chur lena n-ioncam. Sin an fáth gur ag na ‘Black Ferns’ atá an comórtas buaite cúig uaire as na sé imirt is deireanaí atá déanta air – ba iad mná Shasana amháin a bhain tuisle astu in 2014, tráth ar chríochnaigh mná na hÉireann sa gceathrú háit ar thalamh na Fraince.

Ar Cheanada a bhuaigh Sasana sa mbabhta ceannais sin. Rud nach ionann i gcás na dtíortha eile, is trí na scoileanna agus na hollscoileanna atá an spórt ag teacht chun cinn ansiúd, seachas trí chlubanna.

Cé gur beag an locht atá air sin, ní mór an cuidiú mar chóras é le dul in iomaíocht le tíortha a bhfuil suimeanna nach beag airgid á chaitheamh iontu ar rugbaí na mban. Oiread na fríde den mhéid atá ina gcuid sa sparán acusan a bheadh ag Ceanada.

Le theacht as an tsáinn sin, is é a rinne eagraíocht stiúrtha an chluiche ansiúd ná impí ar mhuintir na tíre fré chéile tacú leo le Craobh an Domhain a bhuachan den chéad uair. Rinne siad an achainí sin ar dhaoine príobháideacha, ar eagraíochtaí agus ar ghnólachtaí, idir bheag, mhór agus mhillteach.

Faoi Fhéile Pádraig seo caite d’fhógair siad go raibh $1 milliún ag teastáil uathu. Nuair a chaith mé súil ar an suíomh idirlín atá acu ar maidin, bhí 90% de sin bailithe cheana féin.

Mura mbeidh an bua ag na mná sin againn féin, ní bheinn ina dhiaidh orthu siúd a bhfuil an duilleog mhailpe ar a mbrollach.

Sa gcás gur ag Éirinn a bheas an bua beidh beirt i ngreim ar chluasa an choirn – comhchaptaein atá ar an bhfoireann.

An tseachtain seo chugainn inseoidh mé díbh mar a chroch duine acu corn Chraobh Mhionúir na hÉireann i bPeil na mBan in airde spéire in 2019 agus mar a d’imir a leathbhádóir ar fhoirne faoi aois agus sinsir na Mí.

Fág freagra ar 'Ní gan dua a bhain mná Cheanada áit amach i measc na náisiún rugbaí is láidre ar domhan'