Ní chuirfidh Brexit as don ‘limistéar saorghluaiseachta’ in Éirinn -May

Tá 'caidreamh speisialta' ag an mBreatain le hÉirinn ag dul i bhfad siar agus ní thiocfadh aon athrú ar an gcaidreamh sin, a deir Príomh-Aire na Breataine, Theresa May

Tá ráite ag Príomh-Aire na Breataine Theresa May go dtiocfar ar réiteach maidir le Brexit a chinnteoidh go mbeidh “limistéar saorghluaiseachta” ann i gcónaí in Éirinn, thuaidh agus theas.

Tá “caidreamh speisialta” ag an mBreatain le hÉirinn ag dul i bhfad siar agus ní thiocfadh aon athrú ar an gcaidreamh sin. Ní bheifí ag filleadh ar “sheanteorainneacha”, a dúirt May.

Ina mór-óráid faoi Brexit inniu, dúirt Príomh-Aire na Breataine go bhfuil sí ag iarraidh go mbeadh an Bhreatain níos aontaithe, níos cothroime agus níos láidre de thoradh Brexit.

Ní céim ar gcúl a bhí i reifreann Brexit ná diúltú do luachanna an Aontais Eorpaigh, ach léiriú ar mheon ‘idirnáisiúnta’ na Breataine, a dúirt sí.

“We seek a new and equal partnership – between an independent, self-governing, Global Britain and our friends and allies in the EU,” a dúirt sí.

Thug sí le fios go mbeadh deis ag feisirí parlaiminte agus ag ionadaithe Theach na dTiarnaí vóta a chaitheamh faoin socrú a dhéanfaí maidir le Brexit.

Dúirt sí go gcaithfí smacht a choinneáil ar líon na n-inimirceach a thagann chun na Breataine.

Fág freagra ar 'Ní chuirfidh Brexit as don ‘limistéar saorghluaiseachta’ in Éirinn -May'