Ní comhartha dóchais é roimh shéasúr na dtinte cnámh go bhfuil dílseoirí ag díriú ar eastát comhroinnte

Léiríonn iompar dílseoirí áirithe go bhfuil doicheall orthu roimh cheantair nach mbeadh smacht ar bith acu air

Ní comhartha dóchais é roimh shéasúr na dtinte cnámh go bhfuil dílseoirí ag díriú ar eastát comhroinnte

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Bratacha agus tinte cnámh. Comharthaí sóirt an tsamhraidh. Cé nach mbeadh ag súil leis na bratacha a bhaineann le himeachtaí spóirt an tséasúir? Agus nach mór an spraoi a bhíonn ag daoine sna ceantair ina mbíonn tine chnámh Oíche Fhéile Sheáin sa Mheitheamh.

I mBéal Feirste tá pailléid adhmaid á gcarnadh le míonna i gceantair Dhílseacha le haghaidh na dtinte cnámh oíche an 11 Iúil. Cuid de cheiliúradh mór na nOráisteach ar an dara la déag is ea na tinte. Tá na bratacha dílseacha á gcrochadh ar shráideanna agus tithe freisin.

Tá go maith, arsa tusa. Cén locht atá air sin? Locht dá laghad ’fhad is nach gcuireann na tinte éinne i gcontúirt agus nach gcrochtar na bratacha in áiteanna ina gcothaíonn siad faitíos agus teannas.

Ta cuimhne mhaith ag daoine ar an réabadh a bhíodh coitianta sa samhradh faoi pharáidí conspóideacha. Chuir poblachtánaithe agus náisiúnaithe cos i dtaca in aghaidh mháirseálacha oráisteacha in áiteanna ar nós Ard Eoghain i dtuaisceart Bhéal Feirste, Bóthar Ormeau i ndeisceart na cathrach agus Bóthar Gharbh Achaidh i bPort an Dúnáin. Bhí an t-ord oráisteach chomh diongbháilte céanna go raibh sé de cheart acusan a dhul ar a mbealach ‘traidisiúnta’ fiú nuair a bhí ceantair athraithe go hiomlán.

Thóg sé blianta d’achrannan ach rinneadh comhréiteach, más go drogallach féin é.

Ní hionann an scéal le bratacha. Scannal ab ea é anuraidh gur crochadh bratacha an UVF in eastát tithíochta comhroinnte in oirdheisceart Bhéal Feirste, Clós Cantrell agus Corrán Global. Cothaíodh oiread scéine gurbh éigean do theaghlaigh Chaitliceacha a dtithe a fhágáil. Imeaglú ab ea é. Údar díomá sa bhreis ab ea é gur tharla sé in eastát speisialta –ceann a bunaíodh mar chuid de scéim Stormont chun sochaí chomhroinnte a bhunú.

Tá bratacha crochta san eastát arís i mbliana. Ní hiad comharthaí na bparaimíleatach iad an geábh seo ach is cinnte gur imeaglú iad. Tá pictiúir orthu d’uafáis an IRA. Ina measc, tá íomhánna ó bhuamáil na Seanchille i 1993 inar maraíodh naonúr agus duine den lucht buamála ón IRA, loisceadh La Mon, buamáil Dhomhnach na bPoipíní in Inis Ceithleann, sléacht Kingmills inar maraíodh deichniúr i 1976 agus ionsaithe buamála Aoine na Fola. Níl aon cheist ach gur ionsaithe barbartha ab ea iad sin inar maraíodh na scórtha, ach cén bhaint atá acu le heastát tithíochta comhroinnte?

Tá crochadh na mbratach cáinte go géar ag Alan McBride ar maraíodh a bhean Sharon agus a hathair John Frizzell i mbuamáil na Seanchille. Bhí mí-úsáid á baint as íospartaigh, dar le McBride. Bhí sé míshásta freisin gur léiriú aontaobhach a bhí ann.

Cá raibh na tagairtí do Ghlas-stiall, ar sé – an t-ionsaí lámhaigh a rinne an UDA i gContae Dhoire seachtain i ndiaidh uafás na Seanchille. Níl tagairt ar aon bhratach d’ionsaithe an UVF, an UDA ná an RHC, na paraimíleataigh dhílseacha.

Chosain Jamie Bryson urlabhraí do ghrúpa dílseach in oirthear Bhéal Feirste an cleas. Bhí sé riachtanach chun aird a tharraingt ar an leatrom atá á déanamh ar dhílseoirí i dtaca le hoidhreacht na dTrioblóidí, ar sé. Urlabhraí (féincheaptha?) is ea Bryson a bhfuil aithne ag an bpobal air ó aimsir na léirsithe faoi bhratach an Aontais ag Halla na Cathrach.

Is léir go bhfuil col ag lucht crochta na mbratach leis an eastát comhroinnte; díríonn siad air go sonrach. Ceann de na coinníollacha a bhaineann le cónaí san eastát sin nach gcuirfí in airde suaitheantais ná comharthaí sóirt dílseoirí ná poblachtánaithe. Léiríonn iompar na ndílseach sa gcomharsanacht go bhfuil doicheall orthu roimh cheantar nach mbeadh smacht ar bith acu air. Níor iarr siad barúlacha na n-áitritheoirí agus ní dheachaigh siad i gcomhairle leis an gcomhlacht bainistíochta.

Le gairid d’fhógair Jamie Bryson ón ngrúpa ‘Fiontar Phobal Oirthear Bhéal Feirste’ go raibh prótacal aontaithe acu faoi chrochadh bratach sa samhradh. Bheadh teorainn ama i gceist – ó Mheitheamh go tús Dheireadh Fómhair. Cé leis a aontaíodh é sin? Sin ceist. Eatarthu féin is cosúil. Maítear go bhfuil baint mhór ag an UVF leis an bhfiontar áirithe seo.

Beidh le feiceáil an maolóidh sé an teannas. Ní tuar dóchais é go bhfuiltear ag díriú ar an eastát comhroinnte seo don dara bliain as a chéile. Tá aighnis ag fiuchadh freisin faoi thinte cnámh – go bunúsach faoi mhéid agus láithreacha na dtinte a rinne damáiste do thithe agus d’árasáin anuraidh agus an bhliain roimhe sin.

Agus tá meitheal oibre trasphobail in Stormont le blianta ag iarraidh a theacht ar réiteach faoi na ceisteanna ‘cultúir’ seo a bhíonn ina gcnámh spairne gach samhradh. Cheal gnímh, is cosúil go leanfaidh aighnis thraidisiúnta shéasúr na máirseála. Táthar ag súil gur briatharchathanna amháin a tharlóidh.

Fág freagra ar 'Ní comhartha dóchais é roimh shéasúr na dtinte cnámh go bhfuil dílseoirí ag díriú ar eastát comhroinnte'

  • MacAnRí

    Duine déistineach é Jamie Bryson I dtólamh ag suaitheadh an dúfhuath idir an phobal….ní dóigh liom go bhfuil aon chun chinn sa tuaisceart go dtí gur dtiocfar an Tionól ar ais..leoga b’fhéidir ní ag an t-am siúd fosta. Gruama

  • Carraig53@protonmail.com

    Is ró-ghairid éirim an tsaoil seo chun maireachtáil in áit ifreannda den sórt sin. Ní fhéadfainn é a sheasamh. Ní bheadh sé go maith don anam ná don gcorp. Iad ar fad a chaitheamh isteach sa tine sea a dhéanfainn.