Tá a fhios agaibhse a bhfuil aithne agaibh orm gur deacair an chaint a bhaint díom. Fós níor fágadh focal agam maidin Dé Luain seo caite nuair a d’oscail mé an Irish Independent.
Bhí sé ansiúd ar phár i gcolún Éamonn Sweeney.
“We’ll never beat the English. Not anymore. Forget big wins against big teams. Ours is the slog through the middle ranks, the battle to stay ahead of Albania, Georgia and North Macedonia, while trying to leapfrog the likes of Slovenia, Scotland and Norway.”
Go hiondúil ní bhainfeadh a leithéid de ráiteas feanc asam. Tá mé fada go leor ar bóthar anois go bhfuilim oilte go maith ar mhaolú a dhéanamh ar cheannlínte nuachtáin. Faraor, níorbh ionann cás an babhta seo.
Bhí iomlán an chirt ag an Suibhneach agus b’in a bhain siar asam. Ní chuirfeadh salann ná cogaint aon athrú ar an scéal. Ní raibh ann ach é a shlogadh amh agus faoi dheifir. Díreach mar a d’íosfadh an té nach mbeadh aon tóir ar uibheacha stéig tartare – déistean dhúbailte, má thuigeann tú leat mé.
Go fiú nach é an sacar is ansa liom, chuaigh an fhírinne a bhain lena raibh léite agam go smior ionam. Ní mba liom féin a bhí mé, déarfainn.
Níl sa meath atá tagtha ar fhoireann sacair ár dtíre ach cuid fhánach den scéal. Rud é a théann go smior ionainn. Mura mbeadh ann ach ‘tiddlywinks’ faigheann an tÉireannach a dhá oiread sásaimh as an mbua a fháil ar a gcomharsain ná ar aon tír eile ar dhroim na cruinne.
Is beag baint ach oiread atá ag an spórt a bhfuil tú tugtha dó leis. Bhainfí an gheit chéanna as an té nach bhfaca cluiche rugair ariamh ina shaol ach a fheiceáil scríofa nach mbuafadh Éire ar Shasana arís go deo sa gcluiche sin. Baintear sásamh faoi leith as bua ina gcoinne siúd sa gComórtas Euraifíse, ní áirím an haca ná go deimhin an cruicéad, rud atá déanta faoi dhó againn le cúpla bliain, dála an scéil.
Níl tír ar domhan nach bhfuil ‘Sciúradh na Sasanach’ go hard ard ar an liosta acu. Abair leo nach mbuafaidh saoránach dá gcuid Wimbledon go deo, ceachtar de na Mórchomórtais sa nGalf, Craobh Trom-mheáchain an Domhain nó an Tour de France agus b’fhéidir go dtiocfadh straidhn orthu.
Ach abair leo nach mbuailfidh siad foireann Shasana arís choíche ar pháirc na himeartha agus beidh fios le cur ar an dochtúir.
Tionchar an airgid ar an gcluiche ag an leibhéal is airde is cúis le mo chuid patuaire faoi shacar an lae inniu, ach ní fhágann sin dall mé ar an gcaoi a bhfuil lucht leanta an chluiche anseo in ísle brí i láthair na huaire. Le fírinne tá mé féin amhlaidh.
Faraor ní cosúil mórán feabhais a bheith i ndán dúinn. Faoi mar a mhínigh Éamonn Sweeney agus na scríbhneoirí sacair eile Dé Luain, is beag de pheileadóirí na hÉireann atá anois ag imirt le clubanna ag an leibhéal is airde. Ní raibh sin níos soiléire le fada ná a bhí ar an bpáirc i Wembley nuair a bhuaigh Sasana 5-0 orthu an tseachtain seo caite.
Cúigear den fhoireann a bhí istigh ó thús ar son na tíre seo atá ag imirt sna Príomhranna. Tá Liam Scales roghnaithe ag Celtic i ndeich gcluiche in Albain, an méid céanna ag Nathan Collins le Brentford agus Nathan Collins istigh ó thús na himeartha ag Brighton. Uair faoina bhun sin a d’imir Caoimhín Kelleher do Liverpool, ocht gcluiche tosaithe ag Dara O’Shea le Ipswich agus ceann amháin ag Evan Ferguson le Brighton – tháinig sé isteach mar ionadaí cúig uaire.
Tá na himreoirí ar fad a bhí ar fhoireann Shasana an oíche faoi dheireadh ag imirt do chlubanna atá sa gcoimhlint ag an leibhéal is airde. B’amhlaidh a bhí nuair a bhuaigh siad 2-0 i mBleá Cliath agus go fiú agus gur thugadar scíth don bheirt a rinne an scóráil an oíche sin – Declan Rice agus Jack Grealish, bhí na himreoirí a roghnaíodh ina n-áit ag imirt i La Liga.
Mheasfá óna ainm gurbh í an léine uaine ba chóir a bheith ar Conor Gallagher (Athletico Madrid), pérbí faoi Trent Alexander Arnold (Real Madrid), ach ní hamhlaidh atá.
Ní ag an tírín s’againn féin amháin atá údar lagmhisnigh de bharr imirt an deireadh seachtaine seo caite i Sraithchomórtais UEFA do na Náisiúin. Caith súil ar chluichí eile a imríodh. An Phortaingéil 5; An Pholainn 1; An Ghearmáin 7; An Bhoisnia & An Heirseagaivéin; An Iorua 5; An Chasacstáin 0; An Ísiltír 4; An Ungáir 0.
Gallóglaigh iad formhór na n-imreoirí ón bPortaingéil a thug an greadadh sin don Pholainn. Níl ag imirt ina dtír féin ach an báireoir Diego Costa agus an cosantóir António Silva. Le Manchester City, Manchester United agus Chelsea atá cúigear eile díobh siúd a chuaigh chun páirce, beirt le PSG, duine le AC Milan agus ar ndóigh Ronaldó ag imirt anois san Araib Shádach.
Beag beann ar an tír ina bhfuileadar ag saothrú a gcoda, níl cur síos ar an mbuntáiste atá ag foireann a bhfuil peileadóir acu atá in ann cúil a scóráil.
Tá sin déanta níos minicí i Sraith seo na hEorpa ag Erling Haaland atá ag aon imreoir eile. Ba é a fuair trí cinn acu siúd a thug an bua don Iorua. Tá sé suntasach go mba é an cúl báire Egil Servik an t-aon duine a bhí ar an bpáirc acu siúd a dhéanann a chuid imeartha sa tír inar rugadh é. Scaipthe ar Shraitheanna na Gearmáine, na hIodáile, na Fraince agus na Státaí atá an chuid eile seachas an t-imreoir lár páirce Sander Berge atá ag imirt i bPríomhroinn Shasana – eisean le Fulham.
Ní fada gur ag tarraingt an phinsin a bheidh siad siúd a bhfuil ‘Italia ‘90’ fós beo ina gcuimhne. B’in a thug an deis agus an leithscéal don tír fré chéile a dhul i mbun ragairne. Nach brónach an rud é mura bhfaighidh na glúnta atá le theacht deis aithrise.
Fós, ní hiad lucht an phléaráca an díol trua sa gcás seo, ach iad siúd sa tír a bhfuil a gcroíthe i gcluiche an tsacair fré chéile – imreoirí, lucht tacaíochta, teagascóirí, ógánaigh agus an chuid eile acu.
Fág freagra ar 'Ní chuirfidh salann ná cogaint aon athrú ar an scéal – ní bhuafaimid go deo arís ar na Sasanigh'