Ní gá lá airde a thabhairt ar Tommy Hilfiger nuair atá scéalta Hugo Carey as Carna agat

Níl agam ach a bheith ag súil go gcasfaidh duine orm atá sásta cluas a thabhairt do mo chuid olagóin ach ó am go ham tagann leoithne a nochtann spéir dhóchais...

Ní gá lá airde a thabhairt ar Tommy Hilfiger nuair atá scéalta Hugo Carey as Carna agat

Anois agus arís agus mé faoi bhuairt ag cuimhneamh ar an bhfuadar atá faoi dhaoine a bhfuil ina dtimpeall a athrú ó bhonn agus rud ar bith a bhfuil boladh an tseanórtais air a chaitheamh i dtraipisí, cuimhním ar an ógánach a chaith oíche fhada agus a mhéir aige i bpoll an bhalla cosanta san Ísiltír fadó.

Bhain seisean a mhian amach agus shábháil a dtithe agus a maoin siúd a tháinig air le moch maidine agus é fuar fliuch préachta. Chrochadar ar ghuaillí arda é agus mháirseáil tríd an gceantar a bheadh faoi shé troithe uisce murach a chrógacht.

Mise?

Níl agam ach a bheith ag súil go gcasfaidh duine anseo agus ansiúd orm atá sásta cluas a thabhairt do mo chuid pápaireachta agus do mo chuid olagóin. Mo theanga dhúchais a bheith chomh bánaithe sin nach bhfuil fuacht ná faitíos ar Choiste Oireachtais a ordú nach ceadaithe í a labhairt os a gcomhair. Tuin Mheiriceánach ar ghlórtha lucht fógraíochta. Tommy Hilfiger, Marks and Spencer, The Body Shop, agus McDonalds a bheith i Sráid na Siopaí i nGaillimh.

Céad slán leis an lá a mbíodh ‘O’Gorman’, ‘Griffin’, ‘The Marian Café’, ‘Lydons’, ‘Hills’ agus a leithéid scríofa orthu. Fad saoil ag an mbeagán de ‘mhaicíní’ na Gaillimhe atá fanta ann – Tigh Taaffe, Tigh Chóilí, Tigh McCambridge, Tigh Gharbháin, bearbóir Sheantalamh, Tom Nally, Tigh Mháille lena ais agus ‘Tigh Powell’ Árann ar chúinne Shráid na Súdairí.

Cuireann ainm Béarla na sráide sin féin múisiam orm agus ní raibh aon dé ar Tommy Hilfiger, Harvey Norman ná Jeff Bezos nuair a socraíodh gur ‘Abbeygate Street’ a thabharfaí uirthi siúd.

Ceil na súdairí. Cur in airde na boicíní.

Ó am go ham tagann leoithne a nochtann spéir dhóchais. An tseachtain seo ba aniar as Iorras Aithneach a tháinig sin leis an scéala gur seoladh leabhar ina bhfuil stair pheile an cheantair, a théann siar bunáite 100 bliain.

Ón Dumhach go dtí an Plantation an t-ainm atá air – ag eascairt as na dumhcha gainimh atá fairsing san áit agus ainm na páirce peile ar imeall an bhaile bhig ina raibh crainnte curtha nuair a tosaíodh á forbairt. Seán Ó Cuirrín agus Colm Ó Neasa a chuir in eagar.

Níl sé i bhfad cheana ó d’ardaigh an Colm céanna mo chroí go deireadh, é féin agus a athair Coleman. Ardóidh sé do chroí-se freisin ach breathnú ar an mír de chuid Molscéal ina bhfuil cur síos ar an obair atá déanta ag an mbeirt acu lena chinntiú go bhfuil agus go mbeidh fáil ar na hainmneacha atá ar na carraigeacha, na cuaisíní agus na háiteacha atá ina dtimpeall.

Bhí peil á himirt ar dhumhcha Iorras Aithneach fiú roimh aimsir an Ghorta Mhóir. Tá mé ag dul amú nó thagair mé anseo cheana do phíosa atá i mBailiúchán Chumann Béaloideasa Éireann agus a tógadh ó Pháraic Mac an Iomaire (67) as Coillín i gCarna i 1936.

De réir a raibh le rá ag Páraic, ba mhó suim a bhí sa gcoraíocht ag lucht na linne sin ná a bhí acu sa gcaid.

“Sé an chaoi a bheidís ar deireadh, ag fairiú ar a chéile agus cor-caraíocht á fhéachain.

Bhéarfadh beirt fhear ar a chéile – fear ó gach aon taobh, a’ coraíocht agus ar an bpointe a mbéarfadh siad sin ar a chéile, b’fhéidir go mbéarfadh beirt agus beirt eile ar a chéile.

Agus nuair a thosóidís ag caraíocht, sheasfadh an méid eile a bheadh ar a’ dumhach suas ‘a breathnú orthab agus ní bhuailfí aon chic ar an liathróid nó go dtriáilfeadh na fir sin a chéile, go bhfeicfí cé acub fir ab fhearr.

Bheidís ar an mbealach sin nó go mbeidís tuirseach…agus arís b’fhéidir faoi cheann seachtaine, go ndéanfaidís an rud céanna.’

Mar a tharla ar fud na tíre, bhí baint mhór ag an gcléir agus ag múinteoirí scoile le fréamhú Chumann Lúthchleas Gael i gCarna – sa gcás seo an tAth. Michael Godwin a bhí ina shéiplíneach ann idir 1928 agus 1931 agus Dónal Ó Cathaláin, oide sa mbunscoil áitiúil.

Ní raibh ríochan ar bith leis an rath a bhí ar fhoireann Charna agus gan ann ach go rabhadar bunaithe – bhaineadar cluiche ceannais sóisearach na Gaillimhe amach i 1929 agus in imeacht cúpla bliain eile bhí duine dá gcuid peileadóirí ar fhoireann shinsir an chontae a d’imir i gcluichí ceannais na hÉireann i 1933 agus 1934.

B’in é Hugo Carey a tógadh i sráidbhaile Charna agus a mba as Maínis a mháthair agus gach ar bhain léi.

Os cionn 60 bliain dár gcionn bhí Micheál Ó Clochartaigh ar an dara duine as an gcumann a thug Corn Mhig Uidhir ar ais ansiúd.

Tá an leabhar lomlán le scéalta, tuairiscí, pictiúir agus giotaí as nuachtáin agus is maith is fiú é a cheannacht , mura bhfuil an braon féin d’fhuil Iorras Aithneach i do chuisle – tá ionamsa, ba é Hugo Carey m’uncail.

Maith iad muintir Charna agus maith freisin aon dream a dhéanfaidh aithris orthu.

Fág freagra ar 'Ní gá lá airde a thabhairt ar Tommy Hilfiger nuair atá scéalta Hugo Carey as Carna agat'