Tá Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, ag maíomh le blianta anuas gurb ionann cumas núicléach na hIaráine agus bagairt eiseach don tír agus go ndéanfadh sé gach rud chun deireadh a chur leis an gcumas sin.
Thar na blianta, rinne na hIosraelaigh iarrachtaí arís agus arís eile chun cur isteach ar chumas núicléach na hIaráine. D’fheallmharaigh siad roinnt saineolaithe agus rinne siad cibirionsaithe ar áiseanna san Iaráin.
Ach ní raibh siad in ann feachtas iomlán a sheoladh. Ní raibh Netanyahu in ann an beart a dhéanamh de réir a bhriathair toisc nach raibh an cumas míleata ag na hIosraelaigh agus ní raibh na cúinsí cuí ann, dar leo, chun an gealltanas a chur i gcrích.
Go dtí 2022, ní raibh sé ar a gcumas ionsaí díreach a dhéanamh ar an Iaráin toisc go mbeadh orthu brath ar na Meiriceánaigh chun a gcuid scairdtrodairí a athbhreoslú san aer. Ach sa bhliain chéanna d’fhógair siad go raibh uasghrádú déanta ar roinnt scairdtrodairí agus nár ghá dóibh iad a athbhreoslú chun an Iaráin a bhaint amach. Bhí an cumas míleata acu anois chun feachtas a sheoladh.
Ach bhí orthu fanacht ar feadh trí bliana eile sular ndearna siad an measúnú go raibh na coinníollacha cuí ann chun an cinneadh a dhéanamh. Dé hAoine seo caite rinne siad an cinneadh agus sheol siad feachtas ionsaithe chun áiseanna agus cumas núicléach na hIaráine a scriosadh.
Réamhullmhúcháin
D’éirigh leis na hIosraelaigh cuid de na cúinsí a bhí de dhíth a chruthú dóibh féin tar éis ionsaí Hamas ar an tír in 2023. D’éirigh leo cumas Hamas ionsaithe diúracán ar scála mór a dhéanamh ar Iosrael a mhilleadh.
Cuireadh leis na cúinsí sin nuair a rinne siad scrios ar struchtúr ceannasaíochta Hezbollah, rud a chiallaigh go mbeadh drogall orthusan díoltas a bhaint amach thar ceann na nIaránach dá ndéanfaí ionsaí ar an Iaráin.
Anuas air sin lagaíodh cumas na Houthi in Éimin nuair a rinne na hIosraelaigh, na Stáit Aontaithe agus tíortha eile ionsaithe ar shuíomhanna lainseála diúracán.
Tar éis don Iaráin ionsaithe drón agus diúracán balaistíochta a dhéanamh ar Iosrael anuraidh d’éirigh leis na hIosraelaigh cuid mhaith de chóras aerchosanta na hIaráine a chur as feidhm.
De réir a chéile cruthaíodh an deis d’Iosrael an Iaráin a ionsaí de bharr na n-imeachtaí sin go léir.
Nuair a díbríodh Assad as an tSiria, cuireadh as an áireamh chomh maith go mbeadh an Iaráin in ann an tír sin a úsáid mar bhunáit chun ionsaithe díoltais a sheoladh.
An Cinneadh
Cé go raibh an rialtas nua sna Stáit Aontaithe thar a bheith báúil leis na hIosraelaigh, bhí an baol ann freisin go ndéanfadh an tUachtarán nua rud éigin neamhghnách a chuirfeadh brú orthu gan feachtas a sheoladh.
Ní raibh siad sásta nuair a thosaigh na Meiriceánaigh ag plé le Hamas chun cuid de na gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor. Cuireadh iontas orthu freisin nuair a rinne na Meiriceánaigh socrú leis na Houthi go gairid tar éis dóibh ionsaithe ón aer a sheoladh orthu.
De réir dealraimh cuireadh fearg orthu nuair a thosaigh na Meiriceánaigh ag plé leis an Iaráin maidir le socrú núicléach a d’fhéadfadh a bheith ann.
B’fhéidir gurbh iad na cainteanna seo an rud a spreag iad leis an deis a thapú agus an Iaráin a ionsaí go luath ar eagla go ndéanfadh na Stáit Aontaithe margadh, ach is dócha ná a mhalairt go raibh siad chun an Iaráin a ionsaí beag beann ar an gcomhairle a fuair siad ó na Meiriceánaigh.
Ach ba í an tuarascáil ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) an rud a thug an leithscéal dóibh a mhaíomh don domhan mór go raibh ábhar úráiniam saibhrithe ag na hIaránaigh chun roinnt buamaí núicléacha a chur le chéile laistigh de bhliain nó bliain go leith. De réir na tuarascála sin, bhí an Iaráin tar éis an conradh in aghaidh iomadú núicléach a shárú toisc gur chuir siad tús lena n-iarrachtaí úráiniam a shaibhriú.
Cé go raibh na hIosraelaigh ag maíomh go raibh na hIaránaigh gar do bhuamaí núicléacha a bheith acu, ní raibh tíortha eile den tuairim chéanna. Fiú níos luaithe sa bhliain, d’eisigh na Meiriceánaigh measúnú nach raibh an cinneadh polaitíochta déanta ag an Iaráin buama núicléach a fhorbairt. Ach mar gheall ar an tuarascáil ón IAEA bhí an leithscéal anois ag na hIosraelaigh le feachtas a sheoladh.
Ionsaithe agus Freagraí
De réir na chéad tuairiscí ón Iaráin tá na hIosraelaigh tar éis roinnt áiseanna núicléacha, go háirithe iad siúd os cionn talún, a mhilleadh ach níl mórán eolais go fóill ar cad a tharla do na háiseanna faoi thalamh.
De réir mar a tharla ina bhfeachtas i gcoinne Hezbollah, tá na hIosraelaigh tar éis oifigigh shinsearacha de chuid arm na hIaráine agus saineolaithe núicléacha a fheallmharú.
Ní hamháin go bhfuil siad dírithe ar áiseanna agus saineolaithe núicléacha tá ionsaithe á ndéanamh acu ar áiseanna diúracán balaistíochta chomh maith ionas nach mbeidh na hIaránaigh in ann ionsaithe éifeachtacha díoltais a sheoladh.
Ach thug na hIaránaigh freagra. Ar dtús sheol siad dróin agus ansin scaoil siad diúracáin bhalaistíocha leis an tír. Amhail mar a tharla anuraidh nuair a rinne siad ionsaithe ar Iosrael i mí Aibreáin agus mí Dheireadh Fómhair, theip ar na dróin an tír a bhaint amach ach d’éirigh le cuid de na diúracáin briseadh trí chosaintí na nIosraelach.
Beidh cinneadh le déanamh ag na hIaránaigh go luath: an leanfaidh siad ar aghaidh ag ídiú líon na ndiúracán atá fágtha acu sa tsúil is go mbeidh siad in ann targaidí tábhachtacha a aimsiú in Iosrael? Nó an rachaidh siad sa seans agus ionsaithe a dhéanamh ar chuid den fiche suíomh atá ag Meiriceá sa réigiún agus an baol ann go dtarraingeofar na Meiriceánaigh níos faide isteach san fheachtas. Tá an chuma air go luath san fheachtas go bhfuil siad gafa idir dhá thine Bhealtaine.
Meastar go bhfuil smacht iomlán san aer bainte amach ag na hIosraelaigh os cionn cuid den Iaráin agus go mbeidh siad in ann na háiseanna núicléacha os cionn talún a ionsaí gan mórán dua. Toisc go bhfuil roinnt áiseanna núicléacha sa tír, gan trácht ar na mianaigh úráiniam, mairfidh an feachtas seo ar feadh tamaill. Ach is deacair a mheas an mbeidh siad in ann na háiseanna faoi thalamh a scriosadh go hiomlán.
Is é an t-aon rud atá soiléir ag an bpointe seo san fheachtas ná nach n-éireoidh leo gach saineolaí núicléach san Iaráin a fheallmharú agus nuair a shocróidh cúrsaí ar deireadh thiar beidh cumas núicléach de shaghas éigin fágtha san Iaráin.
Seán Mac an Rí
Alt eile ar an suíomh seo a thugann neamhaird ar an bpríomhchúis go bhfuil imní chomh mór sin ar Iosraelaigh faoi chumas núicléach na hIaráine – mar tá sé ráite ag an réimeas cléireach atá i réim san Iaráin arís agus arís eile go bhfuil sé i gceist acu Iosrael a chur de dhroim an tsaoil!
Bíonn an chléir Iaránach ag scaipeadh fuath frith-Sheimíteach, ag déanamh ionsaithe ar Iosrael trí leithéidí Hezbolladh agus Hamas, agus ag moladh go ndéanfaí Iosrael a dhíbirt ó chlár na cruinne – sin gan trácht ar na céadta diúracán atá seolta acu i dtreo Iosrael le tamall anuas. Murach córas cosanta Iosrael (an Iron Dome) bheadh na mílte sibhialtach Iosraelach maraithe agus damáiste i bhfad níos measa déanta don tír. Ach an té a bheadh ag léamh alt Mháirtín thuas agus gan eolas aige ar an ábhar, ba dheacair dó a thuiscint cén fáth go bhfuil Iosrael ag déanamh ionsaí ar an Iaráin in aon chor!
Is bagairt eiseach é an réimeas mullánna do stát Iosrael, agus go deimhin tá sé amhlaidh ó bhí an réabhlóid Ioslamach ann in 1979. Dá bhforbrófaí Tehran airm núicléacha, ní thiocfadh ach méadú ar scála na bagartha sin. Sin an fáth go dtacaíonn formhór mhuintir Iosrael leis an ionsaí seo ar an Iaráin, beag beann ar an tuairim atá acu ar Netanyahu.