‘Ní cluiche fichille atá á imirt’ – Roy Keane

Chuaigh Tuairisc.ie chun cainte le Roy Keane inniu roimh theacht na bPolannach go hÉirinn an Domhnach beag seo

Roy Keane 25/3/2015
©INPHO/Cathal Noonan

Bhí Roy Keane i mbarr a mhaitheasa inniu san Aviva roimh chuairt na Polainne ar an Domhnach. Nuair a ceistíodh é faoi Wes Hoolahan – a shiúil go bacach den pháirc traenála inniu – chuir Keane i gcuimhne dóibh siúd a bhí i láthair gur spórt teagmhála a bhí á imirt.

“Nuair a bhíonn cluichí agat, bíonn iomaíocht ann do na háiteanna ar an gcéad fhoireann, agus gheobhaidh imreoirí buillí ag traenáil. Ní ficheall atá á himirt,” a dúirt Keane.

“Is cluiche crua é agus tá Wes tar éis an-chuid a léiriú do Martin agus mé féin ó ghlacamar seilbh ar an bhfoireann. Tá súil agam go mbeidh ról imeartha aige.

“Tá fhios ag imreoirí go bhfuil áiteanna ar fáil agus is fúthu atá sé an deis a thapú le linn an chúpla lá seo. Má thosaíonn Wes, táim cinnte nach ligfidh sé síos sinn. Níor lig sé síos go fóill sinn.”

Is cinnte nach cluiche fichille atá á imirt ag Keane agus Martin O’Neill. Agus iad ar comhphointí leis an nGearmáin agus Albain sa dara háit sa grúpa, is cinnte go bhfuil brú ar Keane agus ar fhoireann bhainistíochta O’Neill. Cé go bhfuil siad ar comhphointí leis an dá fhoireann thuas, tá siad taobh thiar díobh de bharr na dtorthaí a bhí eatarthu.

Ag freagairt áitimh ó Tuairisc.ie gur bua seachas comhscór a theastaigh anois, dúirt Keane go “mbeadh bua go deas”.

“Gan amhras, tar éis an díomá a bhain leis an gcailliúint i gcoinne na hAlban, ní féidir leat an iomarca cluichí a chríochnú ar comhscór.

“Uaireanta bíonn comhscór ann a mbíonn fiúntas ag baint leis agus uaireanta eile bíonn a leithéid de rud is droch-chomhscór ann. Ba chomhscór maith an ceann i gcoinne na Gearmáine, ach an meon atá againne faoi na cluichí sa bhaile ná go dteastaíonn uainn an bua a fháil.”

Ní nach ionadh, mar sin, bua agus bua amháin a theastaíonn ó Keane.

“I ndiaidh an chluiche, ag brath ar cad a tharlódh, b’fhéidir go ndéarfaimis nach drochthoradh a bheadh i gcomhscór. Ach inár n-aigne istigh, táimid meáite ar an mbua a fháil, chun greim daingean na gcos a choimeád sa ghrúpa seo. An méid a thit amach i gcoinne na hAlban, ní theastaíonn uainn go mbeadh costas ró-ard le díol as. Caithfidh gach éinne againn, idir lucht bainistíochta, imreoirí agus lucht tacaíochta a bheith dírithe ar iarracht a dhéanamh bua a fháil.”

Ní hé go bhfuil éirithe linn i mbabhtaí cáilithe roimhe seo. Theip orainn i gcuid de na cluichí sin de thoradh an iomarca comhscóranna a bheith againn i gcoinne foirne nach raibh thar mholadh beirte. An uair dheireanach go raibh Éire in aon ghrúpa leis an bPolainn, bhí dhá chluiche comhscóir eadrainn, 0-0 i mbóthar Lansdún agus 3-3 i Poznan. Theip ar an dá fhoireann cáiliú do Euro’92 dá mbarr.

Bhí comhscór arís ann ceithre bliana níos déanaí i gcoinne Liechtenstein agus Tuaisceart na hÉireann roimh Euro ’96. Roimh an mbabhta cáilithe do Euro 2000, de bharr comhscóir i gcoinne Macedonia, theip ar Éirinn an chéad áit sa ghrúpa a bhaint amach.

Comhscór a chuir go tóin poill sin i gcoinne na hAlbáine (0-0) agus na Rúise (1-1) roimh Euro 2004. Is ar éigean go ndéanfar dearmad ar an gcailliúint 5-2 i gcoinne na Cipire le linn réimeas Steve Staunton, ach ní ceart dearmad a dhéanamha ach an oiread ar na comhscóranna i gcoinne na Cipire (1-1), na Slóvaice (2-2) agus na Breataine Bige (2-2).

Bíonn laigí ag gach foireann agus tá a chuid obair bhaile déanta ag Keane.

“Ba mhaith leat a shamhlú le foireann ar bith, go bhfuil laigí iontu gur féidir teacht i dtír orthu. Is furasta a bheith ag caint faoi ná an beart a dhéanamh. Caithfidh tú na himreoirí agus an fhoireann a ullmhú i gceart.

“Tá cinntí crua le déanamh ach caithfear iad a dhéanamh. Beidh orainn bheith os cionn ár mbuille chun an toradh atá uainn a fháil ar an Domhnach. Ní féidir éalú uaidh sin.”

Fág freagra ar '‘Ní cluiche fichille atá á imirt’ – Roy Keane'