Gan aon tuairim le nochtadh ag TG4 faoi mholadh go gcraolfaí leagan Gaeilge den ‘Toy Show’

Moladh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite go gcraolfaí clár ar mhúnla ‘The Late Late Toy Show’ ar TG4 a chuirfeadh earraí Gaeilge agus Gaelacha chun cinn

Gan aon tuairim le nochtadh ag TG4 faoi mholadh go gcraolfaí leagan Gaeilge den ‘Toy Show’

Níl sé i gceist ag TG4 a rá “bealach amháin nó bealach eile” go fóill cén tuairim atá aige faoi rún a ritheadh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana ag moladh go gcraolfaí ar an stáisiún Gaeilge macasamhail The Toy Show ar RTÉ.

Ba sa Ghaillimh  ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ag deireadh na míosa seo caite a ritheadh an rún go ndéanfadh TG4 a leithéid de chlár.

“Molann an Ard-Fheis seo go gcraolfaí clár speisialta ar TG4, macasamhail den Toy Show ar RTÉ One, roimh an Nollaig a bheadh dírithe ar theaghlaigh Ghaeilge, a d’ardódh próifíl earraí Gaelacha atá ar fáil agus a chuirfeadh siamsaíocht ar fáil do pháistí trí Ghaeilge,” a dúradh sa rún ar glacadh leis.

Dúirt Leas-Cheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, le Tuairisc.ie nach bhféadfadh an stáisiún a rá cé na cláir atá ag teastáil uaidh a fhad is atá an próiseas coimisiúnaithe a fógraíodh ag tús na bliana seo ar siúl.

“Tá babhta oscailte, trédhearcach, coimisiúnaithe ar bun i láthair na huaire agus níl sé i gceist againn aon phlé a dhéanamh faoi chláracha a fhad is atá an próiseas sin ar bun.

“Má tá moltaí ag aon duine faoi aon ábhar beidh fáilte roimh na moltaí sin agus déileálfar leis na hiarratais agus na smaointe uilig a thiocfaidh isteach le linn an phróisis,” a dúirt sé.

D’fhógair Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, córas nua coimisiúnaithe i mí Eanáir a fhágann gur comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin a bheidh ag soláthar beagnach gach uile chlár a chraolfar ar an stáisiún Gaeilge feasta.

Faoin straitéis nua, beidh babhtaí coimisiúnaithe ann i réimsí éagsúla agus beifear ag lorg ábhar ginearálta i seacht réimse – sobalchláir, cláir shiamsaíochta, cláir ealaíon, cláir spóirt, cláir drámaíochta, mórchláir, amhail Gradaim Cheoil TG4, agus cláir aonair.

Caithfear 80% den mhaoiniú atá curtha ar leataobh do choimisiúnú na gclár ar na conarthaí fada “ilbhliana” a bheidh á dtairiscint, conarthaí a mhairfidh ceithre bliana. Is ar na conarthaí do chláir “aonair” a chaithfear an 20% eile.

Tá deis anois ag na comhlachtaí príobháideacha léiriúcháin cur isteach ar an gcomórtas nua-fhógartha agus táthar ag súil go mbronnfar na conarthaí i mí Iúil na bliana seo.

Beidh luach €400,000 sa bhliain ar na conarthaí ilbhliana nua i bhformhór na réimsí clár agus mairfidh na conarthaí ceithre bliana, rud a fhágann gur fiú €1.6m an conradh don chomhlacht a n-éireoidh leis i réimsí na faisnéise, na siamsaíochta, na siamsaíochta do ghasúir agus an cheoil. €3.4 milliún in aghaidh na bliana a bheidh i gceist don chonradh nua do shobalchlár.

Agus tairiscintí á ndéanamh ar na conarthaí ilbhliana, dúirt Esslemont go bhféachfar ar líon na gclár, caighdeán na gclár agus an fócas a bheidh ag na cláir ar an sprioc-lucht féachana.

Is clár bliantúil do ghasúir é The Late Late Toy Show, eagrán speisialta den chlár cainte The Late Late Show, a chraoltar i mbéal na Nollag ar RTÉ One. Tá an t-eagrán speisialta á chraoladh ón mbliain 1975 agus taispeántar na bréagáin is mó a bhfuil súil leo nó ráchairt orthu gach Nollaig.

Fág freagra ar 'Gan aon tuairim le nochtadh ag TG4 faoi mholadh go gcraolfaí leagan Gaeilge den ‘Toy Show’'