Ní fios cathain a cheapfar ceannaire nua ar RnaG agus athbhreithniú le déanamh ar chóras bainistíochta an stáisiúin

Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta Raidió RTÉ, Jim Jennings, go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar na hacmhainní bainistíochta atá ag an stáisiún Gaeltachta i ndiaidh d’Edel Ní Chuireáin a fhógairt go bhfuil sí ag éirí as

Ní fios cathain a cheapfar ceannaire nua ar RnaG agus athbhreithniú le déanamh ar chóras bainistíochta an stáisiúin

Ní fhógrófar post an cheannaire in RTÉ Raidió na Gaeltachta go dtí go ndéanfar athbhreithniú ar chóras bainistíochta an stáisiúin.

D’fhógair Edel Ní Chuireáin inné go raibh sí ag éirí as an cúram na ceannaireachta agus ag filleadh ar a contae dúchais mar Bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt, i stiúideo na nDoirí Beaga i nGaoth Dobhair.

Is é an leascheannaire Gearóid Mac Donncha a bheidh ag feidhmiú mar cheannaire eatramhach go dtí go gceapfar ceannaire nua ar an stáisiún. Is í Ní Chuireáin féin a bheidh ag feidhmiú mar leas-cheannaire idir an dá linn.

I meamram a scaip sé ar bhaill foirne inné, dúirt Stiúrthóir Bainistíochta Raidió RTÉ, Jim Jennings, go bhfuil grúpa le cur le chéile ag Bord an Raidió in RTÉ le hathbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní bainistíochta atá ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Thug urlabhraí de chuid an stáisiúin le fios do Tuairisc.ie aréir nach raibh sé i gceist ag an stáisiún an folúntas nua a fhógairt go dtí go gcuirfear an próiseas sin i gcrích.

Tuigtear do Tuairisc.ie go ndéanfar athbhreithniú, i measc rudaí eile, ar phost an leascheannaire sa stáisiúin, féachaint ar chóir post bainistíochta eile a chur ina áit a mbeadh cúraimí sonracha eile ag baint leis a bheadh ag teacht le riachtanais an stáisiúin.

próiseas comhairliúcháin ar bun i RTÉ Raidió na Gaeltachta le roinnt míonna anuas agus an comhlacht comhairleoireachta idirnáisiúnta Grid International fostaithe ag an stáisiún chun tuairimí a bhailiú ó bhaill foirne faoi cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an tseirbhís faoi láthair agus faoina bhfuil i ndán di.

Ag labhairt dó ar Nuacht a hAon inné, dúirt Gearóid Mac Donncha, a bheidh ag feidhmiú mar cheannaire gníomhach ar an stáisiún, go gcaithfí “an cheist a chur an bhfuil an struchtúr bainistíochta atá againne [ag RnaG] ag feidhmiú chomh maith agus a d’fhéadfadh sé a bheith”.

Ní fios go fóill cén fhad a mhairfidh an t-athbhreithniú ar an struchtúr bainistíochta.

“Nuair a bheas freagra ar an gceist sin againn beimid in ann mapa a leagan amach. An struchtúr atá againn faoi láthair, tá sé againn ó 2002 ach tá an saol, tá cúrsaí craoltóireachta, tá go leor athraithe idir an dá linn. Mar sin ní dhéanfaidh dochar ar bith breathnú ar an struchtúr atá againn faoi láthair.

“Tá grúpa oibre curtha le chéile agus éisteoidh an grúpa sin leis an bhfoireann, le bainisteoirí agus e daoine eile nach iad a bhfuil suim acu sa gcás áirithe seo agus bunaithe air sin ar fad leagfaidh an grúpa sin sraith moltaí amach. Beidh an scála am i bhfad níos soiléire nuair a bheas an grúpa sin ainmnithe agus nuair a bheas plean leagtha amach faoin obair atá i gceist acu sin,” a dúirt Gearóid Mac Donncha.

Bhí Ní Chuireáin ina ceannaire ar RnaG ó 2006 agus is í an t-aon bhean ar leagadh an cúram sin uirthi go dtí seo. Dúirt sí gur “pribhléid mhór” di a bheith ina ceannaire ar an tseirbhís le 11 bliain anuas.

“Bhain mé fíorshásamh as an obair, cé go raibh tréimhsí dúshlánacha ann cinnte.  Ba onóir faoi leith a bhí ann dom a bheith i mo Cheannaire do chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca anuraidh, agus do cheiliúradh 40 bliain an Raidió sa bhliain 2012.  Tá mé ag súil anois le filleadh abhaile agus tabhairt faoi dhúshláin úra,” a dúirt sí.

Chaith Edel Ní Chuireáin, arb as Gort an Choirce ó dhúchas í, deich mbliana mar Bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt cheana sular ceapadh ina leascheannaire ar an stáisiún í in 2004.

Rachaidh sí i mbun dualgais sna Doirí Beaga ar an 10 Aibreán. 

Fág freagra ar 'Ní fios cathain a cheapfar ceannaire nua ar RnaG agus athbhreithniú le déanamh ar chóras bainistíochta an stáisiúin'