Ní den chéad uair tá scríbhneoirí á marú san Úcráin agus an tost i réim

An chinniúint chéanna atá i ndán do scríbhneoirí san Úcráin inniu is a bhí i ndán do scríbhneoirí eile rompu a rinne iarracht an tost a bhriseadh

Ní den chéad uair tá scríbhneoirí á marú san Úcráin agus an tost i réim

Victoria Amelia. Pic: Nastya Telikova

‘Rinne mé a raibh ar mo chumas a dhéanamh. Is scríbhneoir mé. An fhírinne a scríobh – sin an tslí is fearr atá agam chun gairdín Hanna a chosaint, seans. Ní raibh ar mo chumas éinne a chosaint ó airtléire na Rúiseach agus mar sin rinne mé mo dhícheall troid i gcoinne a gcuid bréag.’

B’in a scríobh an t-úrscéalaí as an Úcráin Victoria Amelina. Bhí sí ag scríobh faoi Hanna, Úcránach 82 bliain d’aois ón Donbas a raibh gaol aici léi.

D’éirigh le Victoria agus a muintir Hanna a thabhairt slán go dtí iarthar na hÚcráine in am chun éalú ón ionradh. Ach bhí Hanna ag iarraidh filleadh abhaile agus bhí sí buartha mar go ndúirt na comharsana léi go raibh tanc Rúiseach ina gairdín. Dá mhéad d’iarracht a rinne Victoria a chur in a luí uirthi nach bhféadfadh sí filleadh abhaile mar gheall ar an tanc sa ghairdín agus an poll a d’fhág sliogáin Rúiseacha sa díon agus na trinsí sa pháirc agus na mianaigh talún is ea is mó a dúirt Hanna go gcaithfeadh sí dul abhaile. ‘Táim ag dul abhaile,’ ar sí in Úcráinis. ‘Dar ndóigh tá,’ arsa an mac is sine aici ar ais léi i Rúisis, ag iarraidh í a shuaimhniú.

Scríobh Victoria: ‘Níor labhair sé (an mac) Úcráinis ó d’fhág sé an teach chun dul ag staidéar i bpríomhchathair Phoblacht Sóivéadach na hÚcráine. Is i Rúisis a labhair páistí Hanna ar fad. Rud coitianta a bhí ann an Úcráinis a thréigean ar mhaithe leis an Rúisis, ‘teanga aontacht na náisiún’ mar a thug na Sóivéadaigh air.

‘Níor fhill páistí Hanna ar a dteanga dhúchais riamh fiú nuair a bhain an Úcráin neamhspleáchas amach. Ba bhealach a bhí sa díchuimhne chun teacht slán agus rath a bheith ort san Aontas Sóivéadach; is minic gur éirigh rómhaith leis.

‘Ach cúpla uair, tar éis steall cognac ar mhaithe le misneach, chuala mé duine de mhic Hanna ag labhairt gan choinne in Úcráinis líofa. Cheapfadh duine go raibh gá aige leis an gcognac chun é a mhisniú – amhail is go raibh an régime fós ag cur ealaíontóirí agus scoláirí chun báis.’

Ag tús na 1930dí bhí saothar le 259 scríbhneoir Úcránach á fhoilsiú san Aontas Sóivéadach. Ag deireadh na 1930idí 36 scríbhneoir a bhí i gceist. Cad a tharla don 80% eile? Lámhachadh seachtar déag, chuir ochtar lámh ina mbás fhéin, fuair seachtar bás nádúrtha, bhí 175 i gcampaí géibheann agus bhí seisear déag ‘ar iarraidh’. Duine acu siúd a díothaíodh, an file Yevhen Pluzhnyk, níor cháin sé an régime go hoscailte fiú – ní raibh ann ach gur scríobh sé arís agus arís eile faoin tost, ag baint úsáid arís agus arís eile as nathanna ar nós ‘bí i do thost’. Ba leor sin le go dtabharfadh an régime ‘sceimhlitheoir’ air. Tost a lean díothú Pluzhnyk agus glúin iomlán d’aos dána na hÚcráine. Tost na ndánta agus na n-úrscéalta nár scríobhadh, tost na ndrámaí nár stáitsíodh agus an ceol nár cumadh.

