Ní fhaca mé aon rud cosúil le ‘Cogadh na Saoirse’ Fíbín cheana

Chuir Fíbín tús dána spleodrach lena dtréimhse sa Taibhdhearc le léiriú amuigh faoin aer, ‘Cogadh na Saoirse’

Ní fhaca mé aon rud cosúil le ‘Cogadh na Saoirse’ Fíbín cheana

Leis an léiriú Cogadh na Saoirse tá tús dána spleodrach curtha ag Fíbín lena dtréimhse chónaitheach trí bliana sa Taibhdhearc.

Tar éis os cionn bliana a chaitheamh ag breathnú ar dhrámaí ar an scáileán ba bhreá an rud é a bheith amuigh faoin aer chun seó beo a fheiceáil. D’éirigh le Fíbín dul i ngleic le srianta na paindéime ar bhealaí cruthaitheacha chun an pobal a thabhairt le chéile go sábháilte don amharclannaíocht bheo.

Tagann an dráma seo sna sála ar an léiriú ‘tiomáin-isteach’ Fiach a chuir Fíbín i láthair amuigh faoin aer ag a gceanncheathrú anuraidh. Is de shiúl na gcos a bhí an lucht féachana ag imeacht ó ardán go hardán ag Cogadh na Saoirse. Siúltar isteach trí chuirtíní dearga go domhan an dráma agus tugtar siar thú go dtí aimsir Chogadh na Saoirse.

Is i gceanncheathrú Fíbín i mBaile na hAbhann a cuireadh an dráma i láthair amuigh faoin aer. Ag scríobh dó sa gclár dúirt Philip Doherty, Stiúrthóir Ealaíne Fíbín gur thráthúil gur i gcroílár na Gaeltachta a cuireadh i láthair an chéad léiriú de chuid Fíbín dá dtréimhse chónaitheach leis an Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.

Tá sé tráthúil chomh maith gur leathmhíle siar an bóthar ón áit a scríobh Johnny Chóil Mhaidhc a dhán cáiliúil ‘An Chéad Dráma’ a cuireadh an léiriú uaillmhianach seo os comhair an phobail agus garraithe, crainnte agus an spéir féin in úsáid mar chuid den amharclann faoin aer. Chuir cliar d’os cionn leathchéad aisteoir, aisteoirí pobail san áireamh, agus banna ceoil beo faoi stiúir Dessie Harrington, an scéal i láthair ar 14 stáitse ar sheit a shín trasna ceithre acra talún. Éacht ann féin ón dearthóir Pete Nelson.

Scríofa agus stiúrtha ag Philip Doherty agus léirithe ag Darach Ó Tuairisg, leanann snáithe an scéil ó fhréamhacha Chogadh na Saoirse i rith an Ghorta Mhóir go síniú an chonartha i Londain idir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Éire i 1921.

Idir an dá eachtra sin tumtar, báitear agus súitear an lucht éisteachta i gceol, radharcanna agus aicsean na haoise.

Snáithe scéil ann féin é an ceol sa dráma agus é stiúrtha go paiteanta ag Julie Feeney. Tarraingíonn sí ar stór ceoil na hÉireann chun saibhreas an chultúir Éireannaigh a tharraingt timpeall ar an insint.

Cloistear an t-amhrán ‘Baba ‘ac Con Rí’ ag tús an turais trí láthair an dráma agus é á chasadh ag Sarah Ghriallais i gcomhar le buíon amhránaithe pobail. Ní fada ina dhiaidh sin nó go gcastar Julie Feeney féin orainn agus í i bpáirt Chaitlín Ní Uallacháin, an tSeanbhean Bhocht, bé an náisiúnachais Éireannaigh, agus í ag imeacht ó amhrán caointe go port béil, agus rithim an cheoil á bualadh amach ar an urlár aici le maide coise.

Gluaiseann an ceol trí lár an scéil go ceann scríbe, an cur agus cúiteamh faoin gconradh síochána agus é curtha i láthair go físiúil ag cóiréagrafaíocht Catherine Young le damhsa comhaimseartha thart ar bhord na díospóireachta.

Léiríonn Feeney eolas céadach ar cheol na hÉireann. Cloistear an caoineadh agus an t-amhrán saothair, an port béil agus an lúibín, an rabhcán mara agus an t-iomann Gaelach, chomh maith le blúiríní blasta eile ó réimse an cheoil thraidisiúnta.

Cuireann aisteoirí na cléire lárnaí, Julie Feeney, Siobhán O’Kelly, Seán T. Ó Meallaigh, Morgan Cooke, Rod Goodall, Seamus Hughes agus Isaac Casey, iliomad páirteanna i láthair go cumasach. Tá mé cinnte nach raibh sé furasta acu ach chuir siad an chuma sin air agus iad ag imeacht ó charachtar go carachtar agus ó stáitse go stáitse agus raidhse daoine éagsúla ó chaon taobh den sconsa i gCogadh na Saoirse á gcur i láthair go fuinniúil acu.

Ní fhaca mé aon rud cosúil le Cogadh na Saoirse cheana. Ná níl a leithéid feicthe ag aon duine eile, déarfainn. Tá crógacht, nuálaíocht agus cruthaitheacht léirithe ann a tharraingíonn ar na huirlisí ar fad atá ar fáil do lucht amharclainne chun dul i bhfeidhm ar na cúig chéadfa, agus an séú ceann freisin.

Taobh amuigh de scéal na hÉireann amháin, spreagann an dráma machnamh maidir leis an amaidí a bhaineann leis an gcogaíocht, meallacacht an fhoréigin agus an bealach nach féidir an cogadh a sheachaint in amanna. Tugtar an lucht féachana ar thuras corraitheach atá ina aoir in amanna, ina cheoldráma, ina dhráma cistine agus ina sheó sráide, agus sin gan ach cuid de na seánraí a dtarraingítear orthu sa léiriú seo a lua.

An toradh ná ceiliúradh ar an gcultúr Éireannach agus cíoradh ar thréimhse chasta inár stair chomónta.

Fág freagra ar 'Ní fhaca mé aon rud cosúil le ‘Cogadh na Saoirse’ Fíbín cheana'