Ní fiú cliceáil ar an gclicmhealladh seo

Déanann ‘Clickbait’ iarracht fhánach ceisteanna móra a chíoradh go drámatúil

Ní fiú cliceáil ar an gclicmhealladh seo

Deir focloir.ie liom gur ‘clicmhealladh’ an Ghaeilge ar ‘clickbait’ an Bhéarla. Is cuí an cur síos é sin agus ní deirim sin mar go dtugann sé léiriú ar cheann de théamaí an scannáin, rud a thugann, ach mar go bhfuil an teideal agus scéal an scannáin ag iarraidh tú a mhealladh chuig saothar nach bhfuil chomh stóinsithe sin ar fad. Síoda á cur ar ghabhar atá sa tsraith ocht gclár seo.

Ar an gcéad luí súl thaibhseofaí duit go bhfuil an saol ar a dtoil ag an lánúin Nick (Adrian)

Sophie (Betty Gabriel) i Clickbait. Postanna deasa, tigh breá, beirt mhac agus iad sona sásta. Ní mar a shíltear a bhítear. I dtosach an chéad ghála tá cóisir sa teach acu do mháthair Nick agus éiríonn a dheirfiúr Pia (Zoe Kazan) argóinteach, ciotrúnta. Tosaíonn siad ag sárú ar a chéile agus fógraíonn sé ón dtigh í.

An lá dár gcionn agus í ag tindeáil ar othar mar altra taispeánann an t-othar físeán idirlín di ina bhfuil Nick i ngéibheann.  Bíonn fógraí á gcrochadh aige á rá go dtugann sé drochíde do mhná agus gur mharaigh sé duine éigin. Ina dhiaidh sin cuirtear in iúl go marófar é nuair a bheidh 5 mhilliún amharc faighte ar an bhfíseán. Ar dtús meastar gur cur i gcéill atá i gceist ach diaidh ar ndiaidh cuirtear abhaile ar an uile dhuine go bhfuil Nick in umar na haimléise.

Vae linn ansin agus tráchtaireacht á déanamh ar thionchar na teicneolaíochta is an idirlín ar shaol an lae inniu. Na hamhairc ag léimt i dtreo na gcúig mhilliúin go tapaidh, na meáin shóisialta ag rith le brothall agus léaráidí ar scáileán ag taispeáint na dteachtaireachtaí téacs dúinn. Níl aon Ghaeilge ag mo chara focloir.ie ar “doxxing’ go deimhin chaitheas an téarma a ghúgláil mé féin.

 

Mar eolas, is téarma é a dhéanann cur síos ar an nósmhaireacht ghránna sin eolas/sonraí príobháideacha daoine a chur ar líne. Is maith iad mar théamaí ach tá an rud ar fad róshaothraithe rómhinic. De réir mar a bhogann an tsraith ar aghaidh déantar iarracht neafaiseach cíoradh a dhéanamh ar eitic na meán agus iad ag iarraidh breith ar an scéal gáifeach agus an t-agallamh eisiach.

Le hiarracht téagar éigin a chur sna carachtair tá duine díobh i lár an aonaigh i ngach gála, ag tosú amach le Pia, bean chorrach chráite ach í caithiseach. Déantar sinn a theilgean siar go dtí na seachtainí roimh an bhfuadach agus ar ais arís. Cad é uisce fé thalamh, rúin is feall. Amhras orainn faoin uile dhuine a thagann ar scáileán.

Is ciotach mar a dhéantar iarracht an bleachtaire Roshan (Phoenix Raei) a tharraingt isteach i lár an chúraim agus smut de ghaol rómánsúil a chur sa tsiúl idir é féin agus Pia. Dar liom go bhfuil an script liobarnach, seanchaite go maith in áiteanna.

Tarraingíonn Clickbait amhábhar suimiúil chuige féin agus i ndeireadh na dála is cathair mar a tuairisc é. Cliceálann tú air ach níl ann ach truflais.

Fág freagra ar 'Ní fiú cliceáil ar an gclicmhealladh seo'

  • Eoin

    Tá fonn orm breathnú ar an scannán seo tar éis an léirmheas sin a léamh, cuireann sé eipeasóid Black Mirror i gcuimhne dom.

    NB: Tá ‘docsáil’ ar téarma.ie :)