Ní chaitheann daoine ach 70% den éadach atá acu agus ní maith sin

Tá léargas soiléir ar an gcur amú bhíonn i gceist i gcúrsaí teicstíle agus éadaigh i dtuarascáil nua

Ní chaitheann daoine ach 70% den éadach atá acu agus ní maith sin

D’fhoghlaim mé trí rud nua le gairid faoi chúrsaí faisin agus faoin dearcadh atá againn ar cheannach agus ar chaitheamh éadaigh.

Tháinig méadú 40% ar an méid éadaí a ceannaíodh in aghaidh an duine san Aontas Eorpach idir 1996 agus 2012. Níor chaith daoine ach 70% den éadach atá acu le bliain anuas ar a laghad – fágadh an 30% eile gan caitheamh. Agus tá plean ag an Rialtas tobhach nó cáin ar leith a ghearradh ar tháirgí faisin ‘sciobtha’ nó ‘mearfhaisean’ le dul i ngleic leis an méid éadaigh a dhumpáiltear gach bliain.

Ní in iris ghleoite ó dhomhan an fhaisin ar nós Vogue nó Cosmopolitan a léigh mé an méid seo ach i dtuarascáil nuafhoilsithe Ghaeilge ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

Ba cheart dom a admháil ar an bpointe nach tuarascálacha den chineál seo a bhíonn mar ábhar léitheoireachta cois leapa agam de ghnáth ach tá eolas an-suimiúil sa Phlean Gníomhaíochta agus sa Pholasaí Náisiúnta Dramhaíola 2020 – 2025 atá díreach foilsithe don tréimhse.

Is ann a d’fhoghlaim mé go bhfuil beagnach a thrí oiread de shnáithíní teicstíle á n-úsáid ar fud an domhain anois thar mar a bhí sa bhliain 1975 agus gur ag dul i laghad seachas i méid atá praghas éadaí le deich mbliana anuas. Dá réir sin, tá i bhfad níos mó éadaí á gceannach ag daoine ó tharla iad a bheith curtha ar fáil go sciobtha i stíleanna nua agus ar phraghas íseal, ‘mearfhaisean’, mar a thugann tuarascáil nua na Roinne Comhshaoil air.

I loisceoirí nó i láithreáin líonta talún a chríochnaíonn cuid mhaith den éadach céanna.

Tá na figiúirí suntasach go maith. Dumpáladh mar “dhramhaíl mheasctha tí” 11kg as an 26kg éadaigh a bhí ag gach saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2017.

Déantar níos lú ná 1% de na teicstílí ar fud an domhain a athchúrsáil chun teicstílí nua a dhéanamh astu.

Tá suas le 4,000 ionad bailithe éadaí tráchtála agus thart ar 450 siopa carthanachta ag feidhmiú ar fud na tíre seo. Láimhseálann siad thart ar 23,000 tonna teicstílí gach bliain agus cé go ndíoltar 12,000 tonna den méid iomlán sin mar bhaill éadaigh le hathúsáid, díoltar an 11,000 tonna eile le hathchúrsálaithe teicstíle tráchtála.

Is cosúil go bhfuil an tAontas Eorpach ag ullmhú treoir nua faoi chúrsaí teicstíle a fhoilseofar sa bhliain 2021 ach, idir an dá linn,  tá na céimeanna atá le tógáil againn féin sa tír seo leagtha amach sa phlean gníomhaíochta agus sa pholasaí nua atá foilsithe ag Roinn an Aire Eamon Ryan.

I measc na gcéimeanna sin beidh cosc ar theicstílí a chur sa bhosca bruscair ginearálta, i líonadh talún nó in ionad loiscthe. Beifear ag obair le dearthóirí faisin agus miondíoltóirí Éireannacha le héadach a tháirgeadh ar bhealach nach ndéanfaidh an oiread sin dochair d’éiceolaíocht na tíre. Beidh feachtais feasachta ann le daoine a chur ar an eolas faoin toradh diúltach a bhíonn ar mhearfhaisean agus beidh tobhach nó cáin ar leith le gearradh ar na táirgí sin.

Ní bhaineann ach trí leathanach as an 90 leathanach ar fad atá sa tuarascáil le cúrsaí teicstíle agus éadaigh ach, fiú má bhíonn beagán de chostas breise orainn agus má cheannaíonn muid níos lú éadaigh dá thoradh seo, tá go leor a déarfadh gur tús maith é.

Fág freagra ar 'Ní chaitheann daoine ach 70% den éadach atá acu agus ní maith sin'