Ní féidir le Sinn Féin talamh slán a dhéanamh de go gcoinneoidh siad a gcuid

Agus toghchán Stormont buailte linn tugann Tuairisc.ie sciuird thart ar na toghcheantair i dTuaisceart Éireann. An babhta seo, Fear Manach/Tír Eoghain Theas, Tír Eoghain Thiar agus Lár Uladh

Ní féidir le Sinn Féin talamh slán a dhéanamh de go gcoinneoidh siad a gcuid

Caithréim do Shinn Féin ab ea é naoi suíochán as 15 sna trí thoghcheantar seo a bhaint in 2017. Bhí cóir na gaoithe leo an uair sin ach tógfaidh sé iomlán a nirt chun iad a choinneáil an tseachtain seo chugainn, sprioc thábhachtach don pháirtí má tá Michelle O’Neill le bheith i dteideal na chéad aireachta.

Fear Manach/Tír Eoghain Theas

Triúr ó Shinn Féin, duine ón DUP, agus duine ón UUP a toghadh anseo cúig bliana ó shin. Bhuaigh Sinn Féin suíochán sa bhreis ar an bpéire a bhí acu le dhá chuóta go leith. An SDLP a bhí thíos leis. Ó 2007 i leith bhí an dá pháirtí ag babhtáil, an tríú suíochán ag Sinn Féin nó teachta amháin ag an SDLP gach re geábh. Chaill an DUP suíochán freisin.

Tá 16 iarrthóir ag seasamh. Orthu sin tá Gemma Dolan, Colm Gildernew agus Áine Murphy atá ag cosaint suíochán Shinn Féin. Tá Debra Erskine a tháinig i gcomharbacht ar Arlene Foster mar theachta Tionóil agus tá Paul Bell ag seasamh don DUP. Tá beirt iarrthóirí ag an UUP freisin, Rosemary Barton a toghadh in 2017 agus Tom Elliott, iarcheannaire agus iarfheisire Parlaiminte.

Tá Adam Gannon san iomaíocht don SDLP agus suíochán luaite mar sprioc ag Colum Eastwood, ceannaire an pháirtí. Tá Alex Elliott sa rás ag an TUV, é dírithe ar vótaí a bhaint den DUP agus an UUP ach éiginnteacht faoi cé chomh tarraingteach is atá an diúltú as éadan don bprótacal i gceantar cois teorann. B’iad an cruatan i ngeall ar an méadú ar an gcostas maireachtála agus easpa foirne agus ganntanas seirbhísí san ospidéal galánta nua-aoiseach in Inis Ceithleann a bhí ag déanamh tinnis do vótóirí.

Bliain agus an t-am seo a tionscnaíodh an cheannairc in aghaidh Arlene Foster mar cheannaire an DUP. Anois ta sí ar a dícheall ag feachtasaíocht do Debra Erskine agus eite Jeffrey Donaldson den pháirtí i mbarr a réime sa toghcheantar seo. Ba cheart go gcoinneoidís suíochán.

Tá teaicticí an UUP á gceistiú. Is as Fear Manach Rosemary Barton agus Tom Elliott agus seans maith go mbainfidh Elliott an suíochán de Barton, an t-aon bhean a bhí sa Tionól ag an UUP. D’fhéadfadh Matthew Beaumont, páirtí na comhghuaillíochta vótaí a shú ón mbeirt acu cé nach gceaptar go mbeidh sé san iomaíocht do shuíochán.

Tá dianstocaireacht ar siúl le haghaidh rogha 2, 3, 4, agus araile mar beidh tábhacht thar na bearta le vótaí aistrithe i bhfianaise a bhfuil d’iarrthóirí ann. Díol suntais é, cuir i gcás, go bhfuil Sinn Féin ag cuimilt meala le páirtithe an láir gach áit le haistrithe a mhealladh. Má bhíonn an SDLP, Sinn Féin agus duine ón DUP fós sa rás don gcúigiú suíochán mar atá á thuar, agus duine ón DUP fós sa rás don gcúigiú suíochán mar atá á thuar, beifear ag faire go géar ar vótaí aistrithe Beaumont, Emma de Souza, neamhspleách; Dhónaill Uí Chofaigh, Lucht Oibre trasphobail, Denise Mullen, Aontú, agus Emmett Kilpatrick, Pobal Seachas Brabús.

Tír Eoghain Thiar

Triúr ó Shinn Féin, duine ón DUP agus duine ón SDLP a toghadh anseo cúig bliana ó shin.

Ní féidir le Sinn Féin talamh slán a dhéanamh de go gcoinneoidh siad na trí shuíochán anseo cé go raibh beagnach trí chuóta acu in 2017. Tá Alliance ar a dhícheall ag iarraidh suíochán a bhaint, bua a bheadh siombalach mar go ligfeadh sé d’Alliance cos a chur faoi taobh thiar den Bhanna den chéad uair.

Ceithre dhuine dhéag atá san iomaíocht, agus Maoilíosa McHugh, Declan McAleer agus Nicola Brogan ag cosaint trí shuíochán Shinn Féin; Daniel McCrossan SDLP agus Tom Buchanan DUP ag cosaint a gcoda siúd. Áirítear go bhfuil beirt ó Shinn Féin, chomh maith le McCrossan agus Buchanan, slán, cé go maíonn Trevor Clarke an TUV go bhfuil vótóirí DUP ag tacú leis.

Is é Stephen Donnelly iomaitheoir Pháirtí na Comhghuaillíochta /Alliance. Mhéadaigh sé vóta a pháirtí ó 3% go 10% san olltoghchán in 2019. Ní féidir, dá réir, beag is fiú a dhéanamh dá iarracht.

Chaill an UUP a suíochán in 2017, ach bhí súil ag an gceannaire, Doug Beattie go mbeadh rath ar a sheift an páirtí a athnuachan i dTír Eoghain Thiar. Is cosúil nach amhlaidh an scéal. Tá sé ina raic, óir tá bunadh an toghcheantair ar buile toisc gur tugadh an t-iar-Sheanadóir Ian Marshall isteach as Ard Mhacha mar iarrthóir. Ceaptar go bhféadfaidh Donnelly buntáiste a bhaint as an míshástacht atá san UUP.

Ta iarrthóirí ag Comhaontas Glas, Pobal seachas Brabús, an Páirtí Sóisialach agus Aontú, agus tá beirt neamhspleách ag seasamh. Ní lia duine ná tuairim faoi cé a bhainfidh an cúigiú suíochán, ach deir mórán gur dóichí gur idir Sinn Féin agus Alliance a bheidh sé.

Lár Uladh

Triúr ó Shinn Féin, duine ón DUP agus duine ón SDLP a toghadh anseo cúig bliana ó shin.

Bhí trí chuóta agus giota le spáráil ag Michelle O’Neill, ceannaire Shinn Féin, in Stormont agus a comhghleacaithe i Lár Uladh, agus airítear gurb é seo an toghcheantar is sábháilte ar fad don pháirtí.

Tá seachtar ban agus seachtar fear san iomaíocht; tá Michelle O’Neill, Linda Dillon agus Emma Sheerin ag cosaint suíocháin Shinn Féin; Patsy Mac an Giolla Eoin an SDLP agus Keith Buchanan DUP ag cosaint a suíochán siúd. Chaill an UUP a shuíochán in 2017 agus ní dhearna siad aon dul chun cinn san olltoghchán in 2019. Ta Alliance agus an TUV ag seasamh ach bhí siad an-lag sa toghcheantar seo go dtí seo. Níl aon athrú á thuar.

Fág freagra ar 'Ní féidir le Sinn Féin talamh slán a dhéanamh de go gcoinneoidh siad a gcuid'