Ní féidir le Sinn Féin a bplean a chur i bhfeidhm má ghlacann siad le polasaí déine an Aontais 

B’fhéidir go bhfuil Sinn Féin ionraic faoi na polasaithe ar mhaith leo a chur chun cinn, ach ní féidir an dá thrá a fhreastal

Ní féidir le Sinn Féin a bplean a chur i bhfeidhm má ghlacann siad le polasaí déine an Aontais 

An bhfuil ceacht ar bith foghlamtha againn ón gcaoi ar thug an tAontas Eorpach faoi ghéarchéim na baincéireachta i dtús an chéid seo? Nó an mbainfear leas as ciste an Covid an uair seo lena chinntiú in athuair gurb iad na daoine is boichte is measa as?

Is bunchloch chreidimh ag an-chuid daoine in Éirinn é gur bóthar chun na bhflaitheas atá san Aontas Eorpach is gur peaca marfach é a cháineadh, beag ná mór. Ach má fhéachann muid go géar ar théarmaí an chiste Covid, is soiléir gur mar a bhí a bheas.

In ainneoin na cainte ag cruinniú na n-airí airgeadais ar ball, áibhéil a bhí sa mhaíomh faoin gciste. Deir an IMF (an Coiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta) nach gcaitear ar an bPacáiste Spreagthach Fioscach ach 3.8% d’olltáirgeacht intíre (GDP) an Aontais Eorpaigh agus é sin lánroghnach. Is  suarach an figiúr é sin i gcomparáid leis an 25% atá sa phacáiste spreagthach sna Stáit Aontaithe.

Tá an bhearna chéanna idir an scéalaíocht is an fhírinne le feiceáil sa chiste tarrthála a ndearnadh an oiread sin cainte is maíte faoi. Tá sé soiléir ar deireadh thiar nach bhfuil sa Chéad Ghlúin Eile ón AE (faoin gClár Téarnaimh agus Teacht Aniar) ach 5% de GDP an AE.

Níos measa fós, roinnfear maoin an chiste thar thréimhse sé bliana: sin 1% sa bhliain idir 2021 is 2024, i gcomparáid le titim 15% san AE ar fad don bhliain 2020.

Agus níos measa arís, tá coinníollacha ag baint leis an airgead seo, go gcaithfear cloí le moltaí an Choimisiúin i leith bhuiséid an mballstát.  Go dtí seo, bhaineadh na moltaí seo  le ciorruithe ar chaiteachas poiblí, go háirithe cúrsaí pinsin, cúram sláinte agus liúntais dífhostaíochta.

Na tíortha is láidre a labhraíonn i gcoinne an phróisis seo ná an Pholainn agus an Ungáir, ach tá siadsan faoi ionsaí cheana féin mar gheall go dtugann siad droim láimhe le prionsabail liobrálacha an Aontais, is ní thabharfar mórán éisteachta dóibhsean.

Fanfaidh an tír seo againne ina tost ar ndóigh.  Is páirtí a chreideann sa nua-liobrálachas é Fine Gael, is tá ceannaireacht Fhianna Fáil gafa leis an bhfealsúnacht chéanna.

Is má tá duine ar bith ann a cheapann go n-athróidh teacht chun cinn na nDaonlathaithe Sóisialta sa Ghearmáin aon rud, is cóir dóibh cuimhneamh go bhfuil Olaf Scholz, an té atá le hainmniú mar Sheansailéir, go diongbháilte ina choimeádaí fioscach, mar a mhínigh an t-iriseoir Wolfgang Muenchau le deireanas.

Agus na fórsaí sin go léir ag teacht chun cinn is dócha go bhfuil tréimhse déine eile i ndán dúinn san Eoraip. 

Tubaiste a bhí sa déine i ndiaidh chliseadh na mbanc, go háirithe don Ghréig, don Iodáil, agus ar ndóigh, d’Éirinn.

Léiríonn suirbhé i ndiaidh suirbhé gur luigh na ciorruithe caiteachais is na harduithe cánacha ar thithe is ar riachtanais shóisialta go mór ar na boicht.

Tá lorg na tubaiste sin fós le tabhairt faoi deara anseo sa mbaile sna deacrachtaí tithíochta agus san easpa infheistíochta atá déanta  sa chóras sláinte. Seo iad na fadhbanna is mó a ghoilleann ar an bpobal.

Cuir leis sin nach bhfuil aon phlean ann le forbairt a chinntiú in iarthar na tíre ná faoin tuath, agus is léir gur stát nach bhfuil oiriúnach dá fheidhm atá againn. 

Is cinnte gurb é sin is cúis leis an méadú ar thacaíocht Shinn Féin is na comharthaí eile a léiríonn go bhfuil amhras ann faoi inbhuanaitheacht  an chórais mar atá.

Ach más dócha go ngéillfidh Fine Gael is Fianna Fáil (agus Páirtí an Lucht Oibre?) do bhabhta nua déine ag an AE, cén seasamh a ghlacfaidh Sinn Féin?

Ní féidir le Sinn Féin a bplean oibre a chur i bhfeidhm agus glacadh le polasaí déine an Aontais ag an am céanna.  Ní féidir ról an stáit a bheith lárnach i riaradh na sochaí in Éirinn agus glacadh le Conradh Maastricht a chuireann dualgas ar gach aon bhallstát tús áite a thabhairt don mhargadh i gcúrsaí eacnamaíochta agus i gcúrsaí sóisialta.

Creidim féin go bhfuil Sinn Féin ionraic faoi na polasaithe ar mhaith leo a chur chun cinn, ach ní féidir an dá thrá a fhreastal. Nó, má cheapann duine ar bith gur féidir, ní mór dóibh a mhíniú cén chaoi!

Ní leor, ní dóigh liom, a rá go ndearna muid dul chun cinn mór eacnamaíochta mar gheall ar an gcúnamh a fuair muid ón AE, nuair atá deireadh leis an saol sin anois.

Ní leor a rá nach dteastaíonn uainn filleadh ar ár spleáchas ar Shasana, ach an oiread.

Tá tíortha eile ann – an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis, mar shampla – a bhfuil baint is caidreamh acu leis an Aontas ach nach bhfuil go hiomlán sáinnithe ag a gcuid rialacha.  Agus níl na tíortha sin spleách ar Shasana ach an oiread.

Ach sin é an rogha atá romhainn: glacadh le déine a oireann don lucht rachmais, nó diúltú dó is a bheith neamhspleách.

Fág freagra ar 'Ní féidir le Sinn Féin a bplean a chur i bhfeidhm má ghlacann siad le polasaí déine an Aontais '

  • Cein

    “sin é an rogha atá romhainn: glacadh le déine a oireann don lucht rachmais, nó diúltú dó is a bheith neamhspleách”

    Nó, oibrímid chun an AE a athrú chun na maitheasa ón taobh istigh.

    Dar le Yanis Varoufakis is é sin an tríú rogha atá againn agus an rogha is fearr.

    Tá gluaiseacht ar bun aige darb ainm Diem25, a bhfuil sé mar aidhm acu daonlathas an AE a mhéadú ón mbun aníos.

    Cad a cheapann sibh faoi?