Ní fearr rud a dhéanfá ná cnuasach mór filíochta i nGaeilge a thriail ar dtús…

Sa mhír nua seo moltar leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

Ní fearr rud a dhéanfá ná cnuasach mór filíochta i nGaeilge a thriail ar dtús…

Anuraidh, d’fhoilsigh Coiscéim leabhair filíochta le triúr déag filí éagsúla. Bhí aithne agus cáil ar chuid acu sin cheana, abair, Seosamh Ó Murchú, Seán Ó Leocháin, Derry O’Sullivan, Mícheál Ó hAodha, Ceaití Ní Bheildiúin, ach ba mhó fós iad na saothair le filí eile gan iomrá.

An méid seo gan trácht ar ar tháinig amach ó fhoilsitheoirí eile ná ar an raidhse aistriúchán a bhfuilimid ag dul i gcleachtadh orthu. Fágann seo gur deacair don léirmheastóir, gan trácht ar an ngnáthléitheoir, breith ar a bhfuil ar siúl ní áirím scagadh a dhéanamh orthu ná idir eatarthu.

Agus tá deacracht eile ann.

Ar nós na cócaireachta is blasta, is fearr an fhilíocht a léamh go mall. Go deimhin, dá mhoille a léitear í is ea is mó an tuiscint a bhainfear aisti. Dúshlán an méid sin i laethanta seo intinn an dreoilín teaspaigh. Ní féidir iad a alpadh siar in aon slogadh amháin ar eagla go rachadh i bhfostú sa scornach, nó sa sceadamán féin.

Agus fairis sin arís, is mó is rogha phearsanta an fhilíocht ná na healaíona focal eile ar chúis nach dtuigim go rómhaith, ach dhealródh gur mar sin atá.

Chuige sin, in áit dul sa tseans agus tumadh i gcuilithe na leabhar, ní fearr rud a dhéanfá ná cnuasach mór a thógáil amach nó anuas agus do bhlas féin a thriail ar tús.

Is fairsing le fáil iad cnuasaigh ghinearálta nua-fhilíochta ag dul siar tamall, ar a laghad deich gcinn, de réir is cén áit a thosnaíonn tú. Is é Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession (Bloodaxe £15) a chuir Louis de Paor in eagar an tiomsú is déanaí, agus an ceann is cuimsithí maidir le nótaí is le trealamh léirmhínithe de.

Cúigear is fiche filí ar fad de chuid an 20ú haois atá ann, agus tá de bhuntáiste aige go leagann sé rogha leathan dánta i gcás na bhfilí is tábhachtaí faoinár mbráid.

Fiche dán agus leathchéad leathanach, mar shampla, atá tugtha do Nuala Ní Dhomhnaill, agus níl aon duine de na mórfhilí nach bhfaigheann a cheart.

Leabhar dhátheangach é ar son go dtiocfadh na leaganacha Béarla áiseach dóibh siúd ar bheagán Gaeilge fara ar son daoine ar mhaith leo eolas éigin a chur ar a bhfuil ar siúl san éigse againn féin.

Ní fhágann an t-ollchnuasach seo go bhfuil cinn eile as feidhm, leithéid Duanaire an Chéid (CIC €15) a thiomsaigh Gearóid Denvir, nó Fearann Pinn (Coiscéim) a bhailigh Gréagóir Ó Dúill.

Cuimsíonn gach ceann díobh an 20ú haois, ach is de shuimiúlacht ar fad ar fad ar fad nach ionann rogha ná cur chuige na n-eagarthóirí oilte íogaire! Is ea, ní hionann blas pearsanta go blas pearsanta na filíochta.

Rud eile de: ní theagmhaíonn na saothair sin leis an aois seo ina mairimid a bhfuil an cúigiú cuid di caite cheana. Tá mórán filí tagtha ar an bhfód ó shin, ach scéal eile é sin.

Fág freagra ar 'Ní fearr rud a dhéanfá ná cnuasach mór filíochta i nGaeilge a thriail ar dtús…'