Ní foláir nóta a chur go dtí an tsíog fiacla a d’fhág fiacailín beag ina diaidh…

Is iomaí rud a theastaíonn chun an saol a chaitheamh is nach bhfuil a fhios ag duine cá gcuirfidh siad iad 

Ní foláir nóta a chur go dtí an tsíog fiacla a d’fhág fiacailín beag ina diaidh…

Ní raibh aon trácht ar shióg na bhfiacla sa teach le fada an lá go dtí an oíche cheana nuair a tugadh faoi deara dearmad beag a déanta aici. Bhí mé ag púitseáil thart i gceann de na boscaí beaga de rudaí fánacha atá breactha timpeall an tí againn. Seans go bhfuil cuid acu agat féin.

Ní hé gur shocraigh muid na boscaí seo a líonadh, ach is mar sin a tharla. An bhfuil do theachsa mar an gcéanna? An bhfuil crúscaí agus boscaí beaga anseo is ansiúd agat ina gcuirtear rudaí beaga fánacha nach bhfuil a fhios agat cá gcuirfidh tú iad? Is iomaí rud a theastaíonn chun an saol a chaitheamh is nach bhfuil a fhios ag duine cá gcuirfidh siad iad.

Is ann a gheofá scriú nó tairne, leicneán, crúiscín Sudocrem, bearrthóir ingne, bioróir peann luaidhe agus meascán de nithe beaga eile. San áireamh i liosta na n-iontaisí bhí clúdach litreach agus fiacailín beag istigh ann a chaill duine de na páistí am éigin i gnáth-imeachtaí an tsaoil.

Ní chuimhním céard a bhí á chuartú agam agus is dóigh nach raibh mé sách cúramach agus an bosca a choinneáil i bhfolach. ‘Mamaí, cén fáth go bhfuil m’ainm scríofa ar an embelope sin?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom. Bhí a fhios agam láithreach céard a bhí i gceist aici agus bhí sé ródheireanach agam aon rud a dhéanamh faoi. Bhí an cat scaoilte as an mála is é ag rince síos an bóthar.

Tharraing sí amach é. Is beag rud ar an saol seo atá níos iontaí ná d’ainm a fheiceáil ar chlúdach litreach agus éadainín beag gealgháireach tarraingthe lena thaobh. Is iondúil go mbíonn rud éigin deas ag teacht i do threo.

‘Thit an fhiacail seo amach inniu,’ a bhí scríofa air. Chuimhnigh mé gur fiacail í a thit amach i rith an lae scoile ar an gclós is gur cuireadh abhaile í i gclúdach litreach agus nóta in éineacht léi.

‘Cén fáth go bhfuil m’fhiacail istigh sa mbosca seo?’ a d’fhiafraigh sí díom agus mearbhall uirthi. ‘Níl a fhios agam!’ a d’fhógair mé, agus bhí an chuid is mó den fhírinne á insint agam.

‘Meas tú,’ a deir sí, agus loinnir ag lasadh ina súile, ‘an ndearna an tSióg dearmad í a bhailiú agus airgead a thabhairt dom?’

Ní raibh a fhios agam an tástáil a bhí ann. An raibh sí ag cur orm beart a dhéanamh de réir mo bhriathair? D’airigh mé mo chroí ag bualadh go tréan. ‘Ní cheapaim é,’ a dúirt mé, ‘seans gur fhág sí an t-airgead ag an am is go raibh an clúdach litreach róthrom aici lena iompar is gur shocraigh sí é a fhágáil anseo duit.’

‘Hmm,’ a deir sí, ‘Ní cheapaim go ndéanfadh sí é sin. Bíonn na fiacla ag teastáil uathu do rud éigin.’

Bhuail fainic mé. Ní raibh aon trácht air seo i Lámhleabhar ar Nithe Draíochta agus Miotaseolaíochta don Tuismitheoir Comhaimseartha a fuair muid ón storc nuair a rugadh na páistí.

‘B’fhéidir gur cheart dom é a leagan amach arís di,’ a dúirt sí go diongbháilte.

‘Ná fág,’ a dúirt mé, ‘déarfainn go bhfuair tú an t-airgead cheana féin.’

Ach bhí an sellotape tarraingthe amach aici cheana féin agus píosa páipéir is í ag scríobh air le crián dearg. ‘Don tSióg, tá súil agam go bhfuil tú go maith. Ceapaim go ndearna mé dearmad an fhiacail seo a thabhairt duit cúpla bliain ó shin. Go raibh míle maith agat.’

Bhí cúrsaí ag rith uaim go tréan. ‘Ní cheapaim go n-oibreoidh sé sin,’ a mhínigh mé.

‘Níl aon dochar é a thriail, Mamaí,’ a deir sí. ‘Meas tú ar cheart dom é a chur faoin bpiliúr nó é a chrochadh ar an doras?’

Fág freagra ar 'Ní foláir nóta a chur go dtí an tsíog fiacla a d’fhág fiacailín beag ina diaidh…'