Sna 1960idí rinne glúin óg ealaíontóirí agus scríbhneoirí iarracht an tost a bhriseadh ach an chinniúint chéanna a bhí i ndán do na céadta acu: cosc foilsitheoireachta nó géibheann nó bás. Duine acu sin ab ea Vasyl Stus a chaith a óige in Donetsk, cathair a mhaíonn an Rúis a bheith ina cathair Rúiseach. Cuireadh i ngéibheann é arís agus arís eile i gcampaí Sóivéadacha, gan cead aige a bhean céile agus a mhac óg a fheiceáil. Is sna campaí a scríobh sé Litreacha don Mhac ina labhraíonn sé lena mhac faoi conas a bheith cróga agus uasal, ceachtanna nach féidir leis a mhúineadh dó os a chomhair amach. Níor foilsíodh na litreacha go dtí go raibh an Úcráin neamhspleách agus faoin am sin bhí Stus marbh. Bhí amhras faoina shiocair bháis i gcampa géibhinn Sóivéadach i 1985.

Sa lá atá inniu ann, tá scríbhneoirí Úcránacha á marú arís. Ar an 22 Márta 2022 ghabh na Rúisigh an scríbhneoir do pháistí Volodymyr Vakulenko agus a mhac uathach ceithre bliana déag d’aois ina sráidbhaile in Kharkiv. Scaoil siad saor iad tar éis cúpla uair an chloig ach thuig Vakulenko go raibh an bás ag bagairt air. Bhí sé tar éis muintir an tsráidbhaile a spreagadh chun Úcráinis a labhairt le linn na forghabhála. Chuir sé a dhialann faoi thalamh ina ghairdín agus ní dúirt sé ach lena athair agus lena uncail cá raibh sé. An chéad lá eile tháinig na saighdiúirí ar ais agus an uair seo níor fhill Vakulenko ar an mbaile. Tar éis don Úcráin an réigiún a athghabháil aimsíodh a chorp in olluaigh in Izyum.

Volodymyr Vakulenko. Pic: Roman Biletskyi

I mí Mheán Fómhair tháinig Victoria Amelina a fhad le teach mhuintir Vakulenko. Úrséalaí í ach faoin am sin bhí sí éirithe as a cuid úrscéalta agus í ag taisteal ar fud na tíre ag bailiú fianaise faoi choireanna cogaidh na Rúise agus ag obair ar leabhar faoin gcogadh trí shúile na mban. D’éirigh léi féin agus athair Vakulenko an dialann a aimsiú sa gcré sa ghairdín agus an saothar tábhachtach seo a chur i mbéal an phobail san Úcráin agus thar sáile.

Ba léir ón dialann gur thuig Vakulenko an baol ina raibh sé ó thús an ionraidh: ‘Agus mé sáinnithe i gcró an namhad, táim go mór i mbaol mar gheall ar mo dhearcadh tírghrách ar son na hÚcráine, ach níl aon rogha agam. Tá páiste agam a bhfuil braistint speisialta aige faoi gach rud thart timpeall air, páiste a stop aon chumarsáid leis an domhan lasmuigh ag tús mhí Márta. I ndeireadh na dála, thuig mé go gcuirfeadh na pléascáin seo isteach ar a shícé uathach.’

Tar éis tharrtháil na dialainne d’fhill Victoria ar a cuid oibre ag bailiú fianaise faoi choireanna cogaidh, go háirithe ó mhná na hÚcráine. Dé Céadaoin seo caite, an 28 Meitheamh, bhí sí i in Kramatorsk in oirthear na hÚcráine in éineacht le toscaireacht scríbhneoirí ón gColóim nuair a bhuail diúracáin de chuid na Rúise an pizzeria ina raibh siad. Bhí cúpla ceithre bliana déag d’aois, Yulia agus Anna Aksenchenko, i measc na marbh. D’éag Victoria de bharr a gortuithe trí lá níos déanaí. Rinne sí a raibh ar a cumas a dhéanamh ach ní raibh ar a cumas í féin a chosaint ó airtléire na Rúise. Fágann sí a mac 10 mbliana d’aois ina diaidh. Bhí sí 37 bliain d’aois.

Ní chríochnófar riamh a leabhar faoin gcogadh trí shúile na mban.

Tost an leabhair neamhchríochnaithe, tost an dáin neamhscríofa, tost an scríbhneora atá díothaithe.

Tost.

Fág freagra ar 'Ní den chéad uair tá scríbhneoirí á marú san Úcráin agus an tost i réim